Páipéar; Grianghraif / Paper; Photographs

Elements area

Taxonomy

Code

Scope note(s)

    Source note(s)

      Display note(s)

        Hierarchical terms

        Páipéar; Grianghraif / Paper; Photographs

          Equivalent terms

          Páipéar; Grianghraif / Paper; Photographs

            Associated terms

            Páipéar; Grianghraif / Paper; Photographs

              75 Archival description results for Páipéar; Grianghraif / Paper; Photographs

              75 results directly related Exclude narrower terms
              Coistí
              UGA G/G60/3 · Series · 1915-2004
              Part of Gaeilge

              Baineann an tsraith seo le hobair coistí agus fochoistí éagsúla Chonradh na Gaeilge a n-áirítear leis sin an Coiste Gnó; an Coiste Airgeadais [ar tugadh an Buanchoiste air chomh maith]; Coiste na bPáistí; Coiste na Féile; an Coiste Um Bhailiú Airgid; an Fochoiste Oideachais; an Fochoiste Gaeltachta; an Fochoiste Oiliúna agus na Fochoistí Craolacháin agus Meán. Miontuairiscí agus comhfhreagras is mó atá inti.

              Clárúchán Cairr
              UGA G/G60/29/13 · File · [10/1986]-[11/1999]
              Part of Gaeilge

              Is éard atá sa chomhad seo ábhar a bhaineann le córas clárúcháin cairr a bhí beartaithe lena n-áirítear agóid Chonradh na Gaeilge i leith Béarla éigeantach ar uimhirphlátaí nua agus a dtacaíocht do Chiarán Ó Feinneadha, Baile Átha Cliath a rinne a chuid uimhirphlátaí féin agus a dhiúltaigh na cinn oifigiúla a úsáid.

              Ceolchoirmeacha 3
              UGA G/G60/16/3/3 · File · [199-]
              Part of Gaeilge

              Baineann ábhar sa chomhad seo leis an nGig Gaelach (1990idí?) agus tá póstaeir agus grianghraif i ndubh agus bán de Kila, Éamann Galldubh, Blathnaid Ní Chofaigh agus eile.

              Ceolchoirmeacha
              UGA G/G60/16/3 · Sub-series · 1902-1997
              Part of Gaeilge

              Baineann ábhar san fhoshraith seo le ceolchoirmeacha éagsúla de chuid Chonradh na Gaeilge, lena n-áirítear cláir, gearrthóga, grianghraif agus póstaeir agus tá sé in ord croineolaíoch.

              Ceol agus Spórt
              UGA G/G60/7/8/7 · File · [1900]-[1979]
              Part of Gaeilge

              Rogha grianghraf a bhaineann le ceol agus spórt lena n-áirítear roinnt grianghraf neamhaitheanta d’fhoirne camógaíochta agus iománaíochta (luath sa 20ú haois?), agus b’fhéidir de Bhanna Píob Fintan Lawlor ag an gCraobh Uile-Éireann i bPáirc an Chrócaigh [1930idí?].

              Baill Choiste
              UGA G/G60/3/1/4 · Sub-sub-series · 1942-2004
              Part of Gaeilge

              San ábhar atá san fhoshraith seo tá liostaí de bhaill choiste ag tréimhsí éagsúla de stair na heagraíochta. Áirítear leis freisin roinnt grianghraf dubh agus bán de bhaill choiste a glacadh sna 1970í agus sna 1990í.

              UGA G/G60/7/8/4 · File · [1930]-[199-]
              Part of Gaeilge

              Rogha grianghraf Eibhlín Ní Chathailriabhaigh lena n-áirítear Lil Nic Dhonnchadha agus [Giolla Críost Ó Brian?], ag imeachtaí éagsúla lena n-áirítear imeachtaí Oireachtais (1930idí-1990idí). Tá Eoin Mac Néill ina fhear óg ann freisin, b’fhéidir.

              UGA G/G60/7/8/5 · File · [1920]-[1979]
              Part of Gaeilge

              Rogha grianghraf d’Éamon de Valera lena n-áirítear mar chuid de choiste Oireachtais b’fhéidir i dTeach an Ard-Mhéara, Baile Átha Cliath, iniúchadh a dhéanamh ar na trúpaí, agus ag cur fáilte roimh Marie Kai, Tóiceo chuig Áras an Uachtarán.

              Ard-Fheis [annual congress]
              UGA G/G60/7/8/9 · File · [1970]-[1999]
              Part of Gaeilge

              Rogha grianghraf a bhaineann leis an Ard-Fheis, lena n-áirítear Cill Chainnigh 1977 (1970idí-1990idí den chuid is mó), agus roinnt de Mháire Mhic Róibín ag Ard-Fheis in Breaffy House in 1991.