Páipéar; Grianghraif / Paper; Photographs

Elements area

Taxonomy

Code

Scope note(s)

    Source note(s)

      Display note(s)

        Hierarchical terms

        Páipéar; Grianghraif / Paper; Photographs

          Equivalent terms

          Páipéar; Grianghraif / Paper; Photographs

            Associated terms

            Páipéar; Grianghraif / Paper; Photographs

              75 Archival description results for Páipéar; Grianghraif / Paper; Photographs

              75 results directly related Exclude narrower terms
              UGA G/G60 · Collection · [1780]-21/11/2019
              Part of Gaeilge

              Bunaíodh Conradh na Gaeilge sa bhliain 1893 chun an Ghaeilge a chur chun cinn in Éirinn agus thar lear. Cuimsítear sa bhailiúchán seo ábhar ón tréimhse tosaigh seo go dtí an bhliain 2018, tráth ar sealbhaíodh é.

              Taifid a gineadh i gceanncheathrú Chonradh na Gaeilge atá i gceist le príomhchorpas an ábhair, bíodh is go bhfuil ábhar ann chomh maith a seoladh ar ais chucu ó chraobhacha éagsúla in Éirinn agus thar lear, go háirithe craobh Londan.

              Bhí roinnt eagraíochtaí ann sa 19ú céad a chuir fúthu an Ghaeilge a chur chun cinn, ach is é Conradh na Gaeilge an eagraíocht a ghlac ceannaireacht ar an iarracht an Ghaeilge a athbheochan. B’ann dó i rith na mblianta corracha sin roimh Chogadh na Saoirse agus Cogadh na gCarad, agus bhí sé comhaimseartha leis an Saorstát nua, le blianta luatha na Poblachta agus le tréimhse chorrach na dTrioblóidí ó thuaidh, uair ar tháinig ceisteanna chearta an duine agus achrann polaitiúil chun cinn. Is ann don Chonradh i gcónaí, agus staid níos rathúla agus níos seasmhaí bainte amach ag stát na hÉireann. Tugann an t-ábhar seo léargas faoi leith, mar sin, ar chorradh agus 125 bliain de stair na hÉireann, agus b’iomaí ball den Chonradh a bhí gníomhach agus lárnach i gcomhthéacsanna níos leithne.

              Bhí baill na heagraíochta gníomhach riamh le cur chun cinn na Gaeilge i ngach gné den saol laethúil, agus breathnóireacht a dhéanamh uirthi, agus áirítear leis an mbailiúchán mar sin ábhar a bhaineann le reáchtáil ranganna agus imeachtaí, leithéidí fheachtas Seachtain na Gaeilge agus chomórtais an Oireachtais. Tá ábhar ann chomh maith a bhaineann le foilseacháin i nGaeilge, le comhfhreagras, le gnóthaí, le ranna Rialtais agus le baill den phobal. Rinneadh taighde ar mhionteangacha eile, agus tá torthaí an taighde sin ann freisin.

              Cuimsíonn cuid nach beag den ábhar roinnt feachtas cearta teanga agus tiomsaithe airgid. Bhí ról lárnach ag Conradh na Gaeilge, in éineacht le heagraíochtaí eile, sa dara leath den 20ú haois i bhfeachtais phobail a raibh sé mar thoradh orthu gur bunaíodh staisiúin raidió agus teilifíse Ghaeilge (Raidió na Gaeltachta agus TG4), gur achtaíodh Acht na dTeangacha Oifigiúla [14 Iúil 2003], agus gur bhain an Ghaeilge stádas amach mar theanga oifigiúil de chuid an Aontais Eorpaigh [1 Eanáir 2007]. I measc na n-ábhar feachtais eile atá sa bhailiúchán, tá doiciméid a bhaineann le cearta príosúnach agus cearta sibhialta i dTuaisceart Éireann, go háirithe i rith thréimhse na Stailceanna Ocrais [1980-1981].

              Corcaigh
              UGA G/G60/24/8 · Sub-series · [1940]-[1980]
              Part of Gaeilge

              San fhoshraith seo, tá nótaí taighde, comhfhreagras, grianghraif, gearrthóga nuachtáin agus ábhar eile a bhaineann le stair agus le hobair Chonradh na Gaeilge i gCathair Chorcaí a cuireadh i dtoll a chéile do leabhar Uí Shúilleabháin, "Conradh na Gaeilge Cathair Chorcaí 1894 – 1905”. Tá ábhar ann chomh maith a bhaineann le Contae Chorcaí.

              UGA G/G60/4 · Series · 09/10/1896-06/07/2018
              Part of Gaeilge

              Baineann an tsraith seo le hobair na nDála Cúige, na gCoistí Ceantair agus na gcraobhacha, agus áirítear léi foirmeacha clárúcháin, miontuairiscí, cártaí ballraíochta agus comhfhreagras. Liostaítear na Comhairlí Ceantair agus na craobhacha de réir cúige. Tá rannán breise i bhfoshraith na gCraobhacha a bhaineann le craobhacha lasmuigh d’Éirinn. Áirítear leis an ábhar míreanna faoi leith a bhain le craobh Londan de Chonradh na Gaeilge a cuireadh ar ais chuig an bpríomhoifig mar bhailiúchán; ábhar a bhaineann leis an Ard-Chraobh; Craobh an Chéitinnigh; Craobh na gCúig gCúigí agus Craobh Móibhí.

              Daoine mór le rá
              UGA G/G60/7/8/8 · File · [1900]-[1979]
              Part of Gaeilge

              Rogha grianghraf de dhaoine mór le rá lena n-áirítear Dubhghlas de hÍde; baill de Chumann na mBan a ghlac páirt san Éirí Amach 1916 (is geall le cóip mhéadaithe í) lena n-áirítear an Dr Kathleen Lynn, Miss Ffrench-Mullen, Brigid Foley, Elizabeth O'Farrell, Lily M. O'Brennan, L Kennedy, agus Miss Mac Namara agus Miss Cosgrove; An tOllamh Liam Ó Briain, an chéad uachtarán ar chraobh an Athar Micheál Ó hIceadha; De Valera óg; Proinsias & Criostóir Mac Aonghusa; De Valera agus Séamus Ó hEochaidh (An Fear Mór); Pádraig Ó Dónalláin; An Seabhac [Pádraig Ó Siochfhradha].

              Daoine spéisiúla 1
              UGA G/G60/26/8/1 · File · [19--]-[199-]
              Part of Gaeilge

              Áirítear leis an gcomhad seo beathaisnéisí, scéalta báis agus ábhar eile a bhaineann leis na daoine seo a leanas a gcuirtear spéis iontu: Brendan Adams; Tomás Ághas; Ciarán Bairéad; Stiofáin Bairéad; Piaras Béaslaí; William Bedell; Osborn Bergin; Richard Irvine Best; Máire Breathnach.

              Daoine spéisiúla 11
              UGA G/G60/26/8/11 · File · 16/07/1909-[19--]
              Part of Gaeilge

              Áirítear leis an gcomhad seo ábhar a bhaineann le Eibhlín Nic Niocaill.

              Daoine spéisiúla 18
              UGA G/G60/26/8/18 · File · [19--]-[199-]
              Part of Gaeilge

              Áirítear leis an gcomhad seo beathaisnéisí, scéalta báis agus ábhar eile a bhaineann leis na daoine seo a leanas a gcuirtear spéis iontu: Leon Ó Dubhghaill; Seosamh Ó Duibhginn; An tAth Pádraig Ó Duinnín; Roibeard Ó Faracháin; Seán Ó Faoláin; Proinsias Ó Fathaigh; Aodh Ó Fearghail.

              Daoine spéisiúla 20
              UGA G/G60/26/8/20 · File · [19--]-[199-]
              Part of Gaeilge

              Áirítear leis an gcomhad seo beathaisnéisí, scéalta báis agus ábhar eile a bhaineann leis na daoine seo a leanas a gcuirtear spéis iontu: Liam Ó Flaithearta; An tAth Micheál Ó Flannagáin; Tomás Ó Flannghaile; An tAth Donnchadh Ó Floinn; Micheál Ó Foghlú (Fodhludha); An tAth Athanáis (Pádraig) Ó Gibealláin.

              UGA G/G60/26/8 · Sub-series · 27/05/1906-1999
              Part of Gaeilge

              Baineann an t-ábhar san fhoshraith seo le daoine a gcuirtear spéis iontu lena n-áirítear iarbhaill Chonradh na Gaeilge, tá ord aibítre air agus áirítear leis beathaisnéisí agus scéalta báis.

              Feachtais
              UGA G/G60/29 · Series · 1941-20/04/2018
              Part of Gaeilge

              Baineann an tsraith seo le feachtais éagsúla Chonradh na Gaeilge (CnaG). I measc na bhfeachtas sin, áiríodh na cinn seo a leanas: an Feachtas Cearta [sibhialta/teanga]; an Feachtas chun teanga oifigiúil a dhéanamh den Ghaeilge san Eoraip; an Feachtas Oideachais; an Feachtas um Cheannach Earraí Éireannacha; Feachtas Chearta na bPríosúnach; an Feachtas na Meán Cumarsáide/Craoltóireachta; Feachtas an Cheadúnais Teilifíse; an Feachtas Earcaíochta agus an Feachtas Bailiú Airgid. Baineann an tsraith chomh maith le roinnt cásanna dlí a d’eascair as na feachtais sin, nó a bhí ina n-údar dóibh. Anuas air sin, baineann cuid den ábhar le feachtais a raibh spéis ag CnaG iontu ach nach í an eagraíocht a bhí ina mbun, cosúil le Feachtas na hÉireann um Dhí-Armáil Núicléach, Gluaiseacht Frith-Apartheid na hÉireann agus Gluaiseacht Idirnáisiúnta na hÉireann um Shíocháin. Comhfhreagras, gearrthóga agus preasráitis is mó atá i gceist leis an ábhar.