Is éard atá sa chomhad seo tuarascálacha agus ceistneoirí ó na 2000idí lena n-áirítear Plean Corparáideach Údarás Náisiúnta Cáilíochtaí na hÉireann 2003-2006; An Chigireacht Oideachais agus Oiliúna – Tuarascáil an Phríomhchigire 2006-2008 agus Ionad Náisiúnta na dTeangacha "Treochtaí Teanga 2008 – Teangacha i Meánscoileanna".
Tá tuarascálacha bliantúla agus lámhleabhair sa chomhad seo do roinnt ollscoileanna in Éirinn lena n-áirítear tuarascálacha bliantúla do UCC 1995-96, 1996-97,1998-99 agus 1999-2000 agus OÉG 1997-98; lámhleabhair do UCC 1991 agus Maigh Nuad 1991-92.
Cuimsíonn an foshraith seo tuarascálacha bliantúla Chonradh na Gaeilge ó 1894-1898 (G60/1/1/1); tuarascálacha bliantúla ó 1901, 1902 agus 1908-1913 (G60/1/1/2); fótachóipeanna de thuarascálacha bliantúla 1894, 1896 agus 1897 (G60/1/1/3) agus tuairiscí rúnaithe agus roinnt comhfhreagrais ó na 1950idí (G60/1/1/4).
San fhoshraith seo tá tuairiscí agus suirbhéanna maidir le staid agus stádas na Gaeilge, chomh maith le meonta ina leith.
Is éard atá san fhoshraith seo tuairiscí, suirbhéanna agus ceistneoirí ar stádas na Gaeilge i gcóras oideachais na hÉireann, agus tá sé in ord croineolaíoch nuair ab féidir. Tá ábhar ann freisin a bhaineann le ceisteanna don Aire Oideachais, an páipéar glas ar Oideachas agus bille oideachais 2014.
Is éard atá sa chomhad seo gearrtháin a bhaineann leis an Uachtarán don tréimhse 1990-1993.
Baineann an t-ábhar san fho-fhoshraith seo le hUachtarán na hÉireann agus/nó lena (h)oifig. Comhfhreagras den chuid is mó atá sa chéad chomhad (G60/39/1/1/1) agus áirítear leis dhá chárta Nollaig ón Uachtarán Éamon de Valera ó 1967, 1969; litir ó Chearbhall Ó Dálaigh ina bhfuil nóta lámhscríofa ag déanamh comhghairdeas leis an bhfaighteoir as an obair a bhí ar bun ag Conradh na Gaeilge (15 Eanáir 1975); aighneacht a cuireadh faoi bhráid an Uachtaráin, Pádraig Ó hIrghile, maidir le géarchéim na Gaeilge (12 Lúnasa 1984); ábhar maidir le Gaisce an Uachtaráin (Gradaim an Uachtaráin) mar aon le comhfhreagras leis an Uachtarán Mhic Róibín, a n-áirítear leis sin comhfhreagras i ndáil lena haitheasc do Thithe an Oireachtais (2 Feabhra 1995). Gearrthóga ó na 1970í agus 1980í maidir le hUachtarán na hÉireann, agus le ról an Uachtaráin, atá sa dara comhad (G60/39/1/1/2).