Tá ábhar a bhaineann le hoideachas meánscoile sna 1990idí san fho-fhoshraith seo. Is éard atá sa chomhad G60/30/8/6/1 ábhar a bhaineann le torthaí Scrúdaithe na hArdteistiméireachta 1990 mar aon le hábhar ar an nGaeilge sna scrúduithe Máithreánach Deireadh Fómhair 1988-1994. Sa chomhad G60/30/8/6/2 tá ábhar a bhaineann le torthaí Ardteistiméireachta 1995 agus tá gearrthóga ann. Baineann an comhad deiridh san fho-fhoshraith seo, G60/30/8/6/3 le torthaí scrúduithe Ardteistiméireachta, go mór mór maidir leis an nGaeilge, do 1996 agus 1996???, agus tá gearrthóga ann freisin.
Is éard atá sa chomhad seo ábhar a bhaineann le hachainí Cheardchumann Gairmiúil agus Teicniúil na Státseirbhíseach ar riarachán nua post i mbrainse foilseachán na Roinne Oideachais, Bealtaine 1980; ábhar a bhaineann le Gaeilge éigeantach agus an Ardteistiméireacht 1988 agus an siollabas Gaeilge don Teastas Sóisearach 1989. [Tugadh an chéad siollabas Teastas Sóisearach isteach i 1989 agus an chéad scrúdú i 1992. Tháinig sé in áit na Meánteistiméireachta].
Sa chomhad seo tá óráid le Donncha Ó Súilleabháin, rúnaí an Oireachtais ag oscailt Fhéile Drámaíochta an Chomhchaidrimh, an Taibhdhearc, Gaillimh; póstaer d’Aonach na gCártaí.
Is éard atá sa chomhaid seo léachtaí agus óráidí a chlúdaíonn na 1960idí agus áirítear iontu ábhar a bhaineann leis an tsraith léachtaí “Todhchaí na hÉireann" Aibreán 1967 (15/4 - "Lá na Scolb", Maoilsheachlainn Ó Caollaí; 22/4 - "Oideachas", Máire Nic Aoidh; 29/4 - "Polaitíocht", Séamus Puirséil;). I measc na léachtaí freisin tá "Bronnadh Fáinní ar Bhuachaillí San Marian College 31/5/1960; "The Irish Language and why it must be revived" Mícheál Mac Cárthaigh, 9/2/1962; "Irish in our Educational system", siompóisiam, Luimneach, 11/2/62; "Cad Chuige gur gá an Ghaeilge a Athbheochan", 28/2/1964; "Aspects of Bilingualism", Desmond Swan 13/9/1969. Sa chomhad seo freisin tá bosca de shleamhnáin scannáin Kodagraph Ortho a bhaineann le leabhar ar stair CnaG, a úsáideadh seans ag cur i láthair a tugadh faoin leabhar.