Showing 45298 results

Archival description
708 results with digital objects Show results with digital objects
Tinreamh
UGA G/G60/3/1/2 · Sub-sub-series · 1915-1981
Part of Gaeilge

San fho-fhoshraith seo tá liostaí tinrimh do chruinnithe Choiste Ghnó éagsúla a tionóladh idir 1951 agus 1981.

Tiomnachtaí agus síntiúis
UGA G/G60/6/6 · Sub-series · 30/06/1917-20/05/2013
Part of Gaeilge

Baineann ábhar san fhoshraith seo le hairgead a tugadh do Chonradh na Gaeilge trí thiomnachtaí agus síntiúis agus tá comhfhreagras, teastais bháis agus cóipeanna d’uachtanna ann.

Tionóil [Annual gatherings]
UGA G/G60/32/2 · Sub-series · 1991-2004
Part of Gaeilge

Is éard atá san fhoshraith seo ábhar a bhaineann le “Tionóil” éagsúla a chuimsíonn bileoga eolais, eolas faoi lóistín agus clárú, gearrthóga preasa agus eolas airgeadais. Cuimsíonn sé grianghraif dhaite de thuras 1997 go hInis Meáin le roinnt nodaireachta ar chúl.

UGA G/G60/7/5/5 · File · [2000]-[2003]
Part of Gaeilge

Tá bileoigíní agus eolaire CnaG sa chomhad seo lena n-áirítear an Tionól Gaeltachta in Árainn Mhór Iúil 2003.

Tithe an Oireachtas
UGA G/G60/39/1/2 · Sub-sub-series · 1964-1999
Part of Gaeilge

Baineann an t-ábhar san fho-fhoshraith seo le dhá theach an Oireachtais: Dáil Éireann (Teacht na dTeachtaí) agus Seanad Éireann. Tá comhfhreagras sa chéad chomhad maidir le hAchtanna Toghcháin éagsúla an tSeanaid mar aon le haighneachtaí a cuireadh faoi bhráid teachtaí Dála éagsúla. Fillteán a bhfuil an lipéad “An Comhchoiste don Ghaeilge ag Tithe an Oireachtas” air atá sa dara comhad, agus áirítear leis tuairisc, comhfhreagras agus gearrthóga nuachtáin ón tréimhse 14 Deireadh Fómhair 1985 go dtí 29 Feabhra 1988.

UGA G/G60/36/3 · Sub-series · 1981-02/2001
Part of Gaeilge

Baineann an fhoshraith seo le bunú an stáisiúin teilifíse Gaeilge, Teilifís na Gaeilge (TnaG), ar tugadh TG4 air ina dhiaidh sin. San áireamh san fhoshraith seo, a bhfuil ord croineolaíoch uirthi, tá comhfhreagras, tuairiscí, preaseisiúintí, ailt, gearrthóga agus fógráin. Áirítear léi ábhar a bhaineann leis an ngéarghá a bhí le stáisiún teilifíse Gaeilge, agus tá ailt agus samplaí ann ó stáisiúin teilifíse i mBreatnais, i gCatalóinis agus i mBascais [G60/36/1]; ábhar a bhaineann leis an "bhFeachtas Náisiúnta Teilifíse" [G60/36/2-G60/36/6]; ábhar a bhaineann leis an “Forum on TV Stations in lesser-used languages in the EU” [bhFóram maidir le Stáisiúin Teilifíse i dteangacha neamhfhorleathana san AE] (Deireadh Fómhair 1996) agus ábhar a bhaineann le seoladh TnaG [G60/36/3/9].

Toghcháin
UGA G/G60/38/3 · Sub-series · 1972-2017
Part of Gaeilge

Baineann ábhar san fhoshraith seo le toghcháin áitiúla, olltoghcháin, toghcháin an tSeanaid agus toghcháin Eorpacha agus áirítear ann comhfhreagras, ábhar poiblíochta, tuairiscí, forógraí páirtí, preasráitis agus gearrthóga. Tá sé in ord croineolaíoch.

Toghcháin 1970idí
UGA G/G60/38/3/1 · Sub-sub-series · 06/05/1972-17/04/1980
Part of Gaeilge

Baineann ábhar san fho-fhoshraith seo le toghcháin an tSeanaid (G60/38/3/1/1) agus le toghcháin Eorpacha (G60/38/3/1/2) agus le stádas na Gaeilge agus le dearcthaí i leith na Gaeilge, chearta na Gaeilge agus na Gaeltachta. Cuimsítear i gcomhad deiridh na fo-fhoshraithe seo tuairiscí ar thorthaí agus ar aistriú vótaí in olltoghcháin éagsúla agus i dtoghcháin an tSeanaid sna 1970idí (G60/38/3/1/3).

Toghcháin 1980idí
UGA G/G60/38/3/2 · Sub-sub-series · 1977-1989
Part of Gaeilge

Baineann ábhar san fho-fhoshraith seo le holltoghcháin agus le toghcháin an tSeanaid agus le stádas agus áit na Gaeilge agus tá na 9 gcomhad in ord croineolaíoch. Áirítear leis comhfhreagras, preasráitis, tuarascálacha, forógraí páirtí, gearrthóga, bileoigíní agus póstaeir. Baineann an comhad deiridh le toghcháin Eorpacha ar leith agus tá roinnt póstaeir ollmhóra ann ag ceiliúradh Lá na hEorpa 1986 agus ag cur fáilte roimh an nGréig isteach san Aontas Eorpach in 1981.

Toghcháin 1990idí
UGA G/G60/38/3/3 · Sub-sub-series · 1990-1997
Part of Gaeilge

Baineann ábhar san fho-fhoshraith seo le toghchán Uachtaránachta na hÉireann (G60/38/3/3/1), toghcháin an tSeanaid (G60/38/3/3/2), olltoghcháin (G60/38/3/3/3) agus toghcháin Eorpacha (G60/38/3/3/4), lena n-áirítear stádas na Gaeilge mar a bhaineann sé leis na toghcháin seo. Tá an t-ábhar in ord croineolaíoch.