Showing 36517 results

Archival description
708 results with digital objects Show results with digital objects
Scripteanna
UGA G/G60/18/5 · Sub-series · [1920]-[1990]
Part of Gaeilge

San fhoshraith seo tá scripteanna Gaeilge agus scripteanna a aistríodh go Gaeilge lena n-áirítear "Oíche na Marbh", aistriúchán ar "All Souls' Night" le Joe Tomelty (09/1965); "Seósaimh"(Seosaimh) - dráma lámhscríofa ag "An Spealadóir" (gan dáta) [G60/18/5/1]; "Mac Uí Rudaí", le Mairéad Ní Ghráda; "Éinrí A C[h]eathair", aistrithe ó "Enrico Quatro", Luigi Pirandello le Seán Mac Iomhair [G60/18/5/5] agus cóip Mhichíl Mhic Liammóir de "Céad Bliain D'Aois" le Serafin agus Joaguín Álvarez Quintero, le sceideal cleachtaidh, plean stáitse agus nodaireacht [G60/18/5/6]. Is féidir roinnt scripteanna Béarla a fháil sa chomhad deiridh den fhoshraith [G60/18/5/7].

Scripteanna 2
UGA G/G60/25/3 · File · [1920]-[1970]
Part of Gaeilge

Sa chomhad seo tá scripteanna idir chlóscríofa agus lámhscríofa, bileoga scaoilte, leabhair nótaí ina bhfuil dréachtaí agus nodaireacht cheoil lámhscríofa. Tá na píosaí seo a leanas san áireamh ann: "Song Scena - Emmet - A fantasy", (ina bhfuil ról ag triúr de mhic Uí Bhroin), "Eily O'Connor", "Gadai GE", "Ciall Ceannuighte", "Suan Saoidhbhín", "Nóirín", "An Stail", "Mise Éire" agus "Nuair a bhíos an Cat Amuigh". Tá torthaí Ghasra na Fáinne don 09 Márta 1955 sa chomhad chomh maith.

Scripteanna 3
UGA G/G60/25/4 · File · [1920]-[1970]
Part of Gaeilge

Sa chomhad seo tá scripteanna idir chlóscríofa agus lámhscríofa agus dréachtaí lena n-áirítear "An Dá Dhreich" (An Din [Gremm?] le Xavier Langleiz), "Bothán an Smugalaera" le Liam Mac Amhlaoibh, "An Sean-fhocal", gearrscéal le Dáire Ó Broin agus "Gunnaí Sabloine", dráma le Dáire Ó Broin; litir ó Bhardas Bhaile Átha Cliath inar fógraíodh go bhfuil scoláireacht an 4ú bliain bronnta ar Dháire Ó Broin*, Coláiste Mhuire, Deireadh Fómhair 1938; leabhar nóta le clúdach crua le hEibhlín Ní Chathailriabhaigh ó Choláiste Phádraig Mac Piarais, Lúnasa 1928.

*Is dócha gur mac le Giolla Críost Ó Broin Dáire Ó Broin / Daire O’Broin.

UGA G/G60/15 · Series · 1923-2011
Part of Gaeilge

Baineann an tsraith seo le Seachtain na Gaeilge, ar féile coicíse í a reáchtáiltear ar bhonn bliantúil i mí an Mhárta agus ar chuir Conradh na Gaeilge tús léi in 1903 chun an Ghaeilge a chur chun cinn. San áireamh leis an ábhar seo tá miontuairiscí; tuairiscí; cláir; ábhar fógraíochta; iarratais ar dheontais; comhfhreagras agus preasráitis.

Seimineáir, Siompóisiamaí
UGA G/G60/30/15 · File · 11/02/1962-22/04/2008
Part of Gaeilge

Baineann ábhar sa chomhad seo le seimineáir éagsúla faoi oideachas trí Ghaeilge lena n-áirítear "Gaeilge inár gCóras Oideachais", Luimneach 11/2/1962; "An Dátheangachas agus an Córas Oideachais" 30/4/1977, "Dúshlán na Scolaíochta Lán-Ghaeilge” 24/10/1987, "Voces Diversae - Éagsúlacht Teanga san Oideachas” 22-24/4/2004 , "Gaeilge a mhúineadh ar scoil sa chomhthéacs ilteangach agus Eorpach” 12/9/2006 agus "An Tumoideachas in Éirinn" 22/4/2008.