Showing 45298 results

Archival description
708 results with digital objects Show results with digital objects
Seirbhísí Aistriúcháin
UGA G/G60/7/7 · Sub-series · [1970]-2006
Part of Gaeilge

Baineann ábhar san fhoshraith seo leis na seirbhísí aistriúcháin a sholáthraigh Conradh na Gaeilge do ghnólachtaí éagsúla, is éard atá ann go príomha comhfhreagras agus samplaí, agus tá sé in ord croineolaíoch. Tá aistriúchán ann den “Chód Sábhála” (G60/7/7/1), aistriúcháin ar chomharthaí oifige (G60/7/7/2) agus aistriúcháin ar théarmaí ríomhaireachta (G60/7/7/3). Tá leabhrán ó Siemens faoi chláir aistriúcháin ríomhaireachta sa chomhad deireanach seo freisin.

Seimineáir, Siompóisiamaí
UGA G/G60/30/15 · File · 11/02/1962-22/04/2008
Part of Gaeilge

Baineann ábhar sa chomhad seo le seimineáir éagsúla faoi oideachas trí Ghaeilge lena n-áirítear "Gaeilge inár gCóras Oideachais", Luimneach 11/2/1962; "An Dátheangachas agus an Córas Oideachais" 30/4/1977, "Dúshlán na Scolaíochta Lán-Ghaeilge” 24/10/1987, "Voces Diversae - Éagsúlacht Teanga san Oideachas” 22-24/4/2004 , "Gaeilge a mhúineadh ar scoil sa chomhthéacs ilteangach agus Eorpach” 12/9/2006 agus "An Tumoideachas in Éirinn" 22/4/2008.

UGA G/G60/15 · Series · 1923-2011
Part of Gaeilge

Baineann an tsraith seo le Seachtain na Gaeilge, ar féile coicíse í a reáchtáiltear ar bhonn bliantúil i mí an Mhárta agus ar chuir Conradh na Gaeilge tús léi in 1903 chun an Ghaeilge a chur chun cinn. San áireamh leis an ábhar seo tá miontuairiscí; tuairiscí; cláir; ábhar fógraíochta; iarratais ar dheontais; comhfhreagras agus preasráitis.

Scripteanna 3
UGA G/G60/25/4 · File · [1920]-[1970]
Part of Gaeilge

Sa chomhad seo tá scripteanna idir chlóscríofa agus lámhscríofa agus dréachtaí lena n-áirítear "An Dá Dhreich" (An Din [Gremm?] le Xavier Langleiz), "Bothán an Smugalaera" le Liam Mac Amhlaoibh, "An Sean-fhocal", gearrscéal le Dáire Ó Broin agus "Gunnaí Sabloine", dráma le Dáire Ó Broin; litir ó Bhardas Bhaile Átha Cliath inar fógraíodh go bhfuil scoláireacht an 4ú bliain bronnta ar Dháire Ó Broin*, Coláiste Mhuire, Deireadh Fómhair 1938; leabhar nóta le clúdach crua le hEibhlín Ní Chathailriabhaigh ó Choláiste Phádraig Mac Piarais, Lúnasa 1928.

*Is dócha gur mac le Giolla Críost Ó Broin Dáire Ó Broin / Daire O’Broin.