Is éard atá san ábhar san fho-fhoshraith seo comhfhreagras, preasráitis, gearrthóga agus ábhar poiblíochta a bhaineann le Comhphobal Eacnamaíochta na hEorpa (CEE). Baineann an t-ábhar go háirithe le hÉirinn ag dul isteach sa CEE, a tharla an 1/1/1973, agus áit na hÉireann agus na Gaeilge sa CEE mar thoradh air sin.
Baineann an t-ábhar sa chomhad leis na chéad deich mbliana de Chomhairle na hEorpa.
Baineann an t-ábhar san fhoshraith seo le háit na hÉireann agus na Gaeilge i gcomhthéacs polaitiúil níos leithne na hEorpa agus tá sé in ord croineolaíoch. Áirítear ann ábhar a bhaineann le hÉirinn ag dul isteach i gComhphobal Eacnamaíochta na hEorpa in 1973; an Ionstraim Eorpach Aonair (1986,7); agus bunú an Aontais Eorpaigh tar éis Chonradh Maastricht, 1993.
San fhoshraith seo tá ábhar a bhaineann leis an gCumann Scoildrámaíochta. Tá na comhaid 1-7 in ord croineolaíoch ó 1930-2000 agus tá tuairiscí, comhfhreagras, miontuairiscí agus gearrthóga san áireamh iontu. Tá leabhair nótaí le clúdach crua de mhiontuairiscí, torthaí comórtais agus cuntais in G60/18/4/8 agus in G60/18/4/9. In G60/18/4/10 tá cláir do Chumann Drámaíochta na Scol [ar ar tugadh an Cumann Scoildrámaíochta níos déanaí] 1954-1956, 1961, 1963, 1966, 1967, 1968, 1981, 1985, 1995-1997, 1999, 2000, 2009 agus clár cuimhneacháin 1934-1994. In G60/18/4/11 tá grianghraif dhubha agus bhána lena n-áirítear "Triúr aisteóirí oga ó Clochar Lugbhaidh Scoil Sóisir Rathmaoinis"[Triúr aisteoirí óga ó Scoil Sóisir Chlochar Lughaidh, Ráth Maoinis] (gan dáta), "Corn á bhronnadh ag Tomás Ó Deirg, Aire Oideachais ar Áine Ní Cheannain, Scoil Mhuire 1934…" agus grianghraf de Shiobhán Nic Cionnaith ag bronnadh cupán drámaíochta scoile (gan dáta).
Sa chomhad deiridh san fhoshraith seo tá ábhar a bhaineann le "An Córas Gairm Oidis agus an Ghaeilge” 1943-1958. Is éard atá ann comhfhreagras agus ciorcláin ón Roinn Oideachais, tuarascálacha (ó thimirí) agus meamraim ó choistí Gairmoideachais éagsúla.
Is éard atá sa chomhad seo tuarascálacha bliantúla agus cuntais don Chomunn Gaidhealach.
Sa chomhad seo tá ábhar a bhaineann leis an gComhlachas Náisiúnta Drámaíochta, comhfhreagras den chuid is mó.
Sa chomhad seo tá miontuairiscí, bileoigíní agus comhfhreagras a bhaineann le cruinniú idir oifigigh Chonradh na Gaeilge agus an Taoiseach nuathofa, Cathal Ó hEochaidh, in 1982.
Féach freisin G60/3/15 and G60/38
Bunaíodh an Comhchoiste Réamhscolaíochta i mí an Mhárta 1978. Comhchoiste a bhí ann idir Bord na Gaeilge agus an eagraíocht dheonach Na Naíonraí Gaelacha ar mhaithe leis an réamhscolaíocht i nGaeilge a chur chun cinn. Bhí sé á mhaoiniú ag Bord na Gaeilge. Tá sna hábhair seo comhfhreagras, miontuairisicí, suirbhéanna agus tuarascálacha bliantúla agus áirítear leo freisin ábhair a bhaineann le Naíscoileanna Gaelacha agus Naíonraí Gaelacha.
Féach freisin G60/30/6 agus G60/40/1/7
Sa chomhad seo tá bileoigíní, forógraí, comhfhreagras agus ábhar eile a bhaineann le polasaithe ar an nGaeilge, agus an úsáid a bhain an Comhaontas Glas, an Daonlathas Clé, an Páirtí Daonlathach agus an TD Neamhspleách Tony Gregory as an nGaeilge in ábhar poiblíochta toghcháin.
[Nóta 1 ón gCartlannaí: In 1992, tar éis iarracht theipthe chun bunreacht Pháirtí na nOibrithe a athrú, d’fhág mionlach suntasach an páirtí chun an Daonlathas Clé a chruthú. Níor mhair an páirtí seo ach seal gearr agus cuireadh isteach faoi Pháirtí an Lucht Oibre é in 1999.
Nóta 2 ón gCartlannaí: Sheol Deasún Ó Máille agus polaiteoirí eile a d’fhág Fianna Fáil agus Fine Gael an Páirtí Daonlathach sa bhliain 1985. Rinneadh é a lánscor go hoifigiúil in 2009.]