Tá ábhar san fho-fhoshraith seo a bhaineann le scoileanna teanga éagsúla, tá ord croineolaíoch air nuair is féidir agus nuair is cuí, agus áirítear leis bileoigíní, comhfhreagras, preaseisiúintí, ábhar cúrsa, foirmeacha clárúcháin bána, foirmeacha aiseolais agus ábhar a bhaineann le tairiscintí a rinneadh chun ranganna Gaeilge a reáchtáil.
Baineann ábhar san fhoshraith seo le scoileanna lán-Ghaeilge (bunscoil agus iar-bhunscoil) a bhunú agus tá sé le fáil in G60/30/7 agus G60/30/8. Sa chéad chomhad (G60/30/12/1) tá liostaí scoileanna; tástálacha caighdeánaithe; eolas ginearálta a bhaineann le scolaíocht agus comhfhreagras trí Ghaeilge, gearrthóga agus preasráitis lena n-áirítear leis an Aire Oideachais, Niamh Breathnach agus maidir léi.
Sa dara comhad (G60/30/12/2) tá ábhar a bhaineann leis an nglao chun bord oideachais Gaeltachta/Lán-Ghaeilge a bhunú, agus tá comhfhreagras, fógráin, gearrthóga agus tuairiscí ann. Tá ábhar ann freisin a bhaineann leis an gComhairle um Oideachas Gaeltachta & Gaelscolaíochta.
Tá gearrthóga nuachtáin sa chomhad deiridh den fhoshraith seo.
Is é atá san fhoshraith seo go príomha ailt le scríbhneoirí Gaeilge, agus ailt a bhaineann leo, mar aon le beathaisnéisí agus scéalta báis. Áirítear léi chomh maith cóip chlóscríofa de dhialann 1883 / dírbheathaisnéis Chú Uladh (Peadar Mac Fhionnlaoich) [G60/19/4/1].
Baineann an t-ábhar sa chomhad seo leis na scríbhneoirí seo a leanas: Seán Mac Giollarnáth; Peadar Mac Fhionnlaoich (Cú Uladh); Micheál Óg McFadden; An tEaspaig Seán Mac hÉil; Micheál Mac Liammóir.
Baineann an t-ábhar sa chomhad seo leis na scríbhneoirí seo a leanas: Edward A Mac Lysaght (Éamonn Mac Giolla Iasachta); Seán Mac Maoláin; Lady Gregory; Bríd Heussaff; Fintan Lalor; Seosamh Laoide; Declan Kiberd; Robert Lynd; Proinsias Mac an Bheatha; Dónall Mac Amhlaigh; Criostóir Mac Aonghusa; An tAth Colmcille; Tomás de Bhaldraithe; An tAth Pádraig de Brún.
Baineann an t-ábhar sa chomhad seo leis na scríbhneoirí seo a leanas: Cormac Mac Cárthaigh; Risteard de hIndenbergh; Margaret Dobbs; E. Estyn Evans; Samuel Ferguson; Robin Flower; Seosamh Mac Grianna; Seán Pasker; Éaman Ó Tuathail; Séamus Ó Tuama; Eoghan Ó Tuairisc; Donn S. Piatt; Eoin Mac Néill.
Baineann an t-ábhar sa chomhad seo leis na scríbhneoirí seo a leanas: [D] Breathnach agus M Ní [Mhuirí].
Tag / Ref: G60/19/4/5
Scripteanna drámaí, idir chlóscríofa agus lámhscríofa, a scríobh Ó Broin agus daoine eile atá sa chomhad seo agus áirítear leo "Geamaracht so Choille", "Rogha an Ríogh", "Nóirín", agus "An Feall" agus "Faoi Dhraíocht" le Domhnach Baoithín. Tá litir ann ón Roinn Oideachais chomh maith ina ndéantar tairiscint cuid de shaothair Uí Bhroin a fhoilsiú dá ndéanfaí ceartúcháin orthu agus dá gcuirfí feabhas ar an nGaeilge (1936) mar aon le gearrthóg nuachtáin maidir le cruinniú den "Cumann Culaith Gaedhalach" a raibh Ó Broin ina uachtarán air, agus inar aithníodh triúr dá chuid mac sa ghearrthóg.