Is éard atá sa chomhad seo rogha Cártaí Nollag CnaG (1911-1914); Cártaí Nollag deartha ag Brian Ó hUiginn (gan dáta); cártaí poist agus samplaí cárta Nollag ó 2010idí.
Ábhar a bhaineann le Roinn an Taoisigh atá san fho-fhoshraith seo (príomh-aire agus ceann rialtas na hÉireann) agus tá ord croineolaíoch air i sé chomhad. Comhfhreagras atá ann ón Taoiseach agus a Roinn, agus chucu, maidir le stádas na Gaeilge agus polasaí an Rialtais; ábhar maidir le toscaireacht ó Chonradh na Gaeilge chuig an Taoiseach, 25 Márta 1961 (G60/39/2/1/3) mar aon le hábhar maidir le fiosrúchán poiblí a thionscain an Taoiseach i ndáil le staid na Gaeilge, 26 Eanáir 1980 - 14 Eanáir 1988 (G60/39/2/1/5).
Baineann an fhoshraith seo le Raidió Teilifís Éireann (RTÉ), ar comhlacht státurraithe é agus arb é an craoltóir seirbhíse poiblí náisiúnta in Éirinn é. San áireamh san fhoshraith seo, a bhfuil ord croineolaíoch uirthi, tá comhfhreagras, tuarascálacha bliantúla, preaseisiúintí, ailt agus paimfléid. Áirítear léi staitisticí maidir le craolachán i nGaeilge sa tréimhse 1968-1993 [G60/36/2/1] agus gearrthóga a bhaineann le "Freagra", ar eagraíocht í sin a bhí ag éileamh tuilleadh clár Gaeilge ar RTÉ (1979-1982) [G60/36/2/2].
Is éard atá sa chomhad seo ábhar lena n-áirítear bróisiúir bholscaireachta Rua Telecom agus a seirbhís teileafóin baile trí Ghaeilge i gcomhpháirtíocht le Conradh na Gaeilge
Tag / Ref: G60/10/1/3
Is éard atá san fhoshraith seo ábhar a bhaineann le scannán lena n-áirítear comhfhreagras agus bileoga don Cheathrú agus Séú "Féile Idirnáisiúnta Scannán agus Teilifíse sna Tíortha Ceilteacha"; catalóga agus comhfhreagras ó Institiúid Scannán na hÉireann agus ailt éagsúla.
Tá ábhar sa chomhad seo a bhaineann le scoil Naomh Éanna lena n-áirítear Réamheolaire Scoil Éanna Teo., 1911 le nodaireacht; Bróisiúr Naomh Éanna Ráth Fearnáin, leis an bPríomhoide PH Mac Piarais (1913-1914); seiceanna scríofa don Phiarsach le haghaidh Scoil Éanna (3 & 24 Iúil 1912) agus sínithe aige; bratacha ballraíochta (mionsamhlacha, gan dáta [1911-1915?]); grianghraif ó Bhrainse na Séadchomharthaí Náisiúnta nuair a tugadh Scoil Naomh Éanna ar láimh go hoifigiúil do Stát na hÉireann, Aibreán 1970 agus ábhar a bhaineann le foirgneamh Scoil Éanna agus an scoil féin.
Tá ábhar san fho-fhoshraith seo a bhaineann le scoileanna agus coláistí samhraidh teanga éagsúla, tá ord croineolaíoch air nuair is féidir agus is cuí, agus áirítear leis bileoigíní, comhfhreagras agus ailt. Tá roinnt den ábhar iata le go gcloífear le reachtaíocht GDPR.