Bunaíodh an fochoiste seo in 1952 le tuarastail gach ball foirne a mheá nuair a d’iarr an Coiste Airgeadais a leithéid, le meas a dhéanamh ar aon iarratas ar ardú pá a dhéanfadh ball foirne agus le moltaí a dhéanamh don choiste dá mba ghá. Ta ann miontuairiscí, comhfhreagras, cuntais, cláir oibre, scálaí pá agus ábhar taighde a bhaineann le dífhostú éagórach.
Tá san fhoshraith seo miontuairiscí, dréachtaí, polasaithe, comhfhreagras, bileoigíní agus suirbhéanna a ba raibh cuid de na dualgais chéanna orthu.
Féach freisin G60/32
Baineann an fhoshraith seo le fochoiste de chuid an Choiste Ghnó a bunaíodh in 1967 le scrúdú a dhéanamh ar rialachas na heagraíochta, agus le tuairiscí agus moltaí a dhéanamh don choiste. Tá inti miontuairisicí, tuarascálacha, comhfhreagras agus dréachtpholasaithe.
Sa chomhad seo tá ábhar a bhaineann leis an bhFochoiste Creidmheasa.
Bunaíodh an Fochoiste Cearta in 1975 chun scrúdú a dhéanamh ar chearta Gaeilge agus dul i mbun feachtais ar a son. Áirítear leis an bhfoshraith seo miontuairiscí, comhfhreagras, bileoigíní, ciorcláin agus greamáin a bhaineann le hobair an choiste mar aon le roinnt samplaí de phacáistíocht dhátheangach.
Féach freisin G60/29
Is éard atá i gceist leis an bhfoshraith seo comhfhreagras, tuairiscí, dréachtaí, bileoga eolais, paimfléid agus gearrtháin a bhaineann le Feachtas Chearta na Gaeilge, An Bille um Chearta agus an Bille Teanga. Cuimsíonn sé ábhar a bhaineann le cearta Gaeilge i dTuaisceart Éireann, samplaí d’achtanna teangacha oifigiúla ó thíortha eile lena n-áirítear Ceanada, tuairiscí ón ombudsman agus cás-staidéir ó thar lear.
Chun ábhar gaolmhar a fheiceáil, féach G60/29/2
Baineann an fhoshraith seo le roinnt feachtas de chuid Chonradh na Gaeilge chun ballraíocht a mhéadú, oibrithe deonacha a earcú agus an Ghaeilge a chur chun cinn, agus is éard atá iontu go príomha preasráitis, comhfhreagras agus bileoigíní eolais.
Baineann ábhar san fhoshraith seo leis ‘An Fáinne’, ar bróiste bioráin é arna chaitheamh chun líofacht sa Ghaeilge nó toilteanas í a labhairt a léiriú, agus áirítear leis comhfhreagras, preaseisiúintí, gearrthóga, múnlaí don fháinne, grianghraif agus claonchlónna.
Is éard atá san ábhar san fho-fhoshraith seo comhfhreagras agus preasráitis a bhaineann le stádas na Gaeilge san Aontas Eorpach (AE), mar aon le foilseacháin a bhaineann leis an AE.
Is éard atá san ábhar san fho-fhoshraith seo comhfhreagras, preasráitis, gearrthóga agus ábhar poiblíochta a bhaineann le Comhphobal Eacnamaíochta na hEorpa agus le bunú an Aontais Eorpaigh i ndiaidh Chonradh Maastricht, 1993. Baineann sé chomh maith le Conradh Amstardam ina dhiaidh sin a rinne athruithe substaintiúla ar Chonradh Maastricht agus a tháinig i bhfeidhm in 1999.