Ábhar a bhaineann leis an Roinn Ealaíon, Oidhreachta, Gaeltachta agus Oileán atá san fho-fhoshraith seo, agus comhfhreagras atá ann den chuid is mó. Tá ábhar a bhaineann leis na ranna seo a leanas, mar a bhí, san áireamh san fho-fhoshraith seo: Roinn na Gaeltachta (G60/39/2/3/1 – G60/39/2/3/3); an Roinn Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta (G60/39/2/3/4) agus an Roinn Ealaíon (G60/39/2/3/5).
Baineann an t-ábhar san fho-fhoshraith seo leis an Roinn Dlí agus Cirt agus Comhionannais, agus comhfhreagras atá ann den chuid is mó, a bhfuil ord croineolaíoch curtha air, nuair ab fhéidir, i seacht gcomhad. Áirítear leis ábhar a bhaineann leis an nGarda Síochána (G60/39/2/11/1); an Bille um Cheartas Coiriúil, 1960í (G60/39/2/11/2); Oifig an Ard-Aighne (G60/39/2/11/3); an Stiúrthóir Ionchúiseamh Poiblí (G60/39/2/11/4); na Cúirteanna, an tArd-Chláraitheoir agus Clárlann na Talún (G60/39/2/11/5); agus nótaí maidir le breithiúnais agus an Ghaeilge sa chóras dlí (G60/39/2/11/6-7).
Ábhar a bhaineann leis an Roinn Cumarsáide, Aeráide agus Comhshaoil atá san fho-fhoshraith seo, agus comhfhreagras atá ann den chuid is mó. Tá ábhar a bhaineann leis na ranna seo a leanas, mar a bhí, san áireamh san fho-fhoshraith seo: an Roinn Comhshaoil (G60/39/2/4/1); an Roinn Fuinnimh (G60/39/2/4/2); an Roinn Poist agus Telegrafa (G60/39/2/4/3) agus an Roinn Cumarsáide (G60/39/2/4/4).
Comhfhreagras leis an Roinn maidir le húsáid na Gaeilge agus maidir leis an meon i leith na Gaeilge atá sa chomhad seo den chuid is mó.
Comhfhreagras le hOifig na nOibreacha Poiblí (1980í) agus Roinn na Seirbhísí Poiblí (11/7/1980-21/9/1987) atá i gcéad chomhad na fo-fhoshraithe seo. Fillteán a bhfuil an lipéad “Coimisiún na Státseirbhíse" air atá sa dara comhad a gcuimsítear leis an tréimhse ón 15/1/1951 go dtí 10/8/1981, agus áirítear leis comhfhreagras le hOifig Chathaoirleach na Dála.
Comhfhreagras leis an Roinn atá in ábhar na fo-fhoshraithe seo den chuid is mó, agus é curtha in eagar go croineolaíoch i gceithre chomhad.
Is éard atá i gceist leis an bhfoshraith seo ná comhfhreagras idir daoine sa phobal agus "An Rannóg Chearta" (lonnaithe i gCeanncheathrú an Chonartha) maidir le gearáin faoi easpa úsáide na Gaeilge i gcáipéisíocht oifigiúil an Rialtais agus na gComhlachtaí Stáit (1985-86).
I measc na n-ábhar samplach tá post ag dul ar strae mar gheall go raibh seoltaí i nGaeilge (G60/29/2/1) agus samplaí de phacáistiú dátheangach (G60/29/2/2).
Baineann ábhar sa chomhad seo le feachtas Chonradh na Gaeilge seirbhísí Gaeilge níos fearr a fháil ón státseirbhís agus ón bpobal gnó do phobal na Gaeilge a bhfuil airgead á dhéanamh acu orthu, ag tosú le brú á chur ar bhainc rogha Gaeilge a sholáthar ar ATManna.
Is éard atá sa chomhad seo bileoigíní, forógraí, comhfhreagras, gearrthóga agus ábhar eile a bhaineann le polasaithe Gaeilge, agus an úsáid a bhain an Páirtí Sóisialach Poblachtach (IRSP), Páirtí Cumannach na hÉireann agus Páirtí Sóisialta agus Daonlathach an Lucht Oibre (SDLP) as an nGaeilge in ábhar poiblíochta toghcháin.
Tag / Ref: G60/4/2/3