San fhoshraith seo tá 4 phrionta greanadóireachta adhmaid le Elizabeth Rivers, agus iad gléasta agus sínithe: "2. Hauling Turf from the Quay"; "3. Loading Cattle for the Galway Fair"; "4. Dancers At the Celidhe"; "6. Interval in the Celidhe".
Baineann an t-ábhar san fhoshraith seo le cúrsaí pleanála in Éirinn agus le húsáid agus mí-úsáid na Gaeilge, agus áirítear ann leabhrán dar teideal "Notes on the powers vested by Law in the elected members of local authorities" ón Roinn Rialtais Áitiúil 1955 (G60/41/2/1); ábhar a bhaineann le bunú an Bhoird Pleanála agus comhfhreagras idir an bord agus údaráis áitiúla éagsúla (G60/41/2/2); comhfhreagras faoi cheisteanna pleanála éagsúla lena n-áirítear ábhar a bhaineann le "An Foras Forbartha" [an Institiúid Náisiúnta do Phleanáil Fhisiciúil & Taighde Tógála] G60/41/2/3 agus gearrthóga (G60/41/2/4).
Baineann an tsraith seo le Conradh na Gaeilge (CnaG) féin, lena struchtúr, a bhunreacht, a pholasaithe agus pleananna oibre, agus cuimsítear léi tuarascálacha bliantúla, ábhar a bhaineann leis na foirgnimh éagsúla in úinéireacht CnaG agus ábhar a bhaineann leis “An Fáinne”, ar clár teastasaithe a reáchtáil CnaG é.
San áireamh leis an gcomhad seo tá tuairiscí dheireadh bliana, miontuairiscí agus plean margaíochta do 2003.
Is éard atá san ábhar san fho-fhoshraith seo pleananna seachtainiúla, agus pleananna gníomhaíochta don eagraíocht.
Is éard atá san ábhar sna chéad ocht gcomhad den fhoshraith seo pleananna oibre agus pleananna straitéiseacha éagsúla don eagraíocht agus don Ghaeilge araon. Tá an t-ábhar in ord croineolaíoch ó 1942 go 2009 agus cuimsíonn sé dréachtaí, tuairiscí, gearrthóga, preaseisiúintí agus comhfhreagras. Tá ábhar a bhaineann le scéim comhoibrithe (1986-1989) sna trí chomhad deiridh san fhoshraith seo agus áirítear iontu CVanna agus iarratais.
Baineann ábhar sa chomhad seo le poiblíocht imeachtaí sa chlub agus tá nuachtlitreacha, cláir, fógráin agus grianghraif ann.
Baineann an t-ábhar sa chomhad seo leis an Acht um Théarmaí Fostaíochta, agus ina measc tá páipéir a bhaineann le fostaíocht in earnáil na Gaeilge agus Acht Dífhostaíocht na hEorpa.
Is éard atá san fhoshraith seo ábhar lena n-áirítear comhfhreagras, leabhráin, preaseisiúintí agus gearrthóga a bhaineann le polasaithe Chonradh na Gaeilge agus an Rialtais don cheantar Gaeltachta, agus tá sé curtha in eagar go croineolaíoch. I measc na n-ábhar tá suirbhéanna, mapa Chois Fharraige, bileoga feachtais "Údarás Gaeltachta de dhíth anois", agus ábhar a bhaineann le toghchán Údarás na Gaeltachta, 1984.
Chun ábhar gaolmhar a fheiceáil, féach G60/32/5
Is éard atá san ábhar san fhoshraith seo comhfhreagras, gearrthóga preasa, tuarascálacha agus dréachtaí a bhaineann le polasaithe agus pleananna gníomhaíochta Chonradh na Gaeilge maidir le hoideachas agus tá sé in ord croineolaíoch.