Is éard atá san fhoshraith seo ábhar a bhaineann le gnáthchaiteachas agus tá sé in ord croineolaíoch. Tá comhfhreagras, sonraisc, meastacháin, admhálacha, bileoga costais, cuntais dheireadh na bliana, agus ráitis bhainc ann. Tá roinnt ábhar dúnta chun cloí le GDPR agus le rialacháin eile.
Is éard atá san fhoshraith seo ábhar a bhaineann le reáchtáil na príomhoifige lena n-áirítear soláthairtí oifige, seirbhísí leathanbhanda agus láithreán gréasáin, seirbhísí glantacháin, seirbhísí athchúrsála agus stóráil oifige agus lasmuigh den láithreán.
Is éard atá sa chomhad seo gearrtháin a bhaineann le Sinn Féin agus an Ghaeilge i dTuaisceart Éireann.
Sa chomhad seo tá liosta d’urlabhraithe Shinn Féin i dTeach Laighean; plécháipéis "Rights for All"; alt faoi Shinn Féin ó 1905-2005.
Is éard atá sa chomhad seo ábhar ó na 1990idí a bhaineann le polasaithe Gaeilge pháirtí Shinn Féin, agus úsáid na Gaeilge in ábhar poiblíochta toghcháin. Áirítear ann óráid le huachtarán Shinn Féin Ruairí Ó Brádaigh ag an 88ú hArd-Fheis; forógra Shinn Féin le haghaidh toghcháin áitiúla.
Is éard atá sa chomhad seo ábhar ó na 1980idí a bhaineann le polasaithe Gaeilge pháirtí Shinn Féin, agus úsáid na Gaeilge in ábhar poiblíochta toghcháin. Áirítear ann leabhrán ar pholasaí cultúir Shinn Féin; clár d’Ard-Fheis 1981; fógra toghcháin Shinn Féin 1987 agus póstaeir agus forógra toghcháin.
Is éard atá sa chomhad seo ábhar ó na 1970idí a bhaineann le polasaithe Gaeilge pháirtí Shinn Féin, agus úsáid na Gaeilge in ábhar poiblíochta toghcháin. Áirítear ann clár d’Fhéile Fhrith-Impiriúlach 1976; clár d’Ard-Fheis 1978; ábhar a bhaineann le comóradh 100 bliain ó cuireadh saighdiúirí na Breataine ar shráideanna Thuaisceart Éireann, agus na léirsithe comórtha. Tá roinnt póstaeir mhóra thoghcháin san áireamh ann freisin.
Is éard atá sa chomhad seo ábhar ó na 1960idí a bhaineann le polasaithe Gaeilge pháirtí Shinn Féin, agus úsáid na Gaeilge in ábhar poiblíochta toghcháin. Áirítear ann lámhleabhar Rannóg Oideachais Shinn Féin.
Is éard atá sa chomhad seo gearrtháin a bhaineann le Sinn Féin a chlúdaíonn an tréimhse 17/01/1970-7/10/1999..