Showing 36517 results

Archival description
708 results with digital objects Show results with digital objects
Oibleagáidí an Fhostóra
UGA G/G60/8/7 · Sub-series · 1993-2007
Part of Gaeilge

Baineann ábhar san fhoshraith seo le hoibleagáidí Chonradh na Gaeilge mar fhostóir agus tá cáipéisí ann maidir le Sábháilteacht, Sláinte agus Leas ag an Obair (G60/8/7/1); Ráiteas Sábháilteachta an Chonartha (G60/8/7/2) agus ábhar ar shochair mháithreachais agus polasaí sóisialta (G60/8/7/3).

Oideachais
UGA G/G60/24/6 · Sub-series · [1940]-[1989]
Part of Gaeilge

Nótaí taighde agus ábhar eile a bhaineann leis an nGaeilge sa chóras oideachais atá san fhoshraith seo, ar cuireadh i dtoll a chéile iad do leabhar Uí Shúilleabháin, “Cath na Gaeilge sa Chóras Oideachais 1893-1911”, a foilsíodh in 1988. Áirítear leis an páipéar "An tOireachtas: nua-oideas na hÉireann", le Peadar Ó Ceallaigh 1942, agus polasaithe oideachais éagsúla (G60/24/6/1); nótaí maidir le Féile na nUile Naomh 1940 agus Scéim Saoire na Gaeltachta 1967 (G60/24/6/2) chomh maith le hailt faoi choláistí samhraidh Gaeilge (G60/24/6/3).

Oideachas
UGA G/G60/30 · Series · 30/09/1896-11/05/2018
Part of Gaeilge

Baineann an tsraith seo le hoideachas in Éirinn agus cuimsítear léi raon leathan topaicí, a n-áirítear leo na cinn seo a leanas: polasaithe oideachais; curaclaim éagsúla; an Bille Oideachais; Ceardchumainn na Múinteoirí, Eagraíochtaí na Múinteoirí agus Oiliúint Múinteoirí; oideachas sna scoileanna ón réamhscoil go dtí an tríú leibhéal; oideachas aosach; Gaelscoileanna agus coláistí Gaeilge. I measc na n-ábhar tá tuairiscí, aighneachtaí a rinne CnaG leis an Roinn Oideachais; preasráitis, gearrthóga preasa agus comhfhreagras.

Oideachas Aosach
UGA G/G60/30/11 · Sub-series · 09/05/1953-2007
Part of Gaeilge

Is éard atá san fhoshraith seo ábhar a bhaineann le hoideachas aosach. Tá páipéir scrúdaithe sa chéad cheann de dhá chomhad lena n-áirítear scrúdú chun tástáil a dhéanamh ar an nGaeilge mar theanga iasachta, eolaire d’Fhoghlaimeoirí Fásta Gaeilge agus ábhar a bhaineann leis an Teastas Eorpach i nGaeilge, OÉ Maigh Nuad. Baineann ábhar sa dara comhad (G60/30/11/2) le hAontas, (an Cumann Náisiúnta um Oideachas Aosach) lena n-áirítear miontuairiscí, comhfhreagras agus gearrthóga.

Oideachas Bunscoile
UGA G/G60/30/7 · Sub-series · [1900]-29/07/2009
Part of Gaeilge

Is éard atá san fhoshraith seo ábhar a bhaineann le hoideachas Bunscoile lena n-áirítear Gaelscoileanna (scoileanna a mhúineann trí Ghaeilge). Tá an fho-fhoshraith G60/30/7/1 ann ina bhfuil miontuairiscí, comhfhreagras agus ábhar eile a bhaineann leis an eagraíocht “Gaelscoileanna” a dhéanann ionadaíocht ar na scoileanna Gaeilge seo agus an fho-fhoshraith G60/30/7/2 a bhaineann le hachomhairc náisiúnta ar mhaoiniú agus aitheantas do Ghaelscoileanna agus ba chomhfheachtas é de chuid Chonradh na Gaeilge agus “Gaelscoileanna”. Cuimsíonn sé freisin comhfhreagras leis an Aire Oideachais, Niamh Breathnach.

Oideachas Meánscoile
UGA G/G60/30/8 · Sub-series · 03/03/1913-1997
Part of Gaeilge

Cuimsíonn an fhoshraith seo ábhar a bhaineann le hoideachas Meánscoile agus tá miontuairiscí, páipéir scrúdaithe agus torthaí, tuarascálacha, comhfhreagras, gearrthóga agus ciorcláin san áireamh ann. Tá sé in ord croineolaíoch agus tá sé roinnte i bhfo-fhoshraith amháin agus 7 gcomhad eile.

UGA G/G60/37/4 · Sub-series · 28/03/1973-12/02/1998
Part of Gaeilge

Is éard atá san fhoshraith seo ábhar a bhaineann leis an gcóras oideachais i dTuaisceart Éireann, athchóiriú an chórais sin, agus an seasamh a bhí ag an nGaeilge laistigh de; áirítear ann comhfhreagras, preasráitis, tuarascálacha agus gearrthóga. Áirítear ann chomh maith ábhar a bhaineann go sonrach le Scoil Bhéal Feirste (G60/37/4/2); Gaelscoil na bhFál (G60/37/4/3) agus Meánscoil Feirste (G60/37/4/4). Áirítear sa chomhad deiridh chomh maith rún ó Chomhairle Chathair Pittsburgh ag tacú le hiarrachtaí Chonradh na Gaeilge in Pittsburgh airgead a bhailiú le cothabháil a dhéanamh ar an scoil agus ag iarraidh aird a tharraingt "to the meanspirited refusal of state support of the school by the British Government", 21 Márta 1995.

Oideachas Réamhscoile
UGA G/G60/30/6 · Sub-series · 1968-2004
Part of Gaeilge

Is éard atá san fhoshraith seo ábhar a bhaineann le hoideachas réamhscoile trí Ghaeilge agus tá sé roinnte i 4 bhfo-fhoshraith agus comhad: Na Naíonraí Gaelacha (G60/30/6/1); Na Naíscoileanna Gaelacha (seans roimh Na Naíonraí Gaelacha) (G60/30/6/2); An Comhchoiste Réamhscolaíochta Teo. (G60/30/6/3) agus ábhar a bhaineann le haighneacht ó Fhorbairt Naíonraí Teoranta "I dTreo Creata don Luathfhoghlaim" agus a dtuarascáil bhliantúil 2003-2004.

Oideachas Tríú Leibhéal
UGA G/G60/30/9 · Sub-series · 1901-2007
Part of Gaeilge

Baineann ábhar san fhoshraith seo le hoideachas ag an Tríú Leibhéal agus tá sé in ord croineolaíoch nuair ab féidir.

Oideachas tríú leibhéal
UGA G/G60/30/9/2 · File · 1943-30/03/1961
Part of Gaeilge

Tá caint le Thomas Condon sa chomhad seo a thug sé ag cruinniú speisialta i dTeach an Ard-Mhéara 1943, maidir le comhlacht rialaithe UCD agus na fadhbanna a bhí ag Conradh na Gaeilge leis; ábhar a bhaineann le scrúduithe scoláireachta le haghaidh iontrála ar choláiste a chur ar fáil i nGaeilge 1/6/1948-12/12/1949; ábhar a bhaineann le lóistín in ollscoileanna 7/1954-12/1959; Institiúid Ard-Léinn Bhaile Átha Cliath liosta d’fhoilseacháin scoil an Léinn Cheiltigh [1959/1960] agus ábhar ón gCoimisiún um Ard-Oideachas 25/11/1960-30/3/1961.