Is éard atá san ábhar sa chomhad seo comhfhreagras ginearálta maidir le Tuaisceart Éireann lena n-áirítear tagairt do choinníollacha príosúnach sna H-Bhloic; cóipeanna de ráitis a rinne polaiteoirí Éireannacha éagsúla lena n-áirítear an Taoiseach Jack Lynch, an Taoiseach Charles Haughey, an tAire Gnóthaí Eachtracha Micheal O'Kennedy, Spéicéir Theach na nIonadaithe sna Stáit Aontaithe Thomas 'Tip' O'Neill agus daoine eile; ráiteas ón gCairdinéal Ó Fiaich tar éis a chuairteanna ar na H-Bhloic, agus ábhar a bhaineann le foilsiú leabhair ar Roger Casement, agus an leabhar "Hidden Ulster”.
Is éard atá san fhoshraith seo ábhar a bhaineann le cearta teanga, Gaeilge san oideachas, Gaeilge ar an teilifís agus i gcló, an chaoi ar láimhseáil rialtas na RA an Ghaeilge maidir le síocháin agus athmhuintearas, stádas na Gaeilge i dTuaisceart Éireann agus dearcthaí ginearálta i leith an teanga. Áirítear inti freisin ábhar a bhaineann leis an gcomóradh 25 bliain ó cuireadh saighdiúirí na Breataine ar shráideanna TÉ (Lúnasa 1994) agus agóidí agus cruinnithe poiblí faoin ábhar sin, 1994-1996.
Is éard atá sa chomhad seo comhfhreagras, preasráitis agus gearrtháin a bhaineann le cearta agus an tseirbhís sláinte, lena n-áirítear roinnt cásanna inar dhiúltaigh foireann ospidéil glacadh le hainmneacha othar murar aistríodh go Béarla iad.
Is éard atá san fhoshraith seo comhfhreagras, tuairiscí, bileoigíní agus gearrtháin a bhaineann le cearta na bPríosúnach i bPoblacht na hÉireann, i dTuaisceart Éireann agus i Sasana agus tá sé roinnte i 6 chomhad.
Baineann G60/29/17/1 le ceart na bpríosúnach Gaeilge a labhairt agus a fhoghlaim agus ábhair Ghaeilge a fháil agus a úsáid sa phríosún agus tá nóta scríofa ar pháipéar tobac ann ó phríosúnach H-Bhloc Seán Ó Néill (25/9/1984); baineann G60/29/17/2 leis an gcaoi ar caitheadh leis na príosúnaigh lena n-áirítear minicíocht agus foréigean nochtchuardach agus áirítear ann "Report of the Independent Public Inquiry into Abuse and Torture of Irish Prisoners", Bealtaine 1978; tá ábhar in G60/29/17/3 a bhaineann le Cás Nicky Kelly [líomhnaíodh gur ghlac Kelly páirt i Robáil Traenach na Sollán 1976, gur céasadh é agus é faoi choimeád agus tar éis fianaise a fháil a chaith amhras ar a chiontú, tugadh pardún Uachtaráin ar deireadh thiar dó]. Is éard atá sna trí chomhad deiridh san fhoshraith seo gearrtháin a bhaineann leis na topaicí seo.
Baineann an t-ábhar san fhoshraith seo le coiste Náisiúnta na H-Bhloc, le príosúnaigh sna H-Bhloic agus leis an gcaoi ar caitheadh leo i dTuaisceart Éireann lena n-áirítear úsáid na Gaeilge i bpríosúin, stailceanna ocrais, agus tacaíocht ó Chonradh na Gaeilge. Áirítear ann comhfhreagras, miontuairiscí, bileoga agus preasráitis. I measc na míreanna eile tá preasráiteas maidir le litir ó Mhaolsheachlainn Ó Caollaí chuig an Uachtarán Hillery thar ceann príosúnach sa Tuaisceart maidir lena stádas dá nglacfadh Éire ballraíocht sa Chomhphobal Eorpach (G60/37/5/1); litir ar pháipéar toitíní i nGaeilge ó Dhonncha Mac Niallais, oifigeach Gaeilge, na H-Bhloic 19/9/83 (G60/37/5/2); litreacha ó na príosúnaigh Pól Ó Manachain, Eoghan Mac Cormaic, RJ McAllister (maidir le "The Corporals Trials"), agus ábhar a bhaineann le cás a thionscain Mac Cormaic agus John Pickering i gcoinne Oifig Thuaisceart Éireann maidir leis an gcaoi ar pléadh leis an nGaeilge agus le húsáid na Gaeilge sa phríosún (G60/37/5/3); agus ábhar a bhaineann le heiseachadadh (G60 /37/5/4).
Is éard atá san ábhar sa chomhad seo comhfhreagras idir Conradh na Gaeilge agus an ITGWU lena n-áirítear ábhar a bhaineann le seasamh an cheardchumainn i gcoinne an British Gas Corporation a bheith ceaptha mar chomhairleoirí, faoi thionscadal phíblíne Chionn tSáile de chuid an Bhoird Gáis agus an úsáid a bhain an Ceardchumann as seirbhísí aistriúcháin Chonradh na Gaeilge.
Is éard atá san fhoshraith seo ábhar a bhaineann le múinteoirí, a gceardchumainn agus a n-eagraíochtaí. Tá an fhoshraith roinnte ina 3 fho-fhoshraith agus comhad: Ceardchumainn agus cumainn múinteoirí (G60/20/5/1); Oiliúint (G60/30/5/2) agus Feasacháin agus nuachtlitreacha (G60/30/5/3).
Is éard atá san fhoshraith seo ábhar a bhaineann leis an bhfeachtas maidir le Ceannach Earraí Éireannacha, cearta tomhaltóirí, earraí Éireannacha a chur chun cinn, agus dlíthe iomaíochta sa CEE. Cuimsíonn sé comhfhreagras, preasráitis, agus samplaí ilteangacha de ghreamáin, de mhataí beorach agus de mhálaí plaisteacha.