Showing 45298 results

Archival description
708 results with digital objects Show results with digital objects
UGA G/G60/6/6/1 · File · 30/06/1917-11/05/1925
Part of Gaeilge

Ábhar a bhaineann le huachtanna Michael McCaul (30/06/1917-04/08/1920) agus ó Miss DV French (11/05/1925), agus bronnadh síntiúis ar Chonradh na Gaeilge dá mbarr.

Miontuairiscí
UGA G/G60/3/1/1 · Sub-sub-series · 09/1946-2004
Part of Gaeilge

San fho-fhoshraith seo tá miontuairiscí cruinnithe coiste idir na 1950í agus na 2000í agus eagraítear go cróineolaíoch í. Tá inti freisin miontuairiscí chruinnithe an Choiste Airgid/Bhuanchoiste a tionóladh roimhe sin agus a pléadh agus a scrúdaíodh le linn chruinnithe an Choiste Ghnó. Tá ábhar i gcoitinne ag an bhfoshraith seo agus G60/3/3. Áirítear leis an ábhar freisin cuntais do Clódhanna Teo. agus ciorcláin.

Miontuairiscí
UGA G/G60/13/3 · Sub-series · 1905-2004
Part of Gaeilge

Tá miontuairiscí san fhoshraith seo a bhaineann leis an Ard Fheis agus an Chomhdháil. Níl an t-ábhar iomlán ann agus ní chlúdaíonn sé ach cuid den tréimhse atá liostaithe [1905-2004].

Miontuairiscí
UGA G/G60/11/7/2 · Sub-sub-series · 1979-2013
Part of Gaeilge

San fho-fhoshraith seo tá miontuairiscí in ord cróineolaíoch. Cuimsíonn sé ráitis airgeadais freisin.

UGA G/G60/11/3/2 · Sub-sub-series · 1992-2005
Part of Gaeilge

Cuimsíonn an fho-fhoshraith seo miontuairiscí agus cláir oibre a bhaineann le cruinnithe coiste chomh maith le tuarascálacha, roinnt comhfhreagrais agus roinnt gearrthóga nuachtáin. Tá sé in ord croineolaíoch. Chun cloí le rialacháin GDPR, níl rochtain le fáil ar chuid den ábhar.

Míreanna liteartha
UGA G/G60/19/1 · Sub-series · [1920]-[1990]
Part of Gaeilge

San fhoshraith seo tá míreanna liteartha Gaeilge ar ábhar spéise iad mar aon le dréachtaí agus comhfhreagras gaolmhar lena n-áirítear “Scéal na Scannán” le Proinsias Ó Conluain [G60/19/1/1]; “The Reminiscences of Alan G. A. Saul (1901-1981)” [G60/19/1/2]; "Faust in Irish" arna aistriú ag Piaras Béaslaí [G60/19/1/3] agus “Eisreachtaí” le Risteárd Ó Glaisne [G60/19/1/4]. I gcomhad deiridh na sraithe [G60/19/1/5] tá cóip Phroinnsias Uí Riain de “An Táin” agus cóip Aindrias Uí Mhuinneacháin de “Principles of Freedom”, le Terence MacSwiney, a bhfuil nótaí tráchta scríofa orthu araon.

Míreanna ollmhóra
UGA G/G60/7/4/4 · Sub-sub-series · [1980]-[2000]
Part of Gaeilge

Is éard atá san fho-fhoshraith seo míreanna ollmhóra a úsáideadh i dtaispeántais agus tá cóip mhór taispeána ann de “Inniu - Cruinnithe na hAiséirí 1919-1966” (G60/7/4/4/1); póstaeir do bhailiúchán CnaG [geata an tséipéil] (G60/7/4/4/2); póstaer "Impiriúlachas Cultúir" (G60/7/4/4/3); "Déan Gnó Trí Ghaeilge" (G60/7/4/4/4); "Beannachtaí na Nollag" (G60/7/4/4/5); "Irish is Important for Our Future" (G60/7/4/4/6)..

Míreanna Ollmhóra
UGA G/G60/11/9 · Sub-series · 1992-[199-]
Part of Gaeilge

Is éard atá san fhoshraith seo trí ghrianghraf lannaithe ollmhóra ón eagraíocht Comhluadar, agus sciath Ógras a bhfuil an inscríbhinn “An Club Gaelach Inis 1992” air.

Mod
UGA G/G60/17/2/2 · File · 1979-1997
Part of Gaeilge

Tag / Ref: G60/17/2/2