Showing 36517 results

Archival description
708 results with digital objects Show results with digital objects
UGA G/G60/3/23 · Sub-series · 1976-11/06/1984
Part of Gaeilge

San fhoshraith seo tá miontuairiscí, comhfhreagras (lena n-áirítear comhfhreagras le seanadóirí agus le Teachtaí Dála), dréachtaí, bileoigíní, agus gearrthóga a bhain le géarchéim na Gaeilge lena n-áirítear dréachtnótaí le haghaidh fhoilsiú agus scaipeadh an chiorcláin “Géarchéim na Gaeilge”, mí an Mhárta 1983.

Féach freisin G60/3/15 and G60/29

UGA G/G60/3/17 · File · 10/04/1970-15/06/1990
Part of Gaeilge

Baineann an comhad seo le coiste de chuid Chomhdháil Náisiúnta na Gaeilge (i.e. gan aon bhaint aige le Conradh na Gaeilge) agus tá ann comhfhreagras, miontuairiscí, preasráitis agus gearrthóga preasa a bhaineann lena gcuid oibre.

UGA G/G60/46/5 · File · 05/1956-28/01/1986
Part of Gaeilge

Baineann an t-ábhar sa chomhad seo le Coiste Chathair Bhaile Átha Cliath Chonradh na Gaeilge. Miontuairiscí, tuairiscí agus comhfhreagras atá ann.

Coiste Bheocht na Gaeilge
UGA G/G60/3/6 · File · 1984-1985
Part of Gaeilge

Sa chomhad seo tá miontuairiscí agus comhfhreagras a bhaineann le hobair an choiste maidir le stádas agus beocht na Gaeilge a scrúdú. Bhí an coiste seo ar an saol ar feadh tréimhse gairide (1984 – 1985) agus is cosúil go dtagann mbaineann agus go leanann sé le hobair Choiste Géarchéim na Gaeilge (G60/3/23).

Coiste an Deontais
UGA G/G60/3/14 · File · 01/02/1974-18/10/1977
Part of Gaeilge

Áirítear leis an ábhar sa chomad seo seo miontuairiscí, comhfhreagras agus moltaí an choiste le haghaidh airgead a thiomsú.

Féach freisin G60/5

Coiste an Céilidhe
UGA G/G60/3/11 · Sub-series · 11/1949-16/6/1982
Part of Gaeilge

Sa fo-shraith seo tá miontuairiscí, comhfhreagras, taifid airgeadais (lena n-áirítear cuntais, seiceanna agus leabhair taisce), teastais árachais agus tuarascálacha. D’fhéadfadh go raibh an coiste seo ina chuid den Ard-Chraobh (G60/4/3/6) ach baineann an t-ábhar le céilithe a eagraíodh taobh amuigh de réime na craoibhe sin freisin.

Féach freisin G60/16 G60/21

UGA G/G60/30/9/1 · File · 1901-1907
Part of Gaeilge

Sa chomhad seo tá Miontuairiscí Fianaise agus Cáipéisí 1901, 1903, 1906 agus 1907 ón gCoimisiún Ríoga ar Oideachas Ollscoile in Éirinn.

UGA G/G60/43/2 · File · 18/01/1996/ 23/10/1996
Part of Gaeilge

Is éard atá sa chomhad seo ábhar a bhaineann le haighneacht Chonradh na Gaeilge chuig an gcoimisiún a bhunaigh an Roinn Ealaíon, Cultúir agus Gaeltachta chun scrúdú a dhéanamh ar ról eagraíochtaí deonacha Gaeilge agus tá comhfhreagras, cuntais, ailt as nuachtáin, téarmaí tagartha ann; tá aighneacht ó Ógras ann chomh maith.

Coimisiún na Gaeltachta
UGA G/G60/32/4 · Sub-series · 1925-2003
Part of Gaeilge

Baineann an t-ábhar san fhoshraith seo le Coimisiún na Gaeltachta, gníomhaireacht de chuid Rialtas na hÉireann freagrach as ról na Gaeilge sa Ghaeltacht a neartú. Tá comhfhreagras, aighneachtaí chuig coimisiún Chonradh na Gaeilge, tuairiscí, gearrthóga agus moltaí ann agus baineann an t-ábhar den chuid is mó leis an tréimhse ó dheireadh na 1990idí agus tús na 2000í. Cuimsíonn sé freisin méid beag fótachóipeanna de mhiontuairiscí agus d’ailt ó na 1920idí.

Coimisiún na Gaeilge
UGA G/G60/33/2 · Sub-series · [1964]-2009
Part of Gaeilge

Baineann an chéad chomhad san fhoshraith seo le hobair Choimisiún na Gaeilge sna 1960í agus is é atá ann sraith ailt aon leathanach i mBéarla ag cur chun cinn na Gaeilge agus athbheochan na Gaeilge agus ag féachaint le mífhaisnéis choitianta a bhréagnú. Baineann an dá chomhad dheireanacha le hobair an choimisinéara teanga don tréimhse 2003-2009 agus áirítear leo tuairiscí, preaseisiúintí agus ailt.