Baineann ábhar san fhoshraith seo le himeachtaí éagsúla agus cuimsíonn sé cláir, comhfhreagras, grianghraif, preaseisiúintí, miontuairiscí agus tuairiscí.
Cuimsíonn G60/17/4/1 ábhar a bhaineann leis an gComhdháil Cheilteach agus tá grianghraf dubh agus bán ón gComhdháil Cheilteach in Douglas, Oileán Mhanann, (1921 nó 1938) ag a raibh Dubhghlas de hÍde, Úna Ní Fhaircheallaigh, H Percy Kelly, William Cubbon agus Mona Douglas i láthair. Cuimsíonn G60/17/4/2 tuairiscí agus cláir do thaispeántais bhliantúla Chumann Náisiúnta Curadóireachta agus Tionscal (National Agricultural and Industrial Development Association) don tréimhse 1941-1952. Cuimsíonn G60/17/4/3 ábhar a bhaineann le seachtain tuaithe bhliantúil Mhuintir na Tíre do 1957 agus 1960. Baineann an comhad deiridh san fhoshraith seo le roinnt imeachtaí eile mar atá Comhdháil Aontacht Ghael-Mheiriceánach 1984, agus Iubhaile Órga Choiste na nGael nÓg 1988.
Is éard atá san fho-fhoshraith seo ábhar a bhaineann le himeachtaí agus le comórtais éagsúla de chuid na heagraíochta lena n-áirítear an chomhdháil bhliantúil, campaí samhraidh, Cluichí Oilimpeacha Ógras agus na cluichí “Tailteann” agus tá sé in ord croineolaíoch nuair ab fhéidir.
Baineann ábhar san fhoshraith seo le himeachtaí comórtha éagsúla de chuid Chonradh na Gaeilge agus san áireamh ann tá comhfhreagras, miontuairiscí, grianghraif, preaseisiúintí, póstaeir agus baill éadaigh cosúil le suaitheantais éadaigh.
Baineann ábhar san fhoshraith seo le himeachtaí comórtha éagsúla agus cuimsíonn sé comhfhreagras, cláir, leabhráin, bileoigíní, gearrthóga agus miontuairiscí.
Cuimsíonn G60/17/3/1 ábhar a bhaineann le himeachtaí comórtha céid Thomas Davis agus Éire Óg, 1945, agus comóradh 75 bliain Shléacht Bhailte Ó Síoda, 1998. Cuimsíonn na ceithre chomhad ina dhiaidh sin ábhar a bhaineann le comóradh 50, 75 agus 100 bliain Éirí Amach na Cásca 1916.
Baineann an fho-fhoshraith seo le cuimhneacháin eile de chuid Chonradh na Gaeilge cosúil le comóradh 75 bliain de Chraobh Ghrealláin, Béal Átha na Sluaighe in 1977; comóradh 10 mbliana Scoil Raifteirí in 1993 agus comóradh 50 bliain ó bhásaigh Seumas [sic] O’Kelly (1968) chomh maith le hábhar a chruthaigh brainsí aonair chun comóradh céad bliain Chonradh na Gaeilge a cheiliúradh.
Baineann ábhar san fhoshraith seo le himeachtaí éagsúla a d'eagraigh Conradh na Gaeilge, cuimsíonn sé comhfhreagras, cláir, ailt agus grianghraif agus tá sé in ord croineolaíoch.
I measc na n-imeachtaí a chuimsítear tá an dinnéar bliantúil agus cabaret, 1962, agus an oilithreacht Náisiúnta go Cruach Phádraig, 1963 (G60/16/5/1); An Tionól – Rinn Mhic Ghormáin, 1966 (G60/16/5/2); dinnéar do chomóradh céad bliain Chonradh na Gaeilge (Dinnéar an Chéid), 1993 (G60/16/5/3); seimineáir éagsúla (G60/16/5/4); seoladh an nóta nua 50 punt ar a raibh pictiúr de Dhubhghlas na hÍde, 1995 (G60/16/5/5 agus G60/16/5/6) agus an chéad mhórfhéasta d’Fhondúireacht Dhubhghlas na hÍde, 2019 (G60/16/5/7).
Is éard atá sa chomhad seo gearrtháin a bhaineann le hImtheorannú, Príosúnaigh i dTuaisceart Éireann agus Stailceanna Ocrais.
Is éard atá i gceist leis an bhfoshraith seo comhfhreagras, liostaí nuashealbhúchán leabharlainne, liostaí irisí agus alt faoi leith ó irisí teanga, tuarascálacha bliantúla, gearrthóga nuachtáin agus catalóga a bhaineann le hInstitiúid Teangeolaíochta Éireann. Bunaíodh an Institiúid in 1972 mar ionad taighde náisiúnta do pholasaí teanga an stáit, agus an dualgas a cuireadh faoina cúram ná seirbhísí taighde agus comhairleoireachta a chur ar fáil do gach gníomhaireacht a raibh baint acu le saincheisteanna teanga.