Comhfhreagras le Seán Ó Dálaigh atá san fhoshraith seo agus tá ord croineolaíoch air nuair is féidir agus nuair is cuí. In G60/46/7/1, tá comhfhreagras maidir le hoideachas agus oiliúint, Comhar na Múinteoirí Gaeilge, Naíonraí Gaelacha, "Gaelscoileanna" agus Coiste thuismitheoirí Scoileanna Gaeilge [coiste do thuismitheoirí daltaí a bhí ag freastal ar scoileanna Gaeilge]. Ábhar maidir leis an ‘Ionad Buail Isteach’, 43 Sráid Essex Thoir, Baile Átha Cliath atá in G60/46/7/2, áit ar reáchtáladh ranganna teanga, turais, ciorcail chomhrá, imeachtaí tacaíochta i ndáil le cearta an duine & cearta sibhialta ó 1973, imeachtaí nádúir agus imeachtaí don óige. Comhfhreagras maidir leis an gCoimisiún le Rincí Gaelacha atá in G60/46/7/3, a raibh Seán Ó Dálaigh ina Chathaoirleach air ar feadh tréimhse. Sa dá chomhad deiridh den fhoshraith seo a chuimsíonn an tréimhse 1960-2011, tá comhfhreagras ginearálta, cuirí agus bileoigíní.
Baineann an tsraith seo le comhfhreagras idir Conradh na Gaeilge (CnaG) agus daoine agus eagraíochtaí éagsúla, agus tá ord croineolaíoch uirthi de réir gach deich mbliana*. Is é atá i gceist léi den chuid is mó fiosrúcháin maidir leis an nGaeilge; na ranganna a bhí á reáchtáil ag CnaG; taighde; agus obair CnaG féin. Is féidir teacht ar chomhfhreagras i ndáil le topaic faoi leith sa tsraith a bhaineann leis an topaic sin e.g. G60/30 Oideachas.
*Tá ábhar sa tsraith seo curtha in ord croineolaíoch ach tá roinnt míreanna lasmuigh de raon dátaí an chomhaid san áireamh freisin, ar mhaithe leis an gcomhthéacs.
Tag / Ref: G60/17/4/1
Baineann an t-ábhar sa chomhad seo leis an gComhchoiste Sealadach Feidhmiúcháin agus clúdaítear ann roinnt míonna ó mhí Aibreáin go mí na Samhna 1974. Áirítear leis comhfhreagras, bileoigíní, preasráitis agus ábhar a bhaineann le “Feachtas na Gaeilge 1964”.
Eagraíocht Náisiúnta Gaeilge ab ea Na Teaghlaigh Ghaelacha a bunaíodh in 1960 le linn Oireachtas na bliana sin chud cuidiú le teaghlaigh inar labhair ar a laghad tuismitheoir amháin Gaeilge agus ina raibh sé i gceist acu a a gclann a thógáil le Gaeilge. Sa chomhad seo tá comhfhreagras agus gearrthóga a bhaineann leis an gcomhchoiste don eagraíocht seo.
Sa chomhad seo tá comhfhreagras, miontuairiscí, preasráitis agus gearrthóga a bhaineann le hobair an chomhchoiste a thagann ar scair obair Choiste Ghéarchéim na Gaeilge (G60/3/23) agus an Chomhchoiste Toghchánaíochta (G60/3/32).
In ábhar na foshraithe seo tá miontuairiscí, cuntais, preasráitis agus gearrthóga a bhaineann leis an gcomhchoiste agus a bhaineann go príomha le comórtais spóirt agus cluichí a reáchtáladh mar chuid de chomórtais bhliantúla an Oireachtais (Comórtas Thomáis Aghas). Tá inti freisin comhfhreagras le CLG agus liosta dá n-oifigigh Gaeilge (1984).
Féach freisin G60/20
Tá ábhar sa chomhad seo a bhaineann le “Comhchoiste na Gaeilge” atá comhdhéanta de roinnt eagraíochtaí Gaeilge, Conradh na Gaeilge san áireamh, a bunaíodh chun eagraíochtaí a thabhairt le chéile agus comhoibriú chun cúis na Gaeilge a chur chun cinn. I measc na n-eagraíochtaí eile ar an gcoiste tá Comhaltas Ceoltóirí Éireann, Comhdháil Náisiúnta na hÉireann, An Cumann Lúthchleas Gael agus Gael-Linn. Tá miontuairiscí, téarmaí tagartha, comhfhreagras agus seicleabhar ann.
Áirítear leis an ábhar san fhoshraith seo tuarascálacha ó chanbhasáil, miontuairiscí, comhfhreagras, cuntais bhliantúla agus gearrthóga a bhaineann leis an obair a rinne an fochoiste seo i ndáil le dearadh, poiblíocht agus díol suaitheantais (An Fáinne) a bhí le caitheamh ag acu siúd?? a raibh Gaeilge líofa acu nó a bhí toilteanach Gaeilge a labhairt. B’athnuachan é an bróiste ar mhúnla níos luaithe ón mbliain 1916. Áirítear leis an bhfoshraith seo freisin bileoigín a bhaineann leis “An Nasc” taca na bliana 1943, arbh iarracht eile é an “Fáinne” bunúil a athnuachan, b’fhéidir.
Féach freisin G60/1/6
Comhartha a úsáideadh ag Bailiúchán Náisiúnta chun airgead a bhailiú do Chonradh na Gaeilge (gan aon dáta - 1960idí/1970idí?).