Tag / Ref: G60/15/6/3
Is éard atá sa chomhad seo sraith grianghraf dubh agus bán a thug Lil Nic Dhonnchadha do Chonradh na Gaeilge. Seans go bhfuair sí cuid acu ó Earnán de Blaghd. Grianghraif de scoil éigin iad seo [Coláiste Móibhí b’fhéidir] sna 1950idí, agus tá grianghraif ranga de chailíní agus de bhuachaillí in éide scoile le Lil sa lár agus baill foirne eile le feiceáil iontu. Tá liosta d’ainmneacha na ndaltaí uile (ach ní na múinteoirí) i ngrianghraf amháin, tá Éamon de Valera i gceann amháin, agus baineann péire le cailíní i mbun cor ochtair agus múinteoir ar an bhfidil.
Rogha grianghraf (1990idí) lena n-áirítear grianghraif (dubh agus bán agus Daite agus roinnt claonchlónna san áireamh) den Ard-Fheis, Tionól agus cruinnithe eile; grianghraf d’Éamon Ó Cuív le leanaí neamhaitheanta ag seoladh CD; grianghraf de chailín le smidiú “An Ghaeilge” uirthi - bainte as fráma briste.
Grianghraif gan ord i gclúdaigh lena n-áirítear roinnt rollaí scannáin agus claonchlónna.
Grianghraif gan ord i gclúdaigh lena n-áirítear roinnt rollaí scannáin agus claonchlónna.
Is éard atá sa chomhad seo grianghraif dhubha agus bhána d’iar-uachtaráin CnaG, sínithe ag roinnt díobh, bainte as frámaí briste: Proinsias Mac Aonghusa, Ite Ní Chionnaith, Mícheál Ó Murchú, Albert Fry, Pádraig Ó Snodaigh, Maolsheachlainn Ó Caollaí, Cathal Ó Feinneadha, Mícheál Mac Cárthaigh, Tomás Ó Muircheartaigh, Annrai Ó Liatháin, Liam Ó Luanaigh, Diarmaid Mac Fhionnlaoich, Seán Óg Ó Tuama, Mac Giolla Bhríde, Cormac Breathnach, Dubhghlas de hÍde.
Is éard atá sa chomhad seo 9 bpictiúr ar chláir d’iar-Uachtaráin CnaG 1916-1943; Eoin Mac Néill; Mac Giolla Bhríde; S Ó Ceallaigh; P Mac Fhionnlaoich; An Dr Seán Mac Énrí; An Dr Cormac Breathnach; Liam Ó Buachalla; Seán Óg Ó Tuama; Diarmuid Mac Fhionnlaoich.
Baineann an t-ábhar sa chomhad seo le himeachtaí éagsúla, agus áirítear leo an chéad Chomhdháil Idirnáisiúnta ar Mhionteangacha 1980 agus comhdháil faoi “Lesser Used Languages in a Europe without boundaries”, an Bhreatain Bheag 1988.