Clúdaíonn ábhar sa chomhad seo an tréimhse 1910–1920 agus tá comhfhreagras ann a bhaineann le Shane Leslie ag léachtóireacht in Ollscoil Toronto, (1911–1912); cás dlí an Athar Oirmhinnigh Flanagan i gcoinne Chonradh na Gaeilge 1914 (cás don abhcóide chun comhairle a chur ar ghiúróirí); Seic ó Terence McSwiney (26/03/1920); cóipeanna de litreacha / nótaí ó Phríosún Dartmoor, Devon, Sasana ó c. 1916; óráid Phádraig Mhic Piarais ag uaigh Uí Dhonnabháin Rosa; litir ó choiste Sochraide Uí Dhonnabháin Rosa ag lorg airgid dá shochraid (1915); cuireadh chun comhdhála "Against Exclusion of Ulster" 1914; ábhar a bhaineann le bailiú airgid do Kate Barry agus a fianaise 1917, 1918; Sinn Féin – Pobalbhreith ar Neamhspleáchas na hÉireann (20/01/1918); gearrthóga nuachtáin ar phlaisteach/téip a bhaineann le hÉirí Amach 1916, agus gearrthóg ón Evening Telegraph a bhain le hArd-Mhéara Bhaile Átha Cliath, Alderman Thomas Kelly, a ghabháil agus a chur go Wormwood Scrubs, Iarthar Londan, Sasana (04/02/1920).
Clúdaíonn ábhar sa chomhad seo an tréimhse 1921-1929 agus tá bileoigín ann “Subscriber to the First Load of the Republic of Ireland” gan dáta; litir ón gCraoibhín [Dubhghlas de hÍde] maidir le baill de CnaG gan aon pholaitíocht eile acu ach dul isteach sa Dáil, chun an Ghaeilge a chur chun cinn (10/5/1922); comhfhreagras le Seán Ó Muirthuile Ard-Rúnaí CnaG agus suaitheantas éadaigh “Kasr-el = Nil Fruit Stall” do Mater Carnival Dhroichead na Dothra, Meán Fómhair 1922.
Clúdaíonn ábhar sa chomhad seo an tréimhse 1930-1939 agus tá comhfhreagras ann le Dubhghlas de hÍde ó An MacLachlainn, Earra-Ghàidheal (16/11/1935); litir ó LaFayette Ltd ag iarraidh ar de hÍde suí le haghaidh grianghraf foilseacháin nua, gan aon dáta; litir ó rúnaí príobháideach Uachtarán na hÉireann chuig Riobárd A. Braham, Rúnaí na hArd-Chraoibhe ag gabháil buíochais le baill na craoibhe as an tUachtarán de Valera a thoghadh mar uachtarán ar an gcraobh ach ag fiafraí díobh nár cheap siad gurbh fhearr duine a thoghadh a bheadh in ann freastal níos minice (27/5/1937).
Clúdaíonn ábhar sa chomhad seo an tréimhse 1940-1949 agus tá comhfhreagras ginearálta ann ón Ard-Rúnaí Ónórach agus ón Rúnaí; cóip de litir ó Sheán Ó Cathasaigh chuig Walter Macken, stiúrthóir na Taibhdheirce ag an am maidir le dleachtanna ón leagan Gaeilge de The Plough and the Stars (04/11/1942); cártaí a ghabhann le píosaí cácaí bainise a sheol daoine nua-phósta (26/07/1943, 03/08/1944); cóip de litir ón gCoirnéal a Mhórgacht an Prionsa O'Brien as Tuathmhumhan chuig Uachtarán CnaG 16/10/1948.
Clúdaíonn ábhar sa chomhad seo an tréimhse 1950-1959 agus tá comhfhreagras ginearálta ann chuig Donncha Ó Súilleabháin, Ard-Rúnaí CnaG; eolas faoi Chumainn Ghaelacha Nua Eabhrac, faoin gComhdháil Cheilteach 1959; clár do chomóradh 80 bliain a bhunaithe Chumann Carad na Gaedhilge 1954. Tá roinnt gearrthóga ann freisin.
Clúdaíonn ábhar sa chomhad seo an tréimhse 1960-1969 agus tá comhfhreagras ginearálta ann chuig Donncha Ó Súilleabháin Ard-Rúnaí CnaG; ábhar a bhaineann le hAlbain, neamhspleáchas na hAlban, filí na hAlban agus raidió na hAlban. Tá roinnt grianghraf dubh agus bán ann freisin.
Clúdaíonn an t-ábhar san fhoshraith seo an tréimhse 1970-1979. Tá comhfhreagras ginearálta sa chéad chomhad agus tá ábhar sa dara comhad faoin lipéad “Peadar Ó Riain”.
Clúdaíonn ábhar sa chomhad seo an tréimhse 1980-1989 agus tá gearrthóga, cláir agus cuirí agus comhfhreagras ó Leabharlann na Comhdhála, SAM maidir le scéim malartaithe leabhar ann 01/08/1984.
Clúdaíonn ábhar sa chomhad seo an tréimhse 1990-1999 agus tá cuirí, ábhar frith-chinedheighilte agus ábhar ar SEIF ann.
Clúdaíonn ábhar sa chomhad seo an tréimhse 2000-2009 agus tá cuirí agus preasráitis ann.