Showing 36517 results

Archival description
708 results with digital objects Show results with digital objects
UGA G/G60/37/9 · Sub-series · 04/1973-1999
Part of Gaeilge

Is éard atá san fhoshraith seo ábhar a bhaineann le Tuaisceart Éireann lena n-áirítear comhfhreagras, preasráitis, tuarascálacha agus bileoga.

Comhfhreagras srl.
UGA G/G60/13/6 · Sub-series · 1907-2005
Part of Gaeilge

Is éard atá san fhoshraith seo comhfhreagras agus gearrthóga a bhaineann leis an Ard Fheis agus tá siad in ord croineolaíoch. Tá ráiteas ann freisin maidir le stair na hArd Fheise, agus cáipéis gan dáta ar thaispeántas stairiúil a tionóladh ag Ard Fheis [G60/13/6/7]

UGA G/G60/39/8 · Sub-series · 01/04/1922-22/07/2015
Part of Gaeilge

Baineann an t-ábhar san fhoshraith seo le comhfhreagras le hairí rialtais éagsúla. Naoi gcomhad atá ann agus tá ord croineolaíoch curtha orthu. Comhfhreagras ó Sheán Mac Maoláin chuig an Aire Oideachais (01 Aibreán 1922) atá in G60/39/8/1, agus tá tuairisc ann maidir le húsáid na Gaeilge agus an méid ama a caitheadh ag labhairt Gaeilge i roinnt scoileanna i gCúige Uladh. Áirítear leis chomh maith tuairiscí eile faoin nGaeilge i scoileanna ó M Ní [C?] Márta 1922, Corcaigh. Tá an t-ábhar sna hocht gcomhad ina dhiaidh sin (G60/39/8/2-G60/39/8/9) curtha in eagar i ngrúpaí de dheich mbliana agus cuimsíonn siad an tréimhse ón 13 Bealtaine 1942 go dtí an 22 Iúil 2015.

UGA G/G60/44/1 · Sub-series · 21/04/1894-[19--]
Part of Gaeilge

Baineann an t-ábhar san fhoshraith seo le comhfhreagras idir an tAth Peadar Ó Laoghaire [Ua Laoghaire] agus Eoin Mac Néill, agus áirítear leis obair ranga agus ceartúcháin. Tá obair ranga eile ann chomh maith a d’fhéadfadh baint a bheith aici leis an gcomhfhreagras sin.

Comhfhreagras ginearálta
UGA G/G60/38/4 · Sub-series · 1951-11/05/2007
Part of Gaeilge

Comhfhreagras atá san fho-fhoshraith seo idir Conradh na Gaeilge agus páirtithe polaitíochta éagsúla agus polaiteoirí aonair maidir lena bpolasaithe i leith na Gaeilge, stádas na Gaeilge agus a ndearcthaí ina leith, agus áit na Gaeilge i mBunreacht na hÉireann. Tá sé in ord croineolaíoch.

Comhfhreagras eile
UGA G/G60/44/2 · Sub-series · 10/1899-22/08/1940
Part of Gaeilge

Tá comhfhreagras éagsúil san fhoshraith seo, a n-áirítear leis litreacha ón Ath. Peadar Ó Laoghaire [Ua Laoghaire] chuig an Ath. Pádraig [de Búrca] agus an Craobhín Aoibhinn [Dubhghlas de hÍde] (G60/44/2/1); comhfhreagras chuig an Ath. Peadar ó Eoghan Ó Gramhnaigh, Domhnall Mac Cáib [Mac Cába], Patrick Stanton, Micheál P Ó hIceadha, Seosamh Laoide agus Risteard Ó Foghludha ("Fiachra Éilgeach") (G60/44/2/2); agus comhfhreagras chuig an Ath. Urramach Pádraig de Barra ó Thadhg Ó Néill, Anna Nic Iain agus Seán Ó Criomhthain (Na Blascaodaí).

UGA G/G60/32/7 · Sub-series · 1937-01/12/2004
Part of Gaeilge

Comhfhreagras agus preaseisiúintí a bhaineann leis an nGaeltacht atá san fhoshraith seo agus tá siad in ord croineolaíoch. Cuimsíonn an t-ábhar comhfhreagras a bhaineann leis an gComhdháil um Cháisc/Comórtais don Ghaeltacht 23/4/1946 [G60/32/7/1]; comhfhreagras a bhaineann le Gluaiseacht Chearta Sibhialta na Gaeltachta, 1977 [G60/32/7/2] agus cáipéisí a bhaineann leis an bhfiosrúchán poiblí a rinneadh ar Údarás na Gaeltachta, 1981/1982 [G60/32/7/7]. Baineann ábhar in G60/32/7/14 le pleanáil i gceantair Ghaeltachta agus achomhairc i gcoinne tógáil tithe ar nós tithe saoire sa Spidéal sna 1970idí agus forbairt i nDún na nGall sna 1980idí. Cuimsíonn sé freisin tuairisc ó Fhionntan Mac Aodha Bhuí: "Forbairt na Gaeltachta - Dearcadh úr de Dhíth".

Comhfhreagras 3
UGA G/G60/37/9/3 · File · 04/1973-1999
Part of Gaeilge

Tá tuarascálacha éagsúla agus comhfhreagras gaolmhar sa chomhad seo lena n-áirítear: ‘Hidden Ulster explored – a reply to Pádraig Ó Snodaigh’s “Hidden Ulster” – British and Irish Communist Organisation’, 04/1973; “Needs of Irish Medium Education in Belfast – the case for a second bunscoil in Belfast”, 10/1986; tuairisc suirbhé ar theagaisc na Gaeilge sna “Scoltach Coinnithe” i mórcheantar Bhéal Feirste” 01/1987; tuairisc ar shuirbhé na Gaeilge i mórcheantar Bhaile Uí Mhurchú, Bhéal Feirste”, 01/1987; “Conas an Ghaeilge a chraoladh I dTuaisceart Éireann”, Don Anderson, 1999; “Togaimis an Béal Feirste Nua” agus “Seo Chugainn an Béal Feirste Nua” 199[?].

Comhfhreagras 2000idí
UGA G/G60/38/4/5 · File · 24/02/2000-11/05/2007
Part of Gaeilge

Is éard atá sa chomhad seo comhfhreagras idir Conradh na Gaeilge agus páirtithe polaitíochta éagsúla agus polaiteoirí aonair maidir lena bpolasaithe Gaeilge.

Comhfhreagras 2000-2010
UGA G/G60/12/7 · File · [2000]-[2010]
Part of Gaeilge

Sa chomhad seo tá comhfhreagras don tréimhse ó 2000 - 2010.