Tag / Ref: G60/15/6/2
Gearrtháin a bhaineann leis na Tionscail Amharclannaíochta agus Scannáin atá san fhoshraith seo.
Gearrtháin ó na 1930í go dtí na 1980í atá san fhoshraith seo den chuid is mó, lena n-áirítear roinnt gearrthóg i ndáil le hinsealbhú Chearbhaill Uí Dhálaigh. Tá litir ann chomh maith ón gCraoibhín [Dubhghlas de hÍde] a seoladh as San Francisco in 1906 (G60/24/17/1) mar aon le páipéir scrúduithe 1932-1957 (G60/24/17/2).
Is éard atá sa chomhad seo gearrtháin lena n-áirítear gearrthóga maidir leis an bhfeachtas náisiúnta chun aitheantas a thabhairt do Ghaelscoileanna agus fadhbanna leanúnacha idir na scoileanna agus an tAire Oideachais, Niamh Breathnach.
Tag / Ref: G60/32/8/1
Tag / Ref: G60/32/8/5
Is éard atá san fhoshraith seo gearrthóga a bhaineann le páirtithe polaitíochta, agus polaiteoirí aonair agus tá sé in ord croineolaíoch.
Gearrtháin a bhaineann le poist atá sa chomhad seo.
San fhoshraith seo tá gearrthóga a bhaineann leis na meáin. Tá sí roinnte arís ina 2 chomhad agus ina 3 fho-fhoshraith agus tá ord croineolaíoch uirthi. Cuimsítear léi stáisiúin teilifíse agus raidió aonair, stáisiúin bhradacha san áireamh; raidió pobail áitiúil; craolachán satailíte agus billí craolacháin éagsúla.
Is éard atá i gceist leis an bhfoshraith seo ná gearrthóga nuachtáin a bhaineann le Teangacha Idirnáisiúnta, Réigiúnacha agus Mionteangacha, agus le hEagraíochtaí Teanga, agus tá ord curtha uirthi de réir gach deich mbliana. Laistigh de gach deich mbliana, tá ord croineolaíoch ar na gearrthóga de réir bliana ach amháin sa chás go raibh eagar orthu cheana féin, agus sa chás sin d’fhéadfaí roinnt blianta a bheith grúpáilte le chéile. Déileálann roinnt gearrthóg le topaicí atá lasmuigh de scóip na sraithe seo ach coinníodh leis an gcuid eile iad ar mhaithe leis an eagar reatha a choinneáil.