Baineann an t-ábhar san fhoshraith seo le fostaíocht, lena n-áirítear slite beatha in earnáil na Gaeilge, agus fostaíocht dóibh siúd a raibh Gaeilge acu.
Fo-foshraith atá i gceist le G60/31/2/1 a bhaineann le FÁS [An Foras Áiseanna Saothair], agus áirítear leis foirmeacha bána agus foirmeacha líonta, fógraí poist, eolas faoi chúrsaí atá ar fáil dóibh siúd atá faoi oiliúint ar chúrsaí FÁS, ábhar a bhaineann le roinnt Scéimeanna Fostaíochta Pobail de chuid FÁS chomh maith le comhfhreagras ginearálta.
Baineann an t-ábhar sa chomhad G60/31/2/2 leis an EEA [An Ghníomhaireacht um Chomhionannas Fostaíochta] agus cuimsítear leis comhfhreagras, póstaeir, bileoigíní, agus treoirlínte ón tréimhse 1974-1981. Baineann an t-ábhar sa chomhad G60/31/2/3 leis an Acht um Théarmaí Fostaíochta, agus ina measc tá páipéir a bhaineann le fostaíocht in earnáil na Gaeilge agus Acht Dífhostaíocht na hEorpa. Baineann an t-ábhar sa chomhad G60/31/2/4 le slite beatha le Gaeilge agus áirítear leis foilsiú Gairmeacha le Gaeilge don Mhílaois, le Rhoda O'Connor. Gearrthóga a bhaineann le poist atá sa chomhad deireanach san fhoshraith seo, “Postanna” (G60/31/2/5).