Showing 48024 results

Archival description
708 results with digital objects Show results with digital objects
Craobhacha thar lear
UGA G/G60/4/4 · Sub-series · 09/10/1896-2001
Part of Gaeilge

Tá an fhoshraith seo roinnte arís ina sé fho-fhoshraith, is iad sin Londain, an chuid eile den Ríocht Aontaithe, Mór-roinn na hEorpa, Meiriceá Thuaidh, Meiriceá Theas agus an Astráil agus tá sí curtha in ord de réir méide. Is é atá san ábhar miontuairiscí, comhfhreagras, cuntais, ballraíocht, ciorcláin, tuarascálacha bliantúla, póstaeir, bileoigíní, cláir, grianghraif agus tinreamh coistí a bhaineann le craobhacha aonair.

San áireamh leis an ábhar tá grianghraf dubh agus bán dar teideal "Slua de Chonraitheoirí i Londain ag Seilg", 1910 (G60/4/4/1/2); páipéar ballóide do thoghchán coiste in 1915 a bhfuil ainm Mhíchíl Uí Choileáin air (G60/4/4/1/3); litir ó Bhreandán Ó Beacháin maidir le léiriú de "The Quare Fellow" a cuireadh ar an stáitse sa Stratford Theatre Royal, Meitheamh 1956 (G60/4/4/1/12); comhaontú dlíthiúil idir Conradh na Gaeilge in Éirinn agus in California, 1909 (G60/4/4/4/4); agus litreacha ó chraobh CnaG sa Bholaiv (21/6/1910, 17/01/1911) agus in Buenos Aires (17/12/1915) a bhaineann le dréachtaí do shíntiúis (G60/4/4/6)

Craobhacha in Éirinn
UGA G/G60/4/3 · Sub-series · 1901-06/07/2018
Part of Gaeilge

Tá an fhoshraith seo roinnte arís ina sé fho-fhoshraith, is iad sin Baile Átha Cliath, Laighin, an Mhumhain, Connachta, Ulaidh agus an Ard-Chraobh agus tá sí ord de réir méide. Is é atá i gceist leis na comhaid sna fo-fhoshraitheanna don cheithre chúige ábhar a bhaineann le gach contae in ord aibítre (i nGaeilge). Is é atá san ábhar miontuairiscí, comhfhreagras, cuntais, ballraíocht, ciorcláin, tuarascálacha bliantúla, póstaeir agus tinreamh coistí a bhaineann le craobhacha aonair. Tá grianghraif de bhaill na gcraobhacha ag imeachtaí éagsúla ann chomh maith.

Craobhacha agus Ballraíocht
UGA G/G60/11/6/1 · Sub-sub-series · 1972-1996
Part of Gaeilge

Baineann ábhar san fho-fhoshraith seo le brainsí éagsúla na heagraíochta mar aon lena ballraíocht.

UGA G/G60/46/3 · Sub-series · 02/06/1944-09/04/2008
Part of Gaeilge

Baineann an t-ábhar san fhoshraith seo le Craobh Móibhí de Chonradh na Gaeilge agus tá miontuairiscí agus comhfhreagras ann a bhfuil ord croineolaíoch curtha orthu i gceithre chomhad.

Féach freisin G60/4/3/1/11-15

Corcaigh
UGA G/G60/24/8 · Sub-series · [1940]-[1980]
Part of Gaeilge

San fhoshraith seo, tá nótaí taighde, comhfhreagras, grianghraif, gearrthóga nuachtáin agus ábhar eile a bhaineann le stair agus le hobair Chonradh na Gaeilge i gCathair Chorcaí a cuireadh i dtoll a chéile do leabhar Uí Shúilleabháin, "Conradh na Gaeilge Cathair Chorcaí 1894 – 1905”. Tá ábhar ann chomh maith a bhaineann le Contae Chorcaí.

Conradh na nÓg
UGA G/G60/11/4 · Sub-series · 29/04/1952-31/08/1965
Part of Gaeilge

Is éard atá san fhoshraith seo comhfhreagras, tuarascálacha, eolas ballraíochta agus ábhar eile a bhaineann le Conradh na Gaeilge ag bunú Chonradh na nÓg i 1960 i scoileanna timpeall na hÉireann.

UGA G/G60 · [1780]-21/11/2019
Part of Gaeilge

Bunaíodh Conradh na Gaeilge sa bhliain 1893 chun an Ghaeilge a chur chun cinn in Éirinn agus thar lear. Cuimsítear sa bhailiúchán seo ábhar ón tréimhse tosaigh seo go dtí an bhliain 2018, tráth ar sealbhaíodh é.

Taifid a gineadh i gceanncheathrú Chonradh na Gaeilge atá i gceist le príomhchorpas an ábhair, bíodh is go bhfuil ábhar ann chomh maith a seoladh ar ais chucu ó chraobhacha éagsúla in Éirinn agus thar lear, go háirithe craobh Londan.

Bhí roinnt eagraíochtaí ann sa 19ú céad a chuir fúthu an Ghaeilge a chur chun cinn, ach is é Conradh na Gaeilge an eagraíocht a ghlac ceannaireacht ar an iarracht an Ghaeilge a athbheochan. B’ann dó i rith na mblianta corracha sin roimh Chogadh na Saoirse agus Cogadh na gCarad, agus bhí sé comhaimseartha leis an Saorstát nua, le blianta luatha na Poblachta agus le tréimhse chorrach na dTrioblóidí ó thuaidh, uair ar tháinig ceisteanna chearta an duine agus achrann polaitiúil chun cinn. Is ann don Chonradh i gcónaí, agus staid níos rathúla agus níos seasmhaí bainte amach ag stát na hÉireann. Tugann an t-ábhar seo léargas faoi leith, mar sin, ar chorradh agus 125 bliain de stair na hÉireann, agus b’iomaí ball den Chonradh a bhí gníomhach agus lárnach i gcomhthéacsanna níos leithne.

Bhí baill na heagraíochta gníomhach riamh le cur chun cinn na Gaeilge i ngach gné den saol laethúil, agus breathnóireacht a dhéanamh uirthi, agus áirítear leis an mbailiúchán mar sin ábhar a bhaineann le reáchtáil ranganna agus imeachtaí, leithéidí fheachtas Seachtain na Gaeilge agus chomórtais an Oireachtais. Tá ábhar ann chomh maith a bhaineann le foilseacháin i nGaeilge, le comhfhreagras, le gnóthaí, le ranna Rialtais agus le baill den phobal. Rinneadh taighde ar mhionteangacha eile, agus tá torthaí an taighde sin ann freisin.

Cuimsíonn cuid nach beag den ábhar roinnt feachtas cearta teanga agus tiomsaithe airgid. Bhí ról lárnach ag Conradh na Gaeilge, in éineacht le heagraíochtaí eile, sa dara leath den 20ú haois i bhfeachtais phobail a raibh sé mar thoradh orthu gur bunaíodh staisiúin raidió agus teilifíse Ghaeilge (Raidió na Gaeltachta agus TG4), gur achtaíodh Acht na dTeangacha Oifigiúla [14 Iúil 2003], agus gur bhain an Ghaeilge stádas amach mar theanga oifigiúil de chuid an Aontais Eorpaigh [1 Eanáir 2007]. I measc na n-ábhar feachtais eile atá sa bhailiúchán, tá doiciméid a bhaineann le cearta príosúnach agus cearta sibhialta i dTuaisceart Éireann, go háirithe i rith thréimhse na Stailceanna Ocrais [1980-1981].

UGA G/G60/16/1/1 · Sub-sub-series · 1942-1993
Part of Gaeilge

Baineann an fho-fhoshraith seo leis na mórócáidí ceiliúrtha a bhain le comóradh 50, 75 agus 100 bliain Chonradh na Gaeilge agus roinntear é a thuilleadh dá réir.

Conradh Maastricht 1990-1993
UGA G/G60/38/5/6/8 · 1990-1993
Part of Gaeilge

Is éard atá sa chomhad seo gearrtháin a bhaineann leis an CEE Conradh Maastricht.