Showing 48067 results

Archival description
708 results with digital objects Show results with digital objects
UGA G/G60/1/5/8 · 1980-1991
Part of Gaeilge

Cuimsíonn ábhar sa chomad seo liostaí d’fhoirgnimh Chonradh na Gaeilge agus an t-ioncam agus an caiteachas a bhaineann leo.

UGA G/G60/1/5/3 · 15/08/1969-20/01/2005
Part of Gaeilge

Baineann ábhar sa chomhad seo le foirgnimh eile i gCúige Laighean a d’úsáid Conradh na Gaeilge lena n-áirítear foirgneamh i nDún Dealgan, Co. Lú; Teach an Rútaigh, Cill Chainnigh; “Halla na BanBan”, an Uaimh, Co. na Mí agus naíonra i mBré, Co. Chill Mhantáin.

UGA G/G60/1/5/6 · Sub-sub-series · 19/05/1965-22/05/2008
Part of Gaeilge

Baineann ábhar san fho-fhoshraith seo le foirgnimh Chonradh na Gaeilge i gCúige Mumhan lena n-áirítear Áras Íde, Luimneach; Dún Mhuire, an tAonach, Co. Thiobraid Árann agus roinnt foirgneamh i gcathair Chorcaí.

UGA G/G60/1/5/5 · Sub-sub-series · 19/07/1976-16/11/2002
Part of Gaeilge

Baineann ábhar san fho-fhoshraith seo le trí fhoirgneamh i gCúige Uladh: 12 Cearnóg an Choláiste Thuaidh, Béal Feirste; Cumann Chluain Ard, Béal Feirste agus Teach Cholmcille, Gort an Choirce, Co. Dhún na nGall.

UGA G/G60/1/5/2 · Sub-sub-series · 09/04/1909-04/02/2003
Part of Gaeilge

Baineann ábhar san fho-fhoshraith seo le foirgnimh eile i mBaile Átha Cliath a bhí ar léas ag Conradh na Gaeilge ag amanna éagsúla lena n-áirítear roinnt foirgneamh ar Chearnóg Rutland, a athainmníodh mar Chearnóg Parnell in 1933; 7/8 Sráid Fhearchair; Áras Inse Chor agus Áras Móibhí. Áirítear leis freisin ábhar a bhaineann le Teach Fhiodh Cuillinn, áit ar bhunaigh Pádraig Mac Piarais Scoil Éanna ar dtús chomh maith le feachtas a eagraíodh in 1987 chun é a athchóiriú.

Foirmeacha glana
UGA G/G60/8/9 · [1940]-[1989]
Part of Gaeilge

Tá foirmeacha glana sa chomhad seo mar shampla foirmeacha eolais ghinearálta, agus foirmeacha iarratais ar dheontais.

UGA G/G60/22/1 · Sub-series · 1981-2004
Part of Gaeilge

Tá ábhair a bhaineann le Fondúireacht an Phiarsaigh san áireamh san fhoshraith seo, lena n-áirítear comhfhreagras, preaseisiúintí, grianghraif agus gearrthóga agus áirítear ann ábhar a bhaineann le "Gradam an Phiarsaigh" a bronnadh go bliantúil.

Forás Éireann
UGA G/G60/43/1 · Sub-series · 29/09/1957-25/11/2004
Part of Gaeilge

Baineann an t-ábhar san fhoshraith seo le hobair Fhorás Éireann agus tá miontuairiscí, ciorcláin, cláir oibre, tuarascálacha bliantúla agus cuntais ann atá eagraithe in ord croineolaíoch. Comhchoiste buan d’eagraíochtaí deonacha is ea Forás Éireann (a bunaíodh in 1949) a tháinig le chéile chun críocha comhairliúcháin agus comhghnímh chun cabhrú le forbairtí sóisialta, cultúir agus eacnamaíochta in Éirinn agus chun na forbairtí sin a chur chun cinn. Tá Conradh na Gaeilge ina bhall de. Gníomhaíonn Comhairle Fhorás Éireann, comhairle a thoghtar gach bliain ó na hiarrthóirí a chuireann na balleagraíochtaí chun cinn, mar ghníomhairí do na hiontaobhais deontas seo a leanas: CHARLOTTE F. SHAW TRUST, CARNEGIE UNITED KINGDOM TRUST