Tá Cuntais Dheireadh na Bliana 1930-1936 sa chomhad seo; Cuntais Choiste Tiachóige CnaG [choiste fódórachta/mionairgid?]; Cuntais ráithiúla 1937.
Tá cuntais iniúchta sa chomhad seo 1952-1960; dhá sheic 1952 (ceann amháin formhuinithe).
Tá cuntais CnaG iniúchta 1967-1970 sa chomhad seo lena n-áirítear cuntas do dheontas ó Roinn na Gaeltachta.
Tá dhá chomhad san fho-fhoshraith seo agus tá cuntais CnaG iniúchta 1971-1980 ann.
Tá naoi gcomhad san fho-fhoshraith seo a chuimsíonn an tréimhse 1981-1996 agus tá cuntais CnaG, cuntais choiste Club CnaG, cuntais Ógras agus cuntais do Clódhanna Teoranta, chomh maith le ráitis bhainc agus mórleabhar ioncaim agus caiteachais ann (1983-1996).
Is éard atá san fhoshraith seo cuntais, tuarascálacha agus leasuithe éagsúla ar bhunreacht Chonradh na Gaeilge, mar a aontaíodh ag Ard Fheiseanna áirithe.
Áirítear leis an ábhar san fhoshraith seo cuntais, ráitis airgeadais agus comhfhreagras a bhaineann le deontais do Sheachtain na Gaeilge ó Fhoras na Gaeilge. Áirítear leis chomh maith teacht isteach (ioncam) ó 1923.
Tag / Ref: G60/17/4/2
Is éard atá sa chomhad seo comhfhreagras agus miontuairiscí a bhaineann le Cumann na Sagart, a chuimsíonn na blianta 1979-1983.