Showing 36736 results

Archival description
708 results with digital objects Show results with digital objects
Tinreamh
UGA G/G60/3/1/2 · Sub-sub-series · 1915-1981
Part of Gaeilge

San fho-fhoshraith seo tá liostaí tinrimh do chruinnithe Choiste Ghnó éagsúla a tionóladh idir 1951 agus 1981.

Timirí, Múinteoir Taistil
UGA G/G60/24/12 · Sub-series · [1920]-1990
Part of Gaeilge

San fhoshraith seo, tá nótaí taighde, comhfhreagras agus ábhar eile a bhaineann le stair agus le hobair timirí agus múinteoirí taistil Chonradh na Gaeilge a cuireadh i dtoll a chéile do leabhar Uí Shúilleabháin, “Na Timirí i Ré tosaigh an Chonartha”, a foilsíodh in 1990 agus “Na Múinteoirí Taistil” (ar alt a bhí ann, seans?).

UGA G/G60/2 · Series · 09/04/1920-[2002]
Part of Gaeilge

Baineann an tsraith seo le hobair na dTimirí [lucht eagraithe] agus teagascóirí taistil ar fud na tíre, agus áirítear leis tuairiscí, treoracha, cláir oibre agus conarthaí an lucht eagraithe. Tá ábhar ann freisin a bhaineann le “Lá na dTimirí”.

Timirí
UGA G/G60/2/1 · Sub-series · 9/4/1920-[2002]
Part of Gaeilge

Baineann an fhoshraith seo le hobair na dTimirí [eagraithe] a thaistil ar fud na tíre ag bunú agus ag eagrú craobhacha, ag tabhairt léachtaí, ag cur ranganna oíche ar bun agus ag tabhairt spreagadh do chainteoirí dúchais meas a bheith acu ar a dteanga agus ar a gcultúr. San áireamh inti tá tuairiscí na dtimirí, treoracha, cláir oibre agus conarthaí. Is ó na 60í agus na 70í an chuid is mó de na tuairiscí, ach tá cinn níos sine ann chomh maith.
Tá ord aibítre ar chomhaid G60/2/1/1 go G60/2/1/23 bunaithe ar an leagan Gaeilge de shloinne na dtimirí; tuairiscí timirí éagsúla atá grúpáilte le chéile atá i gcomhaid G60/2/1/24 go G60/2/1/28, nó déileálann siad le limistéir gheografacha ar leith (Ciarraí, Dún na nGall agus an Clár); iarratais ar phoist, conarthaí, treoracha, pleananna oibre agus miontuairiscí atá i gceist le G60/2/1/29 go G60/2/1/36.

Telegael
UGA G/G60/36/5 · File · 02/1993-1996
Part of Gaeilge

San áireamh sa chomhad seo tá ábhar a bhaineann le Telegael, comhlacht léiriúcháin scannán, teilifíse agus beochana, agus áirítear leis meastacháin maidir le costais léiriúcháin clár, agus ábhar a bhaineann leis an leagan Gaeilge den chlár teilifíse do leanaí, Muzzy.

UGA G/G60/42/6 · Sub-series · 25/03/1983-15/08/2003
Part of Gaeilge

Is éard atá san fhoshraith seo comhfhreagras, ábhar poiblíochta agus gearrtháin a bhaineann le Telecom Éireann, agus ina dhiaidh sin comhlachtaí teileachumarsáide Eircom agus ESAT lena n-áirítear ábhar a bhain leis an úsáid a bhain siad as an nGaeilge, agus an soláthar seirbhísí cabhrach trí Ghaeilge.

UGA G/G60/24/22 · File · [1940]-[1950]
Part of Gaeilge

Meascán ábhar atá sa chomhad seo, agus áirítear leis grianghraif den Súilleabhánach agus a chlann; Teastas Clárúcháin faoin National Service (Armed Forces) Acts do Dennis O'Sullivan (Ó Súilleabháin) ar cuireadh sa phostas i Learpholl é, 23/10/1940; dhá thuairisc bháis Uí Shúilleabháin in "Feasta" 07/1989, agus "Agus" 08/1989; clúdach litreach ina bhfuil grianghraif de bhean anaithnid san ospidéal agus mórshiúl Chorp Chríost, an Afraic, gan dáta.

Teastais
UGA G/G60/8/5 · Sub-series · 27/06/1956-2009
Part of Gaeilge

Is éard atá san ábhar san fhoshraith seo teastais thábhachtacha éagsúla. G60/8/5/1 Tá comhfhreagras Custaim agus Máil a bhaineann le hiompórtáil scannáin ("Dá Acra Talún" agus "A nous la Liberté", 27/06/1956-23/02/1957). G60/8/5/2 stádas carthanachta Chonradh na Gaeilge (1988-2000) agus G60/8/5/3 lena n-áirítear cáipéisí cláraithe cuideachta, mar aon le himréiteach i ndáil le stádas cánach an Chonartha.

Tearmaíocht
UGA G/G60/31/1/6 · Sub-sub-series · [1940]-1989
Part of Gaeilge

San fho-fhoshraith seo, tá comhfhreagras, leabhráin, bróisiúir agus ábhar eile a bhaineann le díorthú téarmaí i nGaeilge, agus tá ord croineolaíoch curtha uirthi nuair is féidir agus nuair is cuí. Tá leabhráin arna bhfoilsiú ag an Roinn Oideachais sa chéad chomhad ina liostaítear téarmaí a bhaineann le topaicí éagsúla cosúil le ceol, miotalóireacht, adhmadóireacht, maintíneacht agus spórt. Comhfhreagras le Coiste Téarmaíochta na Gaeilge atá sa dara comhad agus áirítear leis bróisiúir agus liostaí téarmaí don fhicheall, síceolaíocht, snámh agus peil Ghaelach.

UGA G/G60/35 · Series · 1942-2009
Part of Gaeilge

Sa tsraith seo tá taighde a rinne nó a bhailigh Conradh na Gaeilge maidir leis an gcaoi a gcaitear le teangacha agus le pobail teanga éagsúla, go háirithe mionteangacha agus an dearcadh ina leith. Cuimsíonn sé ailt, tuairiscí, comhfhreagras, bileoigíní agus gearrthóga ó eagraíochtaí teanga cosúil leis an mBiúró Eorpach do Theangacha Neamhfhorleathana [EBUL]; Institiúid Teangeolaíochta na hÉireann; Lingua; Institut dialect; an Comunn Gaidhealach agus an Language Freedom Movement (LFM).