Showing 36736 results

Archival description
708 results with digital objects Show results with digital objects
Ábhar Rómhór
UGA G/G60/14/15 · Sub-series · [1940]-[1979]
Part of Gaeilge

Is é atá i gceist leis an bhfoshraith seo dhá leabhar gearrthóg le gearrthóga agus grianghraif ón Oireachtas sna 1940í, 1950í agus 1970í.

UGA G/G60/31/1/5 · Sub-sub-series · 1929-2011
Part of Gaeilge

Ábhar atá san fho-fhoshraith seo ar baineadh úsáid as chun an Ghaeilge a mhúineadh agus a fhoghlaim, lena n-áirítear téacsleabhair, cleachtaí teanga agus ábhar cúrsa eile. Áirítear leis fo-fho-fhoshraith, “Abairt an Lae”, ar leabhair ghearrthóg atá ann ina bhfuil gearrthóga ón tsraith frásaí Gaeilge (frásaí Glg an t-aonad nach hea?) “Abairt an Lae” a foilsíodh ar bhonn laethúil/seachtainiúil sna nuachtáin náisiúnta

UGA G/G60/30/7/2 · Sub-sub-series · 29/08/1986-22/11/1996
Part of Gaeilge

Baineann an fo-fhoshraith seo le hachomhairc náisiúnta ar mhaoiniú agus aitheantas do Ghaelscoileanna (ba chomhfheachtas é de chuid Chonradh na Gaeilge agus “Gaelscoileanna”). Cuimsíonn sé freisin comhfhrea gras leis an Aire Oideachais, Niamh Breathnach.

UGA G/G60/7/5/3 · File · [1950]-24/04/2018
Part of Gaeilge

Is éard atá sa chomhad seo ábhar a thacaíonn le hachomhairc chaidreamh poiblí ar son na Gaeilge sna 1950idí agus sna 1960idí nuair a bhí drochmheon i leith na teanga agus na gcainteoirí Gaeilge, agus tá pointí cainte ann chun miotais éagsúla faoin teanga a bhréagnú. Bhronn Maolsheachlainn Ó Caollaí cuid den ábhar seo ar Chonradh an Gaeilge in 2018 agus tá roinnt nótaí uaidh san áireamh.

UGA G/G60/26/6 · Sub-series · [1910]-1989
Part of Gaeilge

Baineann an t-ábhar san fhoshraith seo le hAchtanna Rialtais agus le hionstraimí reachtúla. San fho-fhoshraith G60/26/6/1 tá aighneachtaí agus comhfhreagras a bhaineann le Grúpa Oibre ar Choimisiún Cúirte. Baineann G60/26/6/2 le hAcht na gCara Cumann. Tá an t-ábhar sna fo-fhoshraitheanna G60/26/6/3 go G60/26/6/9 in ord croineolaíoch agus é eagraithe i dtréimhsí deich mbliana.

Aer Lingus
UGA G/G60/42/1 · File · 28/01/1957-02/08/1984
Part of Gaeilge

Is éard atá sa chomhad seo comhfhreagras le hAer Lingus agus áirítear ann ceist faoin gcaoi ar baisteadh an t-ainm sin air, agus ábhar faoin úsáid a bhaineann an aerlíne agus na píolótaí as an nGaeilge. Tá comhfhreagras ann freisin leis an Roinn Tionscail agus Tráchtála agus lena n-aturnaetha féin a bhaineann le "Ceist an Bhunreachta agus na gCúpón Artola" (foirmeacha iarratais i nGaeilge a bheith ar fáil le haghaidh cártaí ciondála artola) agus comhfhreagras le hAer Rianta maidir le comharthaíocht agus málaí siopadóireachta dátheangacha. Fuarthas an t-ábhar atá sa chomhad seo ach nach mbaineann le hAer Lingus in éineacht leis an ábhar sin agus coinníodh leis é ar mhaithe leis an leagan amach atá ar an ábhar a choinneáil.

Aifreann Shéamuis Purcell
UGA G/G60/23/4 · File · 14/03/1989
Part of Gaeilge

Sa chomhad seo tá fótachóipeanna den cheol agus liricí d’Aifreann Shéamuis Purcell.

Aighneachtaí 1
UGA G/G60/30/16/1 · File · 04/07/1978-12/03/1985
Part of Gaeilge

Is éard atá sa chomhad seo ábhar a bhaineann le haighneachtaí Chonradh na Gaeilge ar oideachas 4/7/1978 - 12/3/1985. Tá a n-aighneacht ar "na hAoiseanna Foghlama", plé ar aois iontrála sa chóras oideachais, aois an aistrithe ag leibhéil ina dhiaidh sin agus athstruchtúrú na hearnála iar-bhunscoile Meitheamh/Iúil, 1984 agus a n-aighneacht chuig an mBord Curaclaim agus Scrúduithe Deireadh Fómhair 1984 - 12/3/1985 san áireamh ann.

Aighneachtaí 2
UGA G/G60/30/16/2 · File · 1990-1995
Part of Gaeilge

Is éard atá sa chomhad seo ábhar a bhaineann le haighneachtaí Chonradh na Gaeilge ar oideachas sna 1990idí, ar na Páipéir Ghlasa agus Bhána ar Oideachas 1990-1995. Tá miontuairiscí de choiste Oideachais Chonradh na Gaeilge 1990-1993, preasráitis, tuarascálacha agus comhfhreagras sa chomhad.

Aighneachtaí 3
UGA G/G60/30/16/3 · File · 09/1980-23/01/1996
Part of Gaeilge

Tá ábhar sa chomhad seo a bhaineann le haighneacht an INTO chuig an bhFóram Síochána agus Athmhuintiris, freagra Chonradh na Gaeilge air agus aighneachtaí an Chonartha féin chuig an bhfóram. Tá ábhar ann freisin a bhaineann lena n-aighneacht chuig Fóram Nua-Éireann, 1983.