Baineann an tsraith seo le féilte neamh-CnaG agus le hócáidí comórtha lena n-áirítear féilte in Éirinn agus thar lear (Pan-Cheilteach, Eisteddfod, Mod agus Scriff); ceolchoirmeacha; imeachtaí (san áireamh leis sin tá comóradh Éirí Amach na Cásca 1916, an chomhdháil Cheilteach); comórtais agus gradaim. Áirítear leis an ábhar cláir; comhfhreagras; ábhar fógraíochta; agus gearrthóga nuachtáin.
Sa chomhad seo tá ábhar a bhaineann le féilte leabhar agus seoltaí leabhar agus áirítear leis comhfhreagras, tuairiscí agus ábhar fógraíochta.
Baineann ábhar san fhoshraith seo, lena n-áirítear cláir, póstaeir, bileoigíní, gearrthóga agus comhfhreagras, le féilte Ceilteacha (nach mbaineann le Conradh na Gaeilge) in Éirinn agus thar lear agus tá sé in ord croineolaíoch sna fo-fhoshraitheanna agus comhaid faoi seach.
San fho-fhoshraith G60/17/2/1 tá naoi gcomhad ina bhfuil ábhar a bhaineann leis an bhféile Pan-Cheilteach agus tá comhfhreagras, tuairiscí, bileoigíní, gearrthóga, miontuairiscí agus cláir ann. Cuimsíonn G60/17/2/2 ábhar a bhaineann le Féile Náisiúnta Mòd in Albain. Cuimsíonn G60/17/2/3 agus G60/17/2/4 ábhar a bhaineann le dhá fhéile Bhreatnacha, Scriff agus Eisteddfod faoi seach. Sa chomhad deiridh den fhoshraith seo, G60/17/2/5, tá ábhar a bhaineann le féilte Ceilteacha in áiteanna eile lena n-áirítear Lorient, an Bhriotáin, an Fhrainc agus Interkelt, Stáit Aontaithe Mheiriceá.