Showing 45298 results

Archival description
708 results with digital objects Show results with digital objects
Deontais
UGA G/G60/6/2/2 · File · 30/04/1971-18/04/1978
Part of Gaeilge

Is éard atá san ábhar sa chomhad seo cuntais agus comhfhreagras a bhaineann le deontais a ndearna an Conradh iarratas orthu chuig Roinn na Gaeltachta sa tréimhse 1971-1980 agus cuimsíonn sé freisin cáipéisí a bhaineann le conas feidhmiú gan deontas.

Deontais
UGA G/G60/6/2/3 · File · 11/04/1967-30/04/1970
Part of Gaeilge

Is éard atá san ábhar sa chomhad seo cuntais agus comhfhreagras a bhaineann le deontais a ndearna an Conradh iarratas orthu chuig an Roinn Ealaíon, Cultúir agus Gaeltachta sa tréimhse 1983-1990, agus tá comhfhreagras, tuarascálacha, ioncam agus caiteachas agus ábhar a bhaineann le Foras Éireann agus Ógras san áireamh ann.

Féach G60/43/1 agus G60/11/6

Deontais
UGA G/G60/6/2/4 · Sub-sub-series · 09/01/1991-07/11/2000
Part of Gaeilge

Is éard atá san ábhar san fho-fhoshraith seo cuntais agus comhfhreagras a bhaineann le deontais a ndearna an Conradh iarratas orthu chuig Roinn na Gaeltachta sa tréimhse 1991-2000. Clúdaíonn an chéad chomhad iarratais ar dheontais do gach bliain ó 1991-2000, seachas 1993. Clúdaíonn an dara comhad an bhliain 1993, nuair a rinne an Conradh iarratas ar dheontas speisialta chun comóradh céad bliain na heagraíochta a cheiliúradh.

Deontais
UGA G/G60/6/2/5 · File · 17/07/2000-06/09/2004
Part of Gaeilge

Is éard atá san ábhar sa chomhad seo cuntais agus comhfhreagras a bhaineann le deontais a ndearna an Conradh iarratas orthu chuig an Roinn Ealaíon, Cultúir agus Gaeltachta sa tréimhse 2001-2010, agus tá ábhar a bhaineann le Foras Éireann san áireamh ann.

Féach G60/43/1

Deontais
UGA G/G60/6/2 · Sub-series · 11/04/1967-06/07/2004
Part of Gaeilge

Is éard atá san fhoshraith seo comhfhreagras, cuntais dheireadh na bliana agus ábhar eile a bhaineann le deontais atá á lorg ag Conradh na Gaeilge ó fhoinsí éagsúla, agus tá sé eagraithe go croineolaíoch gach deich mbliana.

Daonscoil
UGA G/G60/31/1/3 · Sub-sub-series · 1960-1997
Part of Gaeilge

Tá ábhar san fho-fhoshraith seo a bhaineann le daonscoileanna, sna 1960í agus 1970í den chuid is mó, tá ord croineolaíoch air nuair is féidir agus is cuí, agus áirítear leis ábhar a bhaineann le daonscoileanna, mar atá daonscoileanna Dháil Laighean, Dháil na Mumhan agus Dhaonscoil Osraí (1997) cosúil le comhfhreagras, cláir agus bileoigíní.

Is ionann daonscoil agus sraith imeachtaí a reáchtáladh/reáchtáiltear thar thréimhse laethanta, go hiondúil ag deireadh seachtaine. Bíonn gníomhaíochtaí cultúrtha ann, lena n-áirítear léachtaí agus cainteanna, agus is minic go n-eagraítear ar bhonn bliantúil iad.

Daonáireamh
UGA G/G60/26/7 · Sub-series · 1946-2002
Part of Gaeilge

Baineann an t-ábhar san fhoshraith seo le daonáirimh éagsúla a rinneadh ar dhaonra na hÉireann sa tréimhse 1946 go 2002.

UGA G/G60/26/8 · Sub-series · 27/05/1906-1999
Part of Gaeilge

Baineann an t-ábhar san fhoshraith seo le daoine a gcuirtear spéis iontu lena n-áirítear iarbhaill Chonradh na Gaeilge, tá ord aibítre air agus áirítear leis beathaisnéisí agus scéalta báis.

Daoine spéisiúla 9
UGA G/G60/26/8/9 · File · [19--]-[199-]
Part of Gaeilge

Áirítear leis an gcomhad seo beathaisnéisí, scéalta báis agus ábhar eile a bhaineann leis na daoine seo a leanas a gcuirtear spéis iontu: Tarlach Mac Suibhne; Micheál MagRuaidhrí; Proinsias Mag Uinseannáin; Sam Maguire; Maud Gonne McBride; Patrick McGilligan; Kuno Meyer; Dóirín Mhic Mhurchú; Eilís Ní Mhaolagáin; Neilí Ní Bhriain; Gobnait Ní Bhruadair.

Daoine spéisiúla 8
UGA G/G60/26/8/8 · File · [19--]-[199-]
Part of Gaeilge

Áirítear leis an gcomhad seo beathaisnéisí, scéalta báis agus ábhar eile a bhaineann leis na daoine seo a leanas a gcuirtear spéis iontu: Tomás Mac Ardghail; Ceallachán Mac Cárthaigh; Oscar MacCárthaigh Uileas; Fionán Mac Coluim ("Goll Mac Morna", "An Ciolla Ruadh", "Finghín na Leamhna", "Droigheantóir"); Séamas Mac Conglinne; Uinsionn Mac Dubhghaill; Seán Mac Giolla Bhríde; Neidí Frainc Mac Grianna; Seosamh Mac Grianna; Tomás Mac Neacail; Eoin Mac Néill.