Showing 45298 results

Archival description
708 results with digital objects Show results with digital objects
UGA G/G60/18 · Series · 1923-2009
Part of Gaeilge

Baineann an tsraith seo le drámaíocht, amharclannaíocht agus scannánaíocht agus áirítear léi an Chomhairle Náisiúnta Drámaíochta; an Fhéile Náisiúnta Drámaíochta (Oireachtas); an Cumann Scoildrámaíochta agus scannáin. Áirítear leis an ábhar miontuairiscí, preasráitis, scripteanna agus gearrthóga.

Drámaíocht
UGA G/G60/24/5 · Sub-series · [1940]-[1980]
Part of Gaeilge

Baineann an t-ábhar san fhoshraith seo le drámaíocht i nGaeilge agus tá liosta drámaí i nGaeilge ann, nótaí maidir le drámaíocht ó chomórtas an Oireachtais, dréachtaí mar aon le halt a scríobh Ó Súilleabháin don iris Ardán (iris drámaíochta i nGaeilge), 1972.

Domhnach na Fola
UGA G/G60/37/10/15 · File · 1992
Part of Gaeilge

Is éard atá sa chomhad seo gearrtháin a bhaineann le Domhnach na Fola.

[Nóta ón gCartlannaí: Sléacht a bhí i nDomhnach na Fola a tharla an 30 Eanáir 1972 i gceantar Thaobh an Bhogaigh i nDoire, Tuaisceart Éireann, nuair a lámhach saighdiúirí Briotanacha 26 sibhialtach neamharmtha i rith máirseáil agóide in aghaidh an imtheorannaithe gan triail.]

UGA G/G60/8/6 · Sub-series · 1956-2004
Part of Gaeilge

Seachas G608/6/5 ina bhfuil leabhar nótaí “Réamh Eolairí 1956-1963”, tá gach comhad eile sa tsraith seo dúnta faoi láthair chun cloí le GDPR.

Deontais
UGA G/G60/6/2/1 · File · 11/04/1967-30/04/1970
Part of Gaeilge

Is éard atá san ábhar sa chomhad seo cuntais agus comhfhreagras a bhaineann le deontais a ndearna an Conradh iarratas orthu chuig Roinn na Gaeltachta sa tréimhse 1967-1970.