Showing 48067 results

Archival description
708 results with digital objects Show results with digital objects
Feachtas le Lucht Gnó
UGA G/G60/42/7 · 1970-1972
Part of Gaeilge

Baineann an t-ábhar sa chomhad seo le comhchlár d’eagraíochtaí maidir le húsáid na Gaeilge, lena n-áirítear an Ghaeilge a úsáid i gcúrsaí fógraíochta agus i dtaispeántais. Bhí an Ghaeilge san oideachas agus an Ghaeilge san Eaglais mar chuid den fheachtas freisin.

Feachtas Gaelscoileanna
UGA G/G60/29/10 · Sub-series · [1990]-[1999]
Part of Gaeilge

Baineann an fhoshraith seo le feachtas Chonradh na Gaeilge a chur ina luí ar an Rialtas líon na scoileanna lán-Ghaeilge sa tír a mhéadú, agus áirítear leis achainíocha, comhfhreagras agus gearrtháin.

UGA G/G60/29/6 · Sub-series · [1978]-2004
Part of Gaeilge

Baineann an t-ábhar san fhoshraith seo le stádas na Gaeilge san Eoraip agus leis an bhfeachtas chun teanga oifigiúil a dhéanamh aisti san Eoraip. Is éard atá ann ná comhfhreagras, preasráitis, paimfléid, tuairiscí, gearrtháin, bileoigíní agus póstaeir.

UGA G/G60/29/19 · Sub-series · 01/02/1978-22/09/1995
Part of Gaeilge

Baineann an t-ábhar atá san fhoshraith seo le feachtas ceadúnais teilifíse Chonradh na Gaeilge, áit ar dhiúltaigh daoine sa phobal íoc mar gheall ar an easpa clár Gaeilge a bhí ar fáil ar RTÉ, agus ar an iliomad cásanna cúirte a tháinig as. Cuimsíonn sé preasráitis, comhfhreagras, grianghraif, bileoigíní agus gearrtháin.

Feachtas Bailiú Airgid
UGA G/G60/29/21 · 02/1983-06/08/2000
Part of Gaeilge

Baineann ábhar sa chomhad seo le feachtais bailithe airgid Chonradh na Gaeilge lena n-áirítear bailiúcháin Náisiúnta, agus is éard atá ann go príomha comhfhreagras, preasráitis agus bileoigíní eolais.

UGA G/G60/29/8 · Sub-series · 1973-1997
Part of Gaeilge

Baineann an t-ábhar san fhoshraith seo le meoin polaiteoirí i leith na Gaeilge, a ngealltanais toghchánaíochta maidir le tacaíocht a thabhairt di, agus an iarracht a chur ina luí ar na toghthóirí iad seo a chur san áireamh agus iad ag vótáil. Clúdaíonn sé roinnt toghchán agus áirítear ann miontuairiscí, comhfhreagras, preasráitis, ceistneoirí, gearrtháin agus bileoigíní.

UGA G/G60/11/5 · 1975-12/02/1992
Part of Gaeilge

Is éard atá san ábhar sa chomhad seo comhfhreagras, nuachtlitreacha, gearrthóga, cártaí ballraíochta agus fógráin a bhaineann le “Feachtas”, óg-ghluaiseacht na Gaeilge.

Feachtais Neamh-CnaG
UGA G/G60/29/29 · Sub-series · 1972-1993
Part of Gaeilge

Baineann an t-ábhar san fhoshraith seo le feachtais taobh amuigh de Chonradh na Gaeilge ach ina raibh leas ag an gConradh lena n-áirítear Gluaiseacht Frith-Apartheid na hÉireann, Feachtas na hÉireann maidir le Dí-armáil Núicléach, Amnesty, ICRA [Cumann Cearta na hÉireann], ISM (Cumann Flaitheasa na hÉireann) agus IIPM [Gluaiseacht Idirnáisiúnta Síochána na hÉireann]. Ann freisin tá bileog in aghaidh chogadh Vietnam (1972), bileog Trócaire as Gaeilge, agus póstaer Gaeilge Unicef a mhol go gcaithfí níos lú caiteachas míleata i bhfabhar cúnamh carthanais.

Feachtais
UGA G/G60/29 · Series · 1941-20/04/2018
Part of Gaeilge

Baineann an tsraith seo le feachtais éagsúla Chonradh na Gaeilge (CnaG). I measc na bhfeachtas sin, áiríodh na cinn seo a leanas: an Feachtas Cearta [sibhialta/teanga]; an Feachtas chun teanga oifigiúil a dhéanamh den Ghaeilge san Eoraip; an Feachtas Oideachais; an Feachtas um Cheannach Earraí Éireannacha; Feachtas Chearta na bPríosúnach; an Feachtas na Meán Cumarsáide/Craoltóireachta; Feachtas an Cheadúnais Teilifíse; an Feachtas Earcaíochta agus an Feachtas Bailiú Airgid. Baineann an tsraith chomh maith le roinnt cásanna dlí a d’eascair as na feachtais sin, nó a bhí ina n-údar dóibh. Anuas air sin, baineann cuid den ábhar le feachtais a raibh spéis ag CnaG iontu ach nach í an eagraíocht a bhí ina mbun, cosúil le Feachtas na hÉireann um Dhí-Armáil Núicléach, Gluaiseacht Frith-Apartheid na hÉireann agus Gluaiseacht Idirnáisiúnta na hÉireann um Shíocháin. Comhfhreagras, gearrthóga agus preasráitis is mó atá i gceist leis an ábhar.

"Faitíos agus Náire"
UGA G/G60/24/14 · [1940]-[1980]
Part of Gaeilge

Baineann an t-ábhar sa chomhad seo leis an taighde a rinneadh don paimfléad seo, agus dá fhoilsiú.