Baineann an t-ábhar sa chomhad seo le Dáil Cathrach [Coiste Feidhmiúcháin Chathair Bhaile Átha Cliath] Chonradh na Gaeilge. Miontuairiscí, tuairiscí agus comhfhreagras atá ann.
Baineann ábhar sa chomhad seo le Dáil na nÓg agus tá leabhar nótaí ann ó Dháil na nÓg gan dáta; ainmneacha agus seoltaí teachtaí, comhaltaí agus sainchomhairleoirí; eagráin de “An Teachta” - iris Dháil na nÓg 1963 agus eagrán an 10ú Comóradh (1960-1970).
Ábhar a bhaineann le Dáil Laighean agus le Dáil na Mumhan a n-áirítear leis miontuairiscí, comhfhreagras, leabhair rolla agus cuntais.
Rogha grianghraf de dhaoine mór le rá lena n-áirítear Dubhghlas de hÍde; baill de Chumann na mBan a ghlac páirt san Éirí Amach 1916 (is geall le cóip mhéadaithe í) lena n-áirítear an Dr Kathleen Lynn, Miss Ffrench-Mullen, Brigid Foley, Elizabeth O'Farrell, Lily M. O'Brennan, L Kennedy, agus Miss Mac Namara agus Miss Cosgrove; An tOllamh Liam Ó Briain, an chéad uachtarán ar chraobh an Athar Micheál Ó hIceadha; De Valera óg; Proinsias & Criostóir Mac Aonghusa; De Valera agus Séamus Ó hEochaidh (An Fear Mór); Pádraig Ó Dónalláin; An Seabhac [Pádraig Ó Siochfhradha].
Leabhar nóta le clúdach crua ina bhfuil nótaí lámhscríofa le Ó Súilleabháin a bhaineann le daoine mór le rá i stair na Gaeilge, agus lena/a mbeathaisnéisí.
Áirítear leis an gcomhad seo beathaisnéisí, scéalta báis agus ábhar eile a bhaineann leis na daoine seo a leanas a gcuirtear spéis iontu: Brendan Adams; Tomás Ághas; Ciarán Bairéad; Stiofáin Bairéad; Piaras Béaslaí; William Bedell; Osborn Bergin; Richard Irvine Best; Máire Breathnach.
Áirítear leis an gcomhad seo beathaisnéisí, scéalta báis agus ábhar eile a bhaineann leis na daoine seo a leanas a gcuirtear spéis iontu: Lil Nic Dhonnchadha; Seosaimhín Nic Eoghagáin; Eibhlín Ní Chathailriathaigh; Áine Ní Cheanainn; Máire Ní Chinnéide; Íte Ní Chionnaith.
Áirítear leis an gcomhad seo ábhar a bhaineann le Eibhlín Nic Niocaill.
Áirítear leis an gcomhad seo beathaisnéisí, scéalta báis agus ábhar eile a bhaineann leis na daoine seo a leanas a gcuirtear spéis iontu: Eibhlín Ní Dhonnabháin; Louise Ghabhánach Ní Dhufaigh; Úna Ní Fhaircheallaigh ("Uan Uladh"); Máiréad Ní Ghráda; Nessa Ní Shéaghdha; Máire Ní Shíthe ("Dul Amú"); An tSr Columbanus Ní Shúilleabháin; Breanndán Ó Beocháin; Pilib Ó Bhaldraithe; Ruairí Ó Bléine; Donnchadh Ó Briain; An tAth Pól Ó Briain; Giolla Chríost Ó Broin; León Ó Broin; Liam Ó Buachalla.
Áirítear leis an gcomhad seo ábhar a bhaineann le Máirtín Ó Cadhain.