Showing 36736 results

Archival description
708 results with digital objects Show results with digital objects
UGA G/G60/21 · Series · 1897-[2009]
Part of Gaeilge

Baineann an tsraith seo le ceol, amhrán agus rince agus le Comhaltas Ceoltóirí Éireann (CCÉ) go háirithe. Áirítear leis an ábhar bileoga ceoil ginearálta; bileoga ceoil an Oireachtais; cláir; grianghraif; póstaeir; gearrthóga agus comhfhreagras. Áirítear leis na bileoga ceoil "Go Mairidh Ár nGaedhilg Slán", a scríobhadh agus a cumadh go sainiúil don chéad Oireachtas i mBaile Átha Cliath in 1897.

Ábhar bolscaireachta
UGA G/G60/11/3/9 · Sub-sub-series · 1992-2009
Part of Gaeilge

Baineann ábhar san fho-fhoshraith seo le cur chun cinn na heagraíochta agus tá pacáistí eolais, grianghraif, comhfhreagras a bhaineann le dearadh lógó, gearrthóga nuachtáin agus nuachtlitreacha le fáil ann.

Ábhar bolscaireachta
UGA G/G60/11/6/6 · Sub-sub-series · [197-]-[2007]
Part of Gaeilge

Is éard atá san fho-fhoshraith seo ábhar bolscaireachta d’imeachtaí éagsúla chomh maith le dréachtaí de “Nasc” (nuachtlitir na heagraíochta), gearrthóga agus pleananna forbartha.

Ábhar gearrshaolach
UGA G/G60/31/1/7 · File · [1940]-2014
Part of Gaeilge

Bileoigíní agus ábhar gearrshaolach eile do chúrsaí Chonradh na Gaeilge agus do chúrsaí eile atá sa chomhad seo, agus áirítear leis bileoigín “Limerick Do Your Duty to the Language”, gan dáta.

Ábhar gearrshaolach
UGA G/G60/46/8 · File · [199-]-1995
Part of Gaeilge

Tá dhá phóstaer sa chomhad seo a bhaineann leis an bhfeachtas in aghaidh an bhruscair de chuid na Roinne Comhshaoil; sraith greamaitheoirí Chonradh na Gaeilge; agus féilire dar teideal "Inis Fáil: Oileán na Sleibhte Maorga agus na n-ainmneacha áille" 1995.

Ábhar gearrshaolach
UGA G/G60/7/9 · Sub-series · [1940]-[2000]
Part of Gaeilge

Tá ábhar gearrshaolach san fhoshraith seo a úsáideadh chun Conradh na Gaeilge agus an Ghaeilge a chur chun cinn agus tá greamáin (G60/7/9/1), suaitheantais (G60/7/9/2), pinn (G60/7/9/3), balúin (G60/7/9/4), agus banda cinn éadaigh ann (G60/7/9/5).

Ábhar gearrshaolach
UGA G/G60/15/7 · Sub-series · 1978-2008
Part of Gaeilge

Ábhar gearrshaolach atá san fhoshraith seo a bhaineann le feachtas bliantúil Sheachtain na Gaeilge agus san áireamh inti tá bileoigíní, póstaeir, greamáin agus pacáistí preasa.

Ábhar gearrshaolach
UGA G/G60/14/14 · Sub-series · 1897-[2005]
Part of Gaeilge

Is é atá i gceist leis an bhfoshraith seo ábhar gearrshaolach a bhaineann leis an Oireachtas, lena n-áirítear ticéid, greamáin, bileoigíní, póstaeir, boinn comórtais agus páipéar ceannteidil folamh.

UGA G/G60/44/3 · Sub-series · 1925-1973
Part of Gaeilge

Ábhar léachtaí agus lámhscríbhinní atá san fhoshraith seo agus áirítear léi aistí leis an Athair Pádraig de Búrca (G60/44/3/1) agus cóip lámscríofa de “Séadna”, arna scríobh ag an Ath. Peadar Ó Laoghaire [Ua Laoghaire], arb í a pheannaireacht féin atá ann agus a bhfuil roinnt ceartúchán ann (G60/44/3/2).

UGA G/G60/11/3/7 · File · [1999]-[2001]
Part of Gaeilge

Is éard atá sa chomhad seo ábhar a bhaineann le hábhar léitheoireachta do leanaí lena n-áirítear dhá ghearrscéal, cáipéisí ó Chomhdháil Náisiúnta na Gaeilge a bhaineann le seirbhísí do thuismitheoirí agus don óige, agus miontuairiscí ón gCoiste um Straitéis Timireachta 1999-2001.