Showing 36741 results

Archival description
708 results with digital objects Show results with digital objects
UGA G/G60/26/4 · Sub-series · 1945-[2010]
Part of Gaeilge

San fhoshraith seo tá foilseacháin agus tuairiscí Rialtais a bhaineann leis an nGaeilge, agus ord croineolaíoch curtha orthu.

Foilseacháin
UGA G/G60/10/5 · File · 1905-2002
Part of Gaeilge

Tá roinnt leabhrán agus ciorclán sa chomhad seo a bhaineann le foilseachán lena n-áirítear “Athbhreithniú Choiste Foilseachán UNESCO (Éire) Márta 1965”, agus leabhrán eolais ó oifig Ombudsman an Phreasa.

Foilseacháin
UGA G/G60/14/8 · Sub-series · 1944-1997
Part of Gaeilge

Is é atá i gceist leis an bhfoshraith seo foilseacháin a bhaineann leis an Oireachtas agus san áireamh inti tá "Scéal an Oireachtais 1897-1924", D Ó Súilleabháin; "Oireachtas na Gaeilge 1897-1997", P MacAonghasa; agus roinnt foilseachán de na hiontrálacha a bhain duaiseanna.

UGA G/G60/18/6 · Sub-series · 1923-[1999]
Part of Gaeilge

Is éard atá san fhoshraith seo ábhar bolscaireachta do léiriúcháin amharclainne lena n-áirítear cláir do dhrámaí Gaeilge in Amharclann na Mainistreach 1923-1927 [G60/18/6/1]; ailt le Donncha Ó Súilleabháin ar dhrámaíocht na Gaeilge [G60/18/6/5] agus póstaeir ollmhóra de léiriúcháin drámaíochta ‘An Comhar’ in Amharclann na Mainistreach (gan dáta) agus d’Fhéile Náisiúnta Drámaíochta an Oireachtais 1974 [G60/18/6/6].

Foclóir pearsanta
UGA G/G60/45/1 · Item · [17--]
Part of Gaeilge

Foclóir pearsanta lámhscríofa ón 18ú hAois, b’fhéidir, a bronnadh ar Ernest Reginald McClintock Dix in 1909 agus ar tugadh do leabharlann Chonradh na Gaeilge ina dhiaidh sin é.

UGA G/G60/3/7 · File · 1958-1984
Part of Gaeilge

Bunaíodh an coiste in 1958 chun an Ghaeilge agus obair Chonradh na Gaeilge a chur chun cinn. Sa chomhad tá miontuairiscí agus comhfhreagras mar aon le litreacha agus aistí a cuireadh faoi bhráid na nuachtán áitiúil agus náisiúnta mar chuid de ‘An Scéim Bolscaireachta – scríbhneoirí’.

UGA G/G60/3/28 · File · 15/11/1966-13/01/1968
Part of Gaeilge

Bunaíodh an fochoiste seo le scrúdú a dhéanamh ar bhunreacht agus ar rialacha Chonradh na Gaeilge agus le moltaí a dhéanamh don Choiste Feidhmiúcháin. Tá sa chomhad miontuairisicí, comhfhreagras agus dréacht-cheartúcháin.

Féach freisin G60/1/2

UGA G/G60/3/9 · File · 11/06/1974-19/03/1985
Part of Gaeilge

Sa chomhad seo tá miontuairiscí agus comhfhreagras an fhochoiste Chraolacháin agus Fhochoiste na Mórmheán Cumarsáide araon agus áirítear leis ábhar a bhaineann leis na feachtais teilifíse agus mheán (G60/29/18 agus G60/29/19).