Tá an fhoshraith seo roinnte arís ina sé fho-fhoshraith, is iad sin Londain, an chuid eile den Ríocht Aontaithe, Mór-roinn na hEorpa, Meiriceá Thuaidh, Meiriceá Theas agus an Astráil agus tá sí curtha in ord de réir méide. Is é atá san ábhar miontuairiscí, comhfhreagras, cuntais, ballraíocht, ciorcláin, tuarascálacha bliantúla, póstaeir, bileoigíní, cláir, grianghraif agus tinreamh coistí a bhaineann le craobhacha aonair.
San áireamh leis an ábhar tá grianghraf dubh agus bán dar teideal "Slua de Chonraitheoirí i Londain ag Seilg", 1910 (G60/4/4/1/2); páipéar ballóide do thoghchán coiste in 1915 a bhfuil ainm Mhíchíl Uí Choileáin air (G60/4/4/1/3); litir ó Bhreandán Ó Beacháin maidir le léiriú de "The Quare Fellow" a cuireadh ar an stáitse sa Stratford Theatre Royal, Meitheamh 1956 (G60/4/4/1/12); comhaontú dlíthiúil idir Conradh na Gaeilge in Éirinn agus in California, 1909 (G60/4/4/4/4); agus litreacha ó chraobh CnaG sa Bholaiv (21/6/1910, 17/01/1911) agus in Buenos Aires (17/12/1915) a bhaineann le dréachtaí do shíntiúis (G60/4/4/6)