Showing 36741 results

Archival description
708 results with digital objects Show results with digital objects
UGA G/G60/1/5/8 · File · 1980-1991
Part of Gaeilge

Cuimsíonn ábhar sa chomad seo liostaí d’fhoirgnimh Chonradh na Gaeilge agus an t-ioncam agus an caiteachas a bhaineann leo.

Foirgnimh an Chonartha
UGA G/G60/1/5 · Sub-series · 13/06/1912-13/07/2009
Part of Gaeilge

Baineann ábhar san fhoshraith seo le foirgnimh a cheannaigh nó a bhí ar léas ag Conradh na Gaeilge, an chothabháil agus an fhorbairt a bhain leo agus an t-ioncam a gineadh dá mbarr. Baineann G60/1/5/1 le hUimhir 6 Sráid Fhearchair; baineann G60/1/5/2 le foirgnimh eile i mBaile Átha Cliath; baineann G60/1/5/3 le foirgnimh eile i gCúige Laighean; baineann G60/1/5/4 le foirgnimh i gCúige Chonnacht; baineann G60/1/5/5 le foirgnimh i gCúige Uladh; baineann G60/1/5/6 le foirgnimh i gCúige Mumhan agus baineann G60/1/5/7 le foirgneamh Chonradh na Gaeilge i Londain. Cuimsíonn ábhar in G60/1/5/8 liostaí go leor de na foirgnimh atá ag an gConradh mar aon le cáipéisí a bhaineann leis an ioncam agus an caiteachas a bhain leo. Tá an t-ábhar san fho-fhoshraith agus sna comhaid seo in ord croineolaíoch.

Foireann CnaG
UGA G/G60/8/2 · Sub-series · 1967-[1990]
Part of Gaeilge

Baineann ábhar san fhoshraith seo le baill foirne Chonradh na Gaeilge agus tá iarratais ar phoist, CVanna, agus taifid fostaithe aonair ann. Seachas cuid de na comhaid dheireanacha seo ina bhfuil eolas ginearálta, ciorcláin foirne agus iarratais fholmha ar phoist, tá an fhoshraith seo dúnta chun cloí le GDPR.

Foireann
UGA G/G60/11/6/5 · Sub-sub-series · [197-]-[2000]
Part of Gaeilge

Baineann ábhar sa chomhad seo le foireann Ógras agus tá lámhleabhair oiliúna, liostaí de bhaill foirne, CVanna agus iarratais ar phoist agus polasaithe agus treoirlínte maidir le cosaint leanaí san áireamh ann. Tá sé in ord croineolaíoch nuair ab fhéidir. Chun cloí le rialacháin GDPR, níl rochtain le fáil ar chuid den ábhar.

Foilsitheoirí
UGA G/G60/10/1 · Sub-series · 1965-[2000]
Part of Gaeilge

Tá ábhar a bhaineann le roinnt foilsitheoirí Gaeilge san fhoshraith seo: An Gúm (G60/10/1/1); Cló Iar-Chonnachta (G60/10/1/2); Sáirséal & Dill, Coiscéim agus Foilseacháin Náisiúnta Teoranta (G60/10/1/3). Áirítear leis an ábhar comhfhreagras, catalóga, nuachtlitreacha agus clúdaigh leabhair.

Foilsitheoireacht (eile)
UGA G/G60/10 · Series · 1905-2003
Part of Gaeilge

Baineann an tsraith seo le foilsitheoireacht nach foilsitheoireacht Chonradh na Gaeilge í, agus áirítear léi ábhar a bhaineann le foilsitheoirí éagsúla; Fochoiste Foilseacháin Chomhairle na Gaeilge; Cumann na bhFoilsitheoirí Gaeilge; Bord na Leabhar Gaeilge; léirmheasanna ar leabhair agus comhfhreagras.

Foilsitheoireacht (CnaG)
UGA G/G60/9 · Series · 12/1882-2006
Part of Gaeilge

Baineann an tsraith seo le foilsitheoireacht Chonradh na Gaeilge den chuid is mó, a bhfuil san áireamh léi ábhar a bhaineann le Clodhanna Teoranta; An Cló-Chumann; An Siopa Leabhar [siopa leabhar CnaG] mar aon le sraith léaráidí a bhfuil an seans ann gur úsáideadh iad i bhfoilsiú ghearrscéalta Phádraig Mhic Phiarais ‘Íosagán agus Scéalta Eile’ [1930í-1950í?]. Áirítear léi chomh maith foshraith a bhaineann le hIrisí agus Nuachtáin a bhfuil ábhar ann nach é CnaG a d’fhoilsigh é.

Foilseacháin na gCraobhacha
UGA G/G60/4/5 · Sub-series · 1944-1998
Part of Gaeilge

Is é atá i gceist leis an bhfoshraith seo foilseacháin a bhaineann le Conradh na Gaeilge ó chraobhacha aonair éagsúla, agus áirítear léi ócáidí ceiliúrtha cosúil le himeachtaí comóraidh craobhacha.

UGA G/G60/39/6 · Sub-series · 06/1947-2006
Part of Gaeilge

Foilseacháin agus tuarascálacha Rialtais atá i gceist le hábhar na foshraithe seo, agus baineann siad leis an nGaeilge agus/nó pobal na Gaeilge. Tá ord croineolaíoch orthu in dhá chomhad.