Is éard atá san fhoshraith seo comhfhreagras agus gearrthóga a bhaineann leis an Ard Fheis agus tá siad in ord croineolaíoch. Tá ráiteas ann freisin maidir le stair na hArd Fheise, agus cáipéis gan dáta ar thaispeántas stairiúil a tionóladh ag Ard Fheis [G60/13/6/7]
Is éard atá san fhoshraith seo ábhar a bhaineann le Tuaisceart Éireann lena n-áirítear comhfhreagras, preasráitis, tuarascálacha agus bileoga.
Sa chomhad seo tá comhfhreagras, tuairiscí agus dréachtpholasaithe a bhaineann le Comhairle Ealaíon Thuaisceart Éireann, lena n-áirítear "Equality Impact Assessment - Seeking Your Views on equality of Opportunity under the Annual Support for Organisations Programme", Meitheamh 2003
Baineann an t-ábhar sa chomhad seo le Comhlacht Siúcra Éireann agus tá comhfhreagras ann idir Conradh na Gaeilge agus iad maidir lena bpacáistiú siúcra dátheangach agus gearrthóga a bhaineann leis an gcomhlacht a bheith ag feidhmiú faoi chaillteanas go luath sna 1980idí.
Is éard atá sa tsraith seo ábhar a bhaineann leis an eagraíocht óige “Comhluadar” agus tá an tsraith foroinnte i 9 bhfo-fhoshraith agus comhad: Airgeadas (G60/11/3/1); Miontuairiscí agus Cláir Oibre (G60/11/3/2); Pleananna oibre agus tuarascálacha (G60/11/3/3); Ballraíocht (G60/11/3/4); Comhfhreagras (G60/11/3/5); Imeachtaí (G60/11/3/6); Ábhar léitheoireachta Gaeilge do Leanaí (G60/11/3/7); Áiseanna nua (G60/11/3/8) agus Ábhar Bolscaireachta (G60/11/3/9). Clúdaíonn sé timpeall 30 bliain ó thús na 1990idí.
Sa chomhad seo tá ábhar a bhaineann le tuarascáil "Co-operation North", comhfhreagras agus dréacht-tuarascáil 22/05/1978-11/1979 san áireamh.
Is éard atá sa chomhad seo gearrtháin a bhaineann leis an CEE (1980, 1986-1989)
Is éard atá sa chomhad seo gearrtháin a bhaineann leis an CEE.
Rogha grianghraf ó 1993 lena n-áirítear ceiliúradh ar an gcomóradh, nóta £50 ar a raibh Dubhghlas de hÍde á bhronnadh ar CnaG ag an mBanc Ceannais; céilí amuigh faoin aer le damhsóirí Gaelacha lena n-áirítear b’fhéidir Joanne Doyle agus Colm Ó Sé le slua lena n-áirítear Tony Gregory agus Micheál Ó Muircheartaigh; grianghraif ó Club an Chonartha.
San fho-fho-fhoshraith seo tá ábhar a bhaineann le comóradh 100 bliain Chonradh na Gaeilge.