Tá ábhar a bhaineann le hoideachas meánscoile sna 1990idí san fho-fhoshraith seo. Is éard atá sa chomhad G60/30/8/6/1 ábhar a bhaineann le torthaí Scrúdaithe na hArdteistiméireachta 1990 mar aon le hábhar ar an nGaeilge sna scrúduithe Máithreánach Deireadh Fómhair 1988-1994. Sa chomhad G60/30/8/6/2 tá ábhar a bhaineann le torthaí Ardteistiméireachta 1995 agus tá gearrthóga ann. Baineann an comhad deiridh san fho-fhoshraith seo, G60/30/8/6/3 le torthaí scrúduithe Ardteistiméireachta, go mór mór maidir leis an nGaeilge, do 1996 agus 1996???, agus tá gearrthóga ann freisin.
Áirítear sa chomhad seo ábhar a bhaineann leis an siompóisiam faoi pháirtí an Lucht Oibre agus an Ghaeilge; ábhar a bhaineann leis an bhfóram "An Ghaeilge go deireadh an Chéid", Meithimh, 1993; léachtaí Gaeilge Halla an Línéadaigh; seimineár de thrí léacht "An Piarsach agus CnaG", Séamas Ó Buachalla, "An Conradh agus Éirí Amach na Cásca", Pádraig Ó Snodaigh, "Conraitheoirí agus an Náisiúnachas, 1893-1993", 10/4/1993; dréachtnótaí; cláir, cuireadh, preasráiteas agus ábhar eile a bhaineann le comhdháil Dhubhghlas de hÍde i gContae Ros Comáin (1990, 1992).
Baineann ábhar san fho-fhoshraith seo le haistriú cheannoifig Chonradh na Gaeilge ó 14 Sráid Parnell go 6 Sráid Fhearchair, cothabháil agus forbairt an fhoirgnimh, bailiú airgid don fhoirgneamh, tógáil an Luas ar Shráid Fhearchair agus pleananna chun an foirgneamh a dhíol, pleananna nach ndeachthas ar aghaidh leo. Áirítear leis miontuairiscí, comhfhreagras, pleananna urláir agus grianghraif agus tá ord croineolaíoch air.
Baineann ábhar sa chomhad seo le foirgneamh Chonradh na Gaeilge ag 99 Bóthar Belgrave, Londain.
Taighde agus comhfhreagras a bhaineann le réimse topaicí a raibh spéis ag Ó Súilleabháin iontu atá in ábhar na foshraithe seo.
San áireamh ann tá: nótaí faoi stair "Comórtas Peil na Gaeltachta" (G60/24/18/1); foirmeacha a líon iarrthóirí do thoghcháin Chonradh na Gaeilge 1932 (G60/24/18/2); nótaí do chainteanna éagsúla a thug Ó Súilleabháin (G60/24/18/4); ábhar, cuntais san áireamh, a bhaineann le Bord na Leabhar Gaeilge, 1960í (G60/24/18/6); comhfhreagras maidir le díbirt Riobárd [Bremham?] i ngeall ar litir chuig an Irish Times faoin gcosc a chuir Cumann Lúthchleas Gael ar bhaill an Chumainn cluichí eachtracha a imirt, liosta d’oifigí Chonradh na Gaeilge, óráidí a tugadh ag imeachtaí éagsúla Chonradh na Gaeilge, polasaí Conradh na Gaeilge, liosta buaiteoirí chomórtas Club Leabhair na Sóisear, 1951-70 (G60/24/18/8); comhfhreagras le Ó Súilleabháin ina cháil mar stiúrthóir Clódhanna Teo, miontuairiscí cruinnithe coiste agus preaseisiúintí (G60/24/18/11); foirm chlárúcháin a líon Ó Súilleabháin do Chumann na Scríbheann nGaedhilge, Londain, nótaí ar Chumann na bPíobairí mar aon le bileoigíní leis an teideal "Irishmen in Lewes Jail are being starved to Death", gan dáta (G60/24/18/19).