Baineann ábhar san fhoshraith seo le clubanna Chonradh na Gaeilge i nDún na nGall agus i mBéal Feirste (G60/11/8/1), agus i nGaillimh, Corcaigh agus Ceatharlach (G60/11/8/2).
Dhá fhoshraitheanna atá sa tsraith seo: an Coimisiún um Athbheochan na Gaeilge agus Coimisiún na Gaeilge. I measc an ábhair tá tuairiscí, suirbhéanna, preasráitis, comhfhreagras, grianghraif agus gearrthóga.
Baineann an chéad chomhad san fhoshraith seo le hobair Choimisiún na Gaeilge sna 1960í agus is é atá ann sraith ailt aon leathanach i mBéarla ag cur chun cinn na Gaeilge agus athbheochan na Gaeilge agus ag féachaint le mífhaisnéis choitianta a bhréagnú. Baineann an dá chomhad dheireanacha le hobair an choimisinéara teanga don tréimhse 2003-2009 agus áirítear leo tuairiscí, preaseisiúintí agus ailt.
Baineann an t-ábhar san fhoshraith seo le Coimisiún na Gaeltachta, gníomhaireacht de chuid Rialtas na hÉireann freagrach as ról na Gaeilge sa Ghaeltacht a neartú. Tá comhfhreagras, aighneachtaí chuig coimisiún Chonradh na Gaeilge, tuairiscí, gearrthóga agus moltaí ann agus baineann an t-ábhar den chuid is mó leis an tréimhse ó dheireadh na 1990idí agus tús na 2000í. Cuimsíonn sé freisin méid beag fótachóipeanna de mhiontuairiscí agus d’ailt ó na 1920idí.
Is éard atá sa chomhad seo ábhar a bhaineann le haighneacht Chonradh na Gaeilge chuig an gcoimisiún a bhunaigh an Roinn Ealaíon, Cultúir agus Gaeltachta chun scrúdú a dhéanamh ar ról eagraíochtaí deonacha Gaeilge agus tá comhfhreagras, cuntais, ailt as nuachtáin, téarmaí tagartha ann; tá aighneacht ó Ógras ann chomh maith.
Sa chomhad seo tá Miontuairiscí Fianaise agus Cáipéisí 1901, 1903, 1906 agus 1907 ón gCoimisiún Ríoga ar Oideachas Ollscoile in Éirinn.
Sa fo-shraith seo tá miontuairiscí, comhfhreagras, taifid airgeadais (lena n-áirítear cuntais, seiceanna agus leabhair taisce), teastais árachais agus tuarascálacha. D’fhéadfadh go raibh an coiste seo ina chuid den Ard-Chraobh (G60/4/3/6) ach baineann an t-ábhar le céilithe a eagraíodh taobh amuigh de réime na craoibhe sin freisin.
Féach freisin G60/16 G60/21
Áirítear leis an ábhar sa chomad seo seo miontuairiscí, comhfhreagras agus moltaí an choiste le haghaidh airgead a thiomsú.
Féach freisin G60/5
Sa chomhad seo tá miontuairiscí agus comhfhreagras a bhaineann le hobair an choiste maidir le stádas agus beocht na Gaeilge a scrúdú. Bhí an coiste seo ar an saol ar feadh tréimhse gairide (1984 – 1985) agus is cosúil go dtagann mbaineann agus go leanann sé le hobair Choiste Géarchéim na Gaeilge (G60/3/23).
Baineann an t-ábhar sa chomhad seo le Coiste Chathair Bhaile Átha Cliath Chonradh na Gaeilge. Miontuairiscí, tuairiscí agus comhfhreagras atá ann.