Rogha grianghraf a bhaineann le ceol agus spórt lena n-áirítear roinnt grianghraf neamhaitheanta d’fhoirne camógaíochta agus iománaíochta (luath sa 20ú haois?), agus b’fhéidir de Bhanna Píob Fintan Lawlor ag an gCraobh Uile-Éireann i bPáirc an Chrócaigh [1930idí?].
San fhoshraith seo tá bileoga ceoil a bhaineann le comórtas bliantúil an Oireachtais agus áirítear léi cóipeanna de “Go Mairidh Ár nGaedhilg Slán”, ar scríobhadh agus ar cumadh go sainiúil é don chéad Oireachtas, Baile Átha Cliath in 1897 (is ó 1905 an scór, arna fhoilsiú ag Conradh na Gaeilge).
Is póstaer atá anseo a bhaineann le ceolchoirm Lá Fhéile Pádraig Chonradh na Gaeilge, Halla Naomh Aindriú, Glaschú in 1953.
Baineann ábhar san fhoshraith seo le ceolchoirmeacha éagsúla de chuid Chonradh na Gaeilge, lena n-áirítear cláir, gearrthóga, grianghraif agus póstaeir agus tá sé in ord croineolaíoch.
Baineann ábhar sa chomhad seo le ceolchoirmeacha éagsúla lena n-áirítear ceadal ceoil le Cór Cois Laoi 1956, agus ceolchoirm chun scor an Dr Vincent O'Brien ó Sheirbhísí Craolacháin na hÉireann a cheiliúradh, 1941, áit a ndearna an Cunta John McCormack bronnadh i rith an tsosa.
Cuimsíonn ábhar sa chomhad seo cláir do “Cuirm Cheoil na Samhna” agus gearrthóga ón Chicago Sunday Times (1920idí).
Cuimsíonn ábhar sa chomhad seo leabhar gearrthóg agus póstaer a bhaineann le ceolchoirm Lá Fhéile Pádraig Chonradh na Gaeilge, Halla Naomh Aindriú, Glaschú 1953, áit ar chas Leo Rowsome; ábhar a bhaineann le ceolchoirm 1954 do chomóradh 10 mbliana Chomhairle Ghaelach na Breataine; cláir do Cheolchoirm na Nollag 1946 agus Mór-Shiamsa 1957, 1959, 1960; ábhar a bhaineann le léiriú ó Chór Chonradh na Gaeilge ag Westminster in 1966 le Seamus Purcell mar stiúrthóir agus cláir do Chuisle an Cheoil 1997.
Baineann ábhar sa chomhad seo leis an nGig Gaelach (1990idí?) agus tá póstaeir agus grianghraif i ndubh agus bán de Kila, Éamann Galldubh, Blathnaid Ní Chofaigh agus eile.
Is éard atá sa chomhad seo gearrtháin a bhaineann le Cinsireacht agus Alt 31 den Acht Craolacháin.
Is éard atá san fhoshraith seo cláir, imeachtaí, tuarascálacha bliantúla agus cuntais dheireadh na bliana don Ard Fheis, comhdháil bhliantúil Chonradh na Gaeilge. Tá sé eagraithe go croineolaíoch, thar dheich bhfo-shoshraith. Ní chlúdaíonn sé na blianta 1926-1933, 1945 ná 1946 nuair a tugadh “Comdháil” air. Is féidir iad seo a fháil in G60/13/2.