Nótaí taighde agus ábhar eile a bhaineann leis an nGaeilge sa chóras oideachais atá san fhoshraith seo, ar cuireadh i dtoll a chéile iad do leabhar Uí Shúilleabháin, “Cath na Gaeilge sa Chóras Oideachais 1893-1911”, a foilsíodh in 1988. Áirítear leis an páipéar "An tOireachtas: nua-oideas na hÉireann", le Peadar Ó Ceallaigh 1942, agus polasaithe oideachais éagsúla (G60/24/6/1); nótaí maidir le Féile na nUile Naomh 1940 agus Scéim Saoire na Gaeltachta 1967 (G60/24/6/2) chomh maith le hailt faoi choláistí samhraidh Gaeilge (G60/24/6/3).
Baineann ábhar san fhoshraith seo le hoibleagáidí Chonradh na Gaeilge mar fhostóir agus tá cáipéisí ann maidir le Sábháilteacht, Sláinte agus Leas ag an Obair (G60/8/7/1); Ráiteas Sábháilteachta an Chonartha (G60/8/7/2) agus ábhar ar shochair mháithreachais agus polasaí sóisialta (G60/8/7/3).
Bhunaigh Conradh na Gaeilge Ógras i 1969 chun deis a thabhairt do dhaoine óga idir 13 agus 19 mbliana d’aois teacht le chéile agus páirt a ghlacadh i gclubanna óige trí Ghaeilge. Is éard atá san fhoshraith seo ábhar a bhaineann leis an eagraíocht Ógras agus tá sé roinnte in 8 bhfo-fhoshraith agus comhad: Brainsí agus Ballraíocht (G60/11/6/1); Airgeadas (G60/11/6/2); Coistí (G60/11/6/3); Imeachtaí agus comórtais (G60/11/6/4); Foireann (G60/11/6/5); Ábhar Bolscaireachta (G60/11/6/6); Bunreacht (G60/11/6/7) agus Comhfhreagras (G60/11/6/8).
Sa chomhad seo tá dréacht-bhunreacht do “Óg-Ghluaiseacht na Gaeilge”.
Is éard atá san ábhar sa chomhad seo gearrthóga a bhaineann le heagraíochtaí agus le scéimeanna óige, agus eolas lena n-áirítear leabhrán “Eolaí don Óige” ina gcuirtear síos ar eagraíocht den sórt sin a bhunú agus a rith.
Baineann an tsraith seo le litríocht, filíocht agus scríbhneoirí na Nua-Ghaeilge agus áirítear léi dréachtscripteanna agus aistí, beathaisnéisí agus cuntais iarbháis scríbhneoirí; nithe a bhaineann le comórtais agus gradaim; doiciméid a bhaineann le féilte agus le seoltaí leabhar; agus ábhar a bhaineann le hiriseoireacht na Gaeilge.
[Nóta ón gCartlannaí: Bíodh is gur fótachóipeanna de dhoiciméid a théann siar chomh fada le 1883 roinnt de na míreanna sa tsraith seo, is ón doiciméad bunaidh is luaithe a tógadh an réimse dátaí atá tugtha anseo.]
Tá comhfhreagras agus síntiúis a bhaineann le hirisí agus le nuachtlitreacha éagsúla, mar aon le samplaí de nuachtlitreacha ó bhrainsí réigiúnacha Chonradh na Gaeilge san fhoshraith seo.
An Caomhnóir; Cumas Teo.; An Ghaeltacht Beo; Dúchas; Nuacht Chorc Dhuibhne; Nuachtlitir Iorras Aithneach; Pobal (nuachtlitir an Ghaelárais Doire)
Tag / Ref: G60/32/8/6
Is éard atá sa chomhad seo cóip amháin de nuachtán Shinn Féin, an 22 Feabhra 1913.
Baineann an tsraith seo le hobair thaighde Dhonncha Uí Shúilleabháin, ar fear é a chaith blianta fada i gConradh na Gaeilge (CnaG) agus a bhí ina Ard-Rúnaí ar an eagraíocht in 1955 agus ina Uachtarán ar an Oireachtas an bhliain chéanna. Scríobh sé roinnt leabhar faoi CnaG, ina measc “Scéal an Oireachtais”, “Conradh na Gaeilge i Londain 1894-1917”, “Na Timirí i ré tosaigh an Chonartha” agus “Cath na Gaeilge sa Chóras Oideachais 1893-1911”. Tá go leor den taighde a rinne sé do na leabhair sin le fáil sa tsraith seo. Rinneadh foroinnt ar an tsraith seo bunaithe ar thopaicí a chuid taighde, agus ina measc tá luathstair Chonradh na Gaeilge; An Claidheamh Soluis [céad nuachtán CnaG]; an Ard-Fheis [comhdháil bhliantúil CnaG]; an tOireachtas; Drámaíocht; Oideachas; timirí agus teagascóirí taistil; [CnaG i] Londain; agus Pádraig Mac Piarais. Comhfhreagras agus gearrthóga is mó atá inti. Baineann foshraith eile leis an tréimhse ama a chaith sé mar Ard-Rúnaí agus is comhfhreagras atá i gceist leis sin.
Bailitheoir ephemera agus grianghraf a bhain le CnaG a bhí in Ó Súilleabháin chomh maith. D’úsáid sé iad ina chuid leabhar agus tá siad scaipthe anois fud fad an bhailiúcháin.