Showing 49398 results

Archival description
708 results with digital objects Show results with digital objects
Bratacha
UGA G/G60/1/2/1 · [1981]-[1989]
Part of Gaeilge

Sa chomhad seo tá ailt ó na 1980idí a bhaineann le bratach Chonradh na Gaeilge, agus an bratach Náisiúnta.

Bratacha
UGA G/G60/38/2/6 · [1993]
Part of Gaeilge

Sa chomhad seo tá 25 bratach bhoird a bhaineann le Tíortha Eorpacha éagsúla mar aon le 5 bhonn agus tacar de 26 bratach phlaisteach ó thíortha an Aontais Eorpaigh (AE) lena n-áirítear bratach an AE féin.

Bunreacht
UGA G/G60/11/6/7 · 1972-1995
Part of Gaeilge

Is éard atá sa chomhad seo ábhar a bhaineann le bunreacht na heagraíochta.

Bunreacht agus Ceadúnais
UGA G/G60/11/7/1 · 2007-2009
Part of Gaeilge

Baineann an t-ábhar sa chomhad seo le bunreacht an chlub. Tá ábhar ann freisin a bhaineann le ceadúnais teilifíse don chlub agus ceadúnais chun alcól a dhíol.

Bunreacht srl.
UGA G/G60/12/2 · 1946-2002
Part of Gaeilge

Sa chomhad seo tá bunreacht agus rialacha do Chomhaltas Uladh Chonradh na Gaeilge (1964-65, 1979, 2002); liosta na n-uachtarán 1926-1998; alt faoi Chomhaltas Uladh mar chuid de Chonradh na Gaeilge agus paimfléid lena n-áirítear "Cnuasacht de Cheoltaí Uladh" 1946.

UGA G/G60/1/2 · Sub-series · 1952-2005
Part of Gaeilge

Is éard atá san fhoshraith seo dréachtaí, foirmeacha, ciorcláin, ailt agus ábhar eile a bhaineann le rialacha agus le bunreacht Chonradh na Gaeilge chomh maith le hábhar, cosúil le comhfhreagras agus preaseisiúintí, a bhaineann le forbairt agus le struchtúr na heagraíochta.

UGA G/G60/1/2/2 · 1952- 2005
Part of Gaeilge

Baineann ábhar sa chomhad seo le dréachtaí éagsúla de bhunreacht Chonradh na Gaeilge and Chomhaltas Uladh chomh maith le buanorduithe.

UGA G/G60/7 · Series · [1890]-24/04/2018
Part of Gaeilge

Baineann an tsraith seo le hobair caidrimh poiblí agus mhargaíochta Chonradh na Gaeilge (CnaG). Áirítear leis ábhar ó sheimineáir a bhain le Caidreamh Poiblí; preasráitis i mBéarla agus i nGaeilge; ábhar fógraíochta lena n-áirítear póstaeir, bileoigíní agus taispeántais; doiciméid a bhaineann le fógraí a chur i bhfoilseacháin agus seirbhísí aistriúcháin; dearadh lógó nua; agus rannán cuimsitheach grianghraf.

UGA G/G60/37/7 · Sub-series · 1969-03/02/2003
Part of Gaeilge

Is éard atá san ábhar san fhoshraith seo comhfhreagras, óráidí agus ráitis a bhaineann le páirtithe polaitiúla agus Tuaisceart Éireann, an caidreamh Angla-Éireannach agus Comhaontú Aoine an Chéasta.

Is éard atá i gComhad G60/37/7/1 sraith óráidí agus ráiteas ón Taoiseach Jack Lynch TD faoi Aontú na hÉireann, Tuaisceart Éireann, agus an Caidreamh Angla-Éireannach 1969-71; iarratas ó Shinn Féin ar Chonradh na Gaeilge seasamh poiblí a ghlacadh maidir leis na baill de chlubanna Poblachtacha a d’ionsaigh nó a mharaigh na Sealadaigh, mar aon le liosta de na hionsaithe (1-6/11/1975), agus sliocht as an gcolún "An UVF agus an Ghaeilge", le Breandán Ó hEithir 9/5/1974.

Áirítear i gcomhad G60/37/7/2 comhfhreagras le Sinn Féin maidir le stádas na Gaeilge i bpríosúin i bPoblacht na hÉireann agus i dTuaisceart Éireann 1985-1986 agus litir ó rannóg réimeas na bpríosún in Oifig Thuaisceart Éireann chuig Comhdháil Naisiúnta na Gaeilge ina ndeirtear go bhfuil níos lú Gaeilge á úsáid agus nach gceadaítear ach beannachtaí ar litreacha anois, agus gur cuireadh stop le cluichí CLG agus le ranganna teanga ó d’éalaigh príosúnaigh as na H-Bhloic in 1983. Tá comhfhreagras ann chomh maith a bhaineann leis an Belfast Telegraph a chuir Béarla ar ainm Gaeilge duine de chomhairleoirí Shinn Féin agus le Páirtí Sóisialta agus Daonlathach an Lucht Oibre maidir lena bpolasaí Gaeilge, 1986, 1987.

Áirítear sa chomhad deiridh G60/37/7/3 ábhar a bhaineann leis an gcomhaontú ar thángthas air sna Cainteanna Ilpháirtí 10/4/1998 (Comhaontú Aoine an Chéasta); cóip de leabhrán an reifrinn ar na leasuithe bunreachtúla a bhí le déanamh; bileoga don chomhdháil “Forbairt Eacnamaíochta agus an Ghaeilge” Bealtaine 1994, agus Slógadh Shinn Féin 1994; cuireadh ó Chomhairle na Breataine i dTuaisceart Éireann freastal ar shiompóisiam "Law and language matters in Northern Ireland" 03/02/2003.