Is éard atá sa chomhad seo tuarascálacha agus ceistneoirí ó na 2000idí lena n-áirítear Plean Corparáideach Údarás Náisiúnta Cáilíochtaí na hÉireann 2003-2006; An Chigireacht Oideachais agus Oiliúna – Tuarascáil an Phríomhchigire 2006-2008 agus Ionad Náisiúnta na dTeangacha "Treochtaí Teanga 2008 – Teangacha i Meánscoileanna".
Is éard atá sa chomhad seo tuarascálacha ó na 1990idí lena n-áirítear tuarascáil ar Pháipéar Glas Oideachais 1992 "Oideachas don Saol Nua"; tuarascáil ón nGrúpa Comhairleach Saineolaithe "Oideachas Caidrimh agus Gnéasachta"; "An Ghaeilge i measc Bhaill Foirne Choláiste na hOllscoile, Corcaigh maidir le dearcadh, cumas agus úsáid” Bord na Gaeilge, UCC Samhain 1996; tuarascáil an Choiste Athbhreithnithe ar Iompar Scoile, an Roinn Oideachais agus Eolaíochta, Eanáir 1998.
Is éard atá sa chomhad seo tuarascálacha maidir le hoideachas tríú leibhéal agus tá an tuarascáil eatramhach ón gcoiste stiúrtha ar fhorbairt an Ardoideachais sa todhchaí ann, Eanáir 1995; páipéar taighde an Choimisiúin ar Chóras na bPointí 1 (Éileamh ar áiteanna 3ú leibhéal) 1997, próiseas comhairliúcháin an choimisiúin (doiciméad cúlra) 1998, agus tuarascáil deiridh agus moltaí an choimisiúin 1999.
Is éard atá sa chomhad seo tuarascálacha ó na 1970idí lena n-áirítear tuarascáil an Údaráis Ardoideachais ar Oideachas Múinteoirí, Meán Fómhair 1970; "Deis Oideachais i mBaile Átha Cliath", Aonad Taighde agus Forbartha Institiúid Cumarsáide Caitlicí na hÉireann, Meán Fómhair 1974; "Modhanna Closamhairc v Modhanna ABC i Múineadh na Gaeilge" Institiúid Teangeolaíochta Éireann, 1976.
Is éard atá sa chomhad seo tuarascálacha agus ceistneoirí ó na 1960idí lena n-áirítear tuarascáil na Comhairle Eacnamaíochta Tionscail Náisiúnta ar "Infheistíocht san Oideachas"; tuarascáil agus achoimre ón gCoimisiún um Ardoideachas 1960-1967; agus meamram ar théacsleabhair i nGaeilge 1968.
Is éard atá sa chomhad seo tuarascálacha a bhaineann le hOideachas agus le Gaeilge lena n-áirítear "Múinteoirí Bunscoile agus an Ghaeilge" 1896; “Stádas na Gaeilge i scoileanna dheoise Phort Láirge agus Leasa Móire” Deireadh Bliana 30 Meitheamh 1920 agus “Tiomnacht Hardiman: tuarascáil ar Scoileanna Comhoibríocha agus Scoileanna Comhfhreagrais Phríobháidigh san Iorua agus sa tSualainn le tagairt speisialta dá ról i soláthar oideachas aosach trí ghluaiseacht an chiorcail staidéir” Samhain 1959.
Is é atá i gceist leis an bhfoshraith seo, a bhfuil ord croineolaíoch uirthi, tuairiscí na rúnaithe maidir le himeachtaí an Oireachtais. San áireamh inti chomh maith tá roinnt comhfhreagrais agus tuairiscí moltóirí.
Is éard atá sa chomhad seo tuarascáil agus preasráiteas ó Thithe an Oireachtais: “An Comhchoiste um Oideachas agus Coimirce Shóisialach: tuarascáil ar Dhréacht-Scéim Ghinearálta an Bhille Oideachais (Ligean Isteach ar Scoil)” 2013 Márta 2014.
Baineann an tsraith seo le Tuaisceart Éireann, agus cuimsíonn sé tuairiscí, preaseisiúintí, comhfhreagras, bileoigíní agus gearrthóga agus tá sé roinnte ina dheich bhfoshraith lena n-áirítear: Comhairle Ealaíon Thuaisceart Éireann; an Fóram um Shíocháin agus Athmhuintearas agus Fóram Nua-Éireann; Comhoibriú Thuaidh; Oideachas na Gaeilge sa Tuaisceart; Cearta Príosúnach; Cearta Teanga; Caidrimh Angla-Éireannacha, Páirtithe Polaitiúla agus Comhaontú Aoine an Chéasta (GFA); Aontú na hÉireann agus an Coiste um Chearta Sibhialta. Clúdaíonn an dá fhoshraith dheiridh comhfhreagras agus bailiúchán suntasach de ghearrthóga nuachtáin.
Féach G60/29/17 maidir le hábhar gaolmhar ar chearta príosúnach.