Showing 36736 results

Archival description
708 results with digital objects Show results with digital objects
UGA G/G60/6/3 · Sub-series · 28/06/1956-24/10/2014
Part of Gaeilge

Cuimsíonn ábhar san fhoshraith seo ábhar a bhaineann le tuarastail na bhfostaithe, teastais chánach, pinsin, duillíní pá agus iomarcaíocht. Seachas G60/6/3/1 ina bhfuil fógra ó na Coimisinéirí Ioncaim maidir le díolúine scannáin phictiúrlainne a bhfuil gné oideachais leo ó dhleacht iompórtála (28/06/1956), tá gach comhad eile sa tsraith seo dúnta faoi láthair chun cloí le GDPR.

UGA G/G60/28 · Series · [28/11/1900]-24/03/2013
Part of Gaeilge

Aithisc, léachtaí agus seimineáir (gan óráidí Ard-Fheise ná Oireachtais san áireamh) atá i gceist leis an tsraith seo, dréachtaí san áireamh. Cuimsíonn dhá fhoshraith na léachtaí ó shraith léachtaí na Mílaoise agus an Dúchais, faoi seach. Tá an tríú foshraith ann a bhfuil an lipéad ‘Nollaig Ó Gadhra’ uirthi, agus is é atá i gceist léi sin ná comhad páipéar den teideal céanna, agus áirítear leis sin dréacht-óráidí agus comhfhreagras Uí Ghadhra, ar iar-uachtarán Chonradh na Gaeilge é.

Óráidí
UGA G/G60/13/5 · Sub-series · 1951-2002
Part of Gaeilge

Is éard atá san fhoshraith seo óráidí a tugadh ag Ard Fheiseanna éagsúla agus tá siad in ord croineolaíoch.

UGA G/G60/38/5/6/5 · File · 1993
Part of Gaeilge

Is éard atá sa chomhad seo gearrtháin a bhaineann le óráid an Tánaiste Dick Spring ar pholasaí an rialtais i ndáil le Tuaisceart Éireann fad a bhí sé i Stáit Aontaithe Mheiriceá.

Olltoghchán 1977
UGA G/G60/38/5/4/5 · File · 1976-1979
Part of Gaeilge

Is éard atá sa chomhad seo gearrtháin a bhaineann leis an olltoghchán.

Olltoghcháin 1982, 1987
UGA G/G60/38/5/5/5 · File · 1982-1989
Part of Gaeilge

Is éard atá sa chomhad seo gearrtháin a bhaineann leis na holltoghcháin i 1982 agus i 1987.