Baineann an t-ábhar san fho-fhoshraith seo leis an Roinn Dlí agus Cirt agus Comhionannais, agus comhfhreagras atá ann den chuid is mó, a bhfuil ord croineolaíoch curtha air, nuair ab fhéidir, i seacht gcomhad. Áirítear leis ábhar a bhaineann leis an nGarda Síochána (G60/39/2/11/1); an Bille um Cheartas Coiriúil, 1960í (G60/39/2/11/2); Oifig an Ard-Aighne (G60/39/2/11/3); an Stiúrthóir Ionchúiseamh Poiblí (G60/39/2/11/4); na Cúirteanna, an tArd-Chláraitheoir agus Clárlann na Talún (G60/39/2/11/5); agus nótaí maidir le breithiúnais agus an Ghaeilge sa chóras dlí (G60/39/2/11/6-7).
Ábhar a bhaineann leis an Roinn Ealaíon, Oidhreachta, Gaeltachta agus Oileán atá san fho-fhoshraith seo, agus comhfhreagras atá ann den chuid is mó. Tá ábhar a bhaineann leis na ranna seo a leanas, mar a bhí, san áireamh san fho-fhoshraith seo: Roinn na Gaeltachta (G60/39/2/3/1 – G60/39/2/3/3); an Roinn Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta (G60/39/2/3/4) agus an Roinn Ealaíon (G60/39/2/3/5).
Sa chéad chomhad den dá chomhad atá san fho-fhoshraith seo (G60/39/2/10/1) tá comhfhreagras agus ábhar eile a bhaineann leis an Roinn Tionscail agus Tráchtála agus cuimsítear leis an tréimhse idir 02/08/1963 agus 29/08/1984. Tá ábhar sa dara comhad (G60/39/2/10/2) a bhaineann leis an Roinn Saothair agus cuimsítear leis an tréimhse idir 27/04/1977 agus 30/08/1983.
Comhfhreagras leis an Roinn Gnóthaí Eachtracha sa tréimhse ón 22/7/1950 go dtí 8/9/1986 atá i gcéad chomhad na fo-fhoshraithe seo (G60/39/2/8/1). Baineann an t-ábhar sa dara comhad (G60/39/2/8/2) le comhfhreagras le hambasáidí éagsúla, Ambasáid na Breataine san áireamh, don tréimhse ó 05/11/1956 go dtí 31/5/1988; ábhar maidir leis an gcéad ambasadóir a labhair i nGaeilge nuair a bhí a dhintiúir á gcur i láthair aige (An tSualainn, 1950í) chomh maith le hábhar maidir le hÉireannaigh a stopadh/a ciapadh agus iad ag taisteal chuig Tuaisceart Éireann i ngeall ar a n-ainmneacha a bheith i nGaeilge. Sa chomhad deiridh (G60/39/2/8/3), tá nuachtlitreacha agus feasacháin sheachtainiúla ón Roinn Gnóthaí Eachtracha don tréimhse 19/7/1954 go dtí 13/11/1975 a n-áirítear leis roinnt nuachtlitreacha dar teideal "Free China Gazette" agus "Independent Fermosa" a bhaineann leis an Téaváin (1963-65).
Tá dhá chomhad san fho-fhoshraith seo a bhfuil ord croineolaíoch orthu agus a bhaineann le dhá Roinn a bhíodh ann tráth den saol. Comhfhreagras atá sa chéad chomhad a bhaineann leis an Roinn Leasa Shóisialaigh agus cuimsíonn sé an tréimhse ó 07/01/1952 go dtí 22/5/1986. Comhfhreagras atá sa dara comhad a bhaineann leis an Roinn Gnóthaí Sóisialacha agus Teaghlaigh agus tá an dáta 08/09/2003 air.
Dhá chomhad in ord croineolaíoch atá san fho-fhoshraith seo, agus baineann an t-ábhar le dhá Roinn a bhíodh ann tráth den saol. Comhfhreagras atá sa chéad chomhad a bhaineann leis an Roinn Iompair agus Cumhachta agus cuimsíonn sé an tréimhse 27/04/1967 go dtí 23/09/1982. Comhfhreagras atá sa dara comhad a bhaineann leis an Roinn Turasóireachta agus Iompair agus cuimsíonn sé an tréimhse ó 02/10/1987 go dtí 16/02/1988.
Baineann an t-ábhar san fho-fhoshraith seo leis an Roinn Oideachais, agus san áireamh leis sin tá úsáid na Gaeilge laistigh den Roinn, a meon agus a polasaithe i leith na Gaeilge, agus tá ord croineolaíoch uirthi.
Tá comhfhreagras, preaseisiúintí, tuairiscí, gearrthóga agus ábhar eile ann agus áirítear leis tuarascáil na Comhairle Oideachais maidir le feidhm agus curaclam na bunscoile ar cuireadh faoi bhráid an Aire Oideachais í, 16 Meitheamh 1954 (G60/39/2/6/2); meamraim maidir le téacsleabhair i nGaeilge agus claonchlónna grianghraif a tógadh de théacsleabhair a bhí in úsáid ar an Spidéal, Co. na Gaillimhe, 1968 (G60/39/2/6/3); ábhar maidir leis an gcás dlí idir na foilsitheoirí Fallons agus an Roinn sna 1970í agus 1980í (G60/39/2/6/4/2 agus G60/39/2/6/5/2); ábhar maidir leis an bhfreagra a thug pobal na Gaeilge don Pháipéar Glas (1992) agus don Pháipéar Bán (1995) maidir le hoideachas agus don Bhille Oideachais (1997) chomh maith le hábhar maidir le ceisteanna a cuireadh ar an Aire Oideachais agus Eolaíochta sa Dáil maidir le Coiste na Gaeilge a bhí le bunú faoin Acht Oideachais, 1998, Meitheamh 2000 (G60/39/2/6/7).
Baineann an t-ábhar sa chomhad seo den chuid is mó le comhfhreagras leis an Roinn maidir le húsáid na Gaeilge laistigh den Roinn, agus a meon i leith na Gaeilge.
Ábhar a bhaineann leis an Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara atá san fho-fhoshraith seo, agus comhfhreagras atá ann den chuid is mó. Tá ábhar a bhaineann leis na ranna seo, mar a bhí, san áireamh san fho-fhoshraith seo: an Roinn Talmhaíochta agus Iascaigh (G60/39/2/2/1); an Roinn Tailte (G60/39/2/2/2) agus an Roinn Iascaigh agus Foraoiseachta (G60/39/2/2/3).
Baineann an t-ábhar sa chomhad seo le tuairiscí ón Roinn Rialtais Áitiúil don tréimhse 1972-1975 chomh maith le torthaí agus staitisticí toghchán áitiúil, 1974.