Showing 48067 results

Archival description
708 results with digital objects Show results with digital objects
UGA G/G60/41 · Series · 1955-18/03/2011
Part of Gaeilge

Baineann an tsraith seo go príomha le cumarsáid idir CnaG agus údaráis áitiúla éagsúla maidir le húsáid na Gaeilge i gcaidreamh laethúil leis an bpobal i gcoitinne agus le húsáid na Gaeilge i logainmneacha agus i bpleanáil agus déantar é a roinnt ina dhá fhoshraith eile. Sa chéad fhoshraith, Comhairlí Contae agus Comhairlí Ceantair Uirbeacha, tá comhfhreagras den chuid is mó agus sa dara foshraith, Pleanáil, tá comhfhreagras agus gearrthóga araon.

UGA G/G60/30/7/7
Part of Gaeilge

Baineann ábhar sa chomhad seo leis an ngá atá le Gaeilge a bheith ag múinteoirí bunscoile. Cuimsíonn sé freisin moltaí choiste Feidhmiúcháin Chonradh na Gaeilge maidir le plépháipéar Bunoideachais ón mbord Curaclaim agus Scrúdaithe.

UGA G/G60/7/6 · Sub-series · [2003]-[2007]
Part of Gaeilge

Baineann ábhar san fhoshraith seo le rátaí fógraíochta do mheáin éagsúla lena n-áirítear páipéir áitiúla. Sa dara comhad tá liostaí teagmhálacha lena n-áirítear teagmhálacha sna meáin agus baill coistí craoibhe agus tá sé dúnta chun cloí le GDPR.

Ranna Rialtais na hÉireann
UGA G/G60/39/2 · Sub-series · 25/08/1941-15/11/2004
Part of Gaeilge

Baineann an t-ábhar san fhoshraith seo le ranna Rialtais éagsúla, agus don úsáid a baineadh as an nGaeilge iontu agus/nó dá meon ina leith, agus leis an gcaoi ar imir polasaithe rialtais agus reachtaíocht tionchar ar an nGaeilge agus ar phobal na Gaeilge. Tá sé roinnte arís de réir roinn/ranna Rialtais agus laistigh díobh sin tá eagar croineolaíoch air, nuair is féidir agus nuair is cuí.

[Nóta ón gCartlannaí: Tá athruithe tagtha ar róil agus ar theidil ranna Rialtas na hÉireann le himeacht ama i ngeall ar athstruchtúrú a cuireadh i gcrích i ndiaidh do rialtais nua teacht i gcumhacht tar éis olltoghcháin. Cuireadh eagar, mar sin, ar fho-fhoshraitheanna de réir teidil na ranna mar a bhí nuair a bhí an cartlannaí i mbun cinnidh faoin gcaoi eagar a chur ar an mbailiúchán (2020). D’fhéadfadh roinnt ábhair, mar sin, a bheith ag tagairt d’ainmneacha ranna níos sine agus/nó roinnt trasnaíola a bheith ann idir an t-ábhar seo agus ábhar i bhfo-fhoshraitheanna eile.]

Raidió na Life
UGA G/G60/36/11 · Sub-series · 11/12/1989-11/02/2008
Part of Gaeilge

Baineann an t-ábhar san fhoshraith seo le “Raidió na Life”, ar stáisiún raidió i mBaile Átha Cliath é, agus áirítear leis sceidil, bróisiúir agus admhálacha.

Raidió na Gaeltachta
UGA G/G60/36/8 · Sub-series · 01/11/1982-14/02/2002
Part of Gaeilge

San áireamh san fhoshraith seo tá ábhar a bhaineann le Raidió na Gaeltachta agus áirítear leis comhfhreagras, preaseisiúintí, bróisiúir agus liosta teagmhálaithe sna meáin [G60/36/8/1] mar aon le hachainí chuig an Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta inar léiríodh tacaíocht don stáisiún i gcomhthéacs ciorruithe sa bhuiséad [G60/36/8/2].

Raidió (Ginearálta)
UGA G/G60/36/6 · Sub-series · 09/1978-10/2008
Part of Gaeilge

Baineann an t-ábhar san fhoshraith seo le craolachán raidió i nginearálta agus san áireamh ann tá comhfhreagras, gearrthóga agus tuairiscí. Tá tuairisc inti faoi Ghaeilge Uladh ar raidió agus teilifís i gcúige Uladh (09/1978) chomh maith le moltaí ó RTÉ in 1979 do raidió pobail ar fud na tíre [G60/36/6/1]; aighneacht a chuir Conradh na Gaeilge faoi bhráid an chomhchoiste reachtaíochta maidir leis an gCóras Raidió Áitiúil chomh maith le billí craolacháin éagsúla 1980-1989 [G60/36/6/2] agus ábhar a bhaineann le Wired FM, Near FM agus Raidio X [G60/36/6/4].

Raidió Éireann
UGA G/G60/36/7 · 03/10/1935-10/02/1997
Part of Gaeilge

San áireamh sa chomhad seo tá ábhar a bhaineann le Ra[i]dió Éireann, agus áirítear leis litir a bhaineann le fostú stiúrthóra ceoil ar measadh a bheith in aghaidh na Gaeilge (gan dáta); "Fréamhú agus Forleathadh" - script ó Dhráma Raidió de chuid CnaG (gan dáta) agus Tuarascáil Bhliantúil Raidio Éireann 1962. Tá litir ann sa chomhad freisin a bhaineann le Raidio Free Éireann (1997).

Raidió an Phobail
UGA G/G60/36/10 · 21/1/1978-10/10/1980
Part of Gaeilge

San áireamh in ábhar an chomhaid seo tá preaseisiúintí agus gearrthóga a bhaineann leis an stáisiún raidió bradach a bhí á reáchtáil ag Conradh na Gaeilge.

Proinnsias MacDiarmada
UGA G/G60/18/9 · Sub-series · [1940-1968]
Part of Gaeilge

Is éard atá san fhoshraith seo ábhar a bhaineann leis an drámadóir, an léiritheoir agus an stiúrthóir Proinnsias Mac Diarmada, lena n-áirítear albam grianghraf le grianghraif, gearrthóga, cláir agus litreacha óna lucht leanúna [G60/18/9/1]; leabhar nótaí crua ina bhfuil "Oidhreacht Bhideoig Mhóir" le MacDiarmada (leathanaigh greamaithe le nodaireacht, gan dáta) [G60/18/9/2] agus teastas buacach Oireachtais Mhic Dhiarmada 1945 [G60/18/9/3].