Showing 1330 results

Archival description
Tuaisceart Éireann
UGA G/G60/37 · Series · 1964-27/09/2010
Part of Gaeilge

Baineann an tsraith seo le Tuaisceart Éireann, agus cuimsíonn sé tuairiscí, preaseisiúintí, comhfhreagras, bileoigíní agus gearrthóga agus tá sé roinnte ina dheich bhfoshraith lena n-áirítear: Comhairle Ealaíon Thuaisceart Éireann; an Fóram um Shíocháin agus Athmhuintearas agus Fóram Nua-Éireann; Comhoibriú Thuaidh; Oideachas na Gaeilge sa Tuaisceart; Cearta Príosúnach; Cearta Teanga; Caidrimh Angla-Éireannacha, Páirtithe Polaitiúla agus Comhaontú Aoine an Chéasta (GFA); Aontú na hÉireann agus an Coiste um Chearta Sibhialta. Clúdaíonn an dá fhoshraith dheiridh comhfhreagras agus bailiúchán suntasach de ghearrthóga nuachtáin.

Féach G60/29/17 maidir le hábhar gaolmhar ar chearta príosúnach.

UGA G/G60/2 · Series · 09/04/1920-[2002]
Part of Gaeilge

Baineann an tsraith seo le hobair na dTimirí [lucht eagraithe] agus teagascóirí taistil ar fud na tíre, agus áirítear leis tuairiscí, treoracha, cláir oibre agus conarthaí an lucht eagraithe. Tá ábhar ann freisin a bhaineann le “Lá na dTimirí”.

UGA G/G60/35 · Series · 1942-2009
Part of Gaeilge

Sa tsraith seo tá taighde a rinne nó a bhailigh Conradh na Gaeilge maidir leis an gcaoi a gcaitear le teangacha agus le pobail teanga éagsúla, go háirithe mionteangacha agus an dearcadh ina leith. Cuimsíonn sé ailt, tuairiscí, comhfhreagras, bileoigíní agus gearrthóga ó eagraíochtaí teanga cosúil leis an mBiúró Eorpach do Theangacha Neamhfhorleathana [EBUL]; Institiúid Teangeolaíochta na hÉireann; Lingua; Institut dialect; an Comunn Gaidhealach agus an Language Freedom Movement (LFM).

Taighde
UGA G/G60/26 · Series · 27/05/1906-[2010]
Part of Gaeilge

Baineann an tsraith seo le taighde a rinne an eagraíocht mar chuid dá cuid oibre, nó taighde a thiomsaigh an eagraíocht, agus áirítear leis ailt a bhaineann le Conradh na Gaeilge agus lena stair; tuairiscí; suirbhéanna; foilseacháin agus tuarascálacha Rialtais; díospóireachtaí Dáil Éireann agus Seanad Éireann; míreanna a bhaineann le daoine a raibh spéis ag an gConradh iontu, iar-bhaill san áireamh; tráchtais agus páipéir thaighde mar aon le hábhar a bhaineann le daonáirimh éagsúla.

Spórt
UGA G/G60/20 · Series · 1910-2009
Part of Gaeilge

Baineann an tsraith seo le spórt, agus le Cumann Lúthchleas Gael (CLG) go háirithe. Áirítear leis an ábhar comhfhreagras; gearrthóga; cláir; nithe a bhaineann le comórtas Thomáis Ághas; póstaeir agus bróisiúir ina liostaítear téarmaí spóirt éagsúla i nGaeilge.

UGA G/G60/15 · Series · 1923-2011
Part of Gaeilge

Baineann an tsraith seo le Seachtain na Gaeilge, ar féile coicíse í a reáchtáiltear ar bhonn bliantúil i mí an Mhárta agus ar chuir Conradh na Gaeilge tús léi in 1903 chun an Ghaeilge a chur chun cinn. San áireamh leis an ábhar seo tá miontuairiscí; tuairiscí; cláir; ábhar fógraíochta; iarratais ar dheontais; comhfhreagras agus preasráitis.

Riarachán
UGA G/G60/8 · Series · 24/05/1927-2017
Part of Gaeilge

Baineann an tsraith seo le riaradh na heagraíochta agus áirítear léi sonraisc agus fáltais, curricula vitae comhaltaí foirne; iarratais poist agus oiliúint foirne; doiciméid árachais; ceadúnais; agus ábhar a bhaineann le hoibleagáidí an fhostóra. Tá roinnt ábhar dúnta chun cloí le GDPR agus le rialacháin eile.

UGA G/G60/41 · Series · 1955-18/03/2011
Part of Gaeilge

Baineann an tsraith seo go príomha le cumarsáid idir CnaG agus údaráis áitiúla éagsúla maidir le húsáid na Gaeilge i gcaidreamh laethúil leis an bpobal i gcoitinne agus le húsáid na Gaeilge i logainmneacha agus i bpleanáil agus déantar é a roinnt ina dhá fhoshraith eile. Sa chéad fhoshraith, Comhairlí Contae agus Comhairlí Ceantair Uirbeacha, tá comhfhreagras den chuid is mó agus sa dara foshraith, Pleanáil, tá comhfhreagras agus gearrthóga araon.

UGA G/G60/1 · Series · 1895-30/03/2018
Part of Gaeilge

Baineann an tsraith seo le Conradh na Gaeilge (CnaG) féin, lena struchtúr, a bhunreacht, a pholasaithe agus pleananna oibre, agus cuimsítear léi tuarascálacha bliantúla, ábhar a bhaineann leis na foirgnimh éagsúla in úinéireacht CnaG agus ábhar a bhaineann leis “An Fáinne”, ar clár teastasaithe a reáchtáil CnaG é.

UGA G/G60/45 · Series · [17--]-[19--]
Part of Gaeilge

Foclóir pearsanta lámhscríofa, b'fhéidir go déanach san 18ú haois. Tugadh é do Ernest Reginald McClintock Dix in 1909 agus tugadh é do leabharlann CnaG ina dhiaidh sin; 4 phrionta feistithe le Elizabeth Rivers: "Loading Cattle for the Galway Fair", "Hauling Turf from the Quay", "At the Celidhe", "Interval in the Celidhe".